Ceann de na feiniméin is spéisiúla faoin tráchtaireacht faoi chogadh na hÚcráine i saol na Gaeilge – sna meáin, sna meáin shóisialta agus sna tráchtanna faoi altanna ar Tuairisc – ná gurb iad an dream a bhí mícheart arís agus arís agus arís eile ina gcuid tairngreachtaí an dream is glóraí i gcónaí ag fógairt go cinnte cad tá chun tarlú anois. ‘Níl an Rúis chun ionradh a dhéanamh ar an Úcráin…’, ‘Titfidh Cív i gceann seachtaine…’ ‘Teipfidh ar fhórsaí na hÚcráine i gceann cúpla seachtain….’ ‘Tá teipthe ar fheachtas na hÚcráine chun cathair Kherson a athghabháil…’
‘Tá margadh déanta ag Trump agus Putin in Alasca chun deireadh a chur leis an gcogadh agus beidh ar an Úcráin agus an Eoraip glacadh leis…’.
Agus mar sin de.
Is cuma cé mhéad uair go náiríonn siad iad fhéin go poiblí, leanann siad orthu go ceanndána ag maíomh as a gcuid saineolais agus a gcumas tairngreachta. Le bheith féaráilte tá tráchtairí sna meáin Bhéarla, ar nós an Ghinearáil Ben Hodges a bhíonn go minic ar Times Radio, a bhíonn ag tuar cliseadh luath na Rúise nach mór gach dara seachtain le cúpla bliain anuas, ach ní fhéadfadh éinne a leithéid a chur i leith Mháirtín Uí Dhuibhir!
An gclisfidh ar an Úcráin i ndeireadh na dála? B’fhéidir é. Ach is cuma má cheapann tú gur rud maith nó olc é sin, léiríonn aon anailís fhuarchúiseach ar an bhfianaise nach bhfuil sé seo chun tarlú am ar bith go luath. Is léir do na blagadóirí cogaidh agus náisiúnaithe Rúiseacha é seo fiú. Maíonn an dream a deir ‘tá an Úcráin ar tí cliseadh’ go bhfuil an Úcráin gann ar shaighdiúirí mar go bhfaca siad físeán ar na meáin shóisialta d’fhear Úcránach á thógáil i gcoinne a thola ag lucht coinscríofa.
Ach nach bhfuil a leithéid ag teacht salach ar chinneadh na hÚcráine cead a thabhairt d’fhir idir 18-22 an tír a fhágáil? Dá mbeadh an Úcráin ar an dé deiridh nach mbeadh siad ag brú an dreama sin isteach san arm seachas á spreagadh le dul ag obair nó ag staidéar thar sáile? Ní hé sin le rá nach bhfuil brú ar an Úcráin agus iad ag troid i gcoinne arm atá i bhfad níos mó, ach tá an scéal i bhfad níos casta ná mar a thugtar le fios.
Deir an náisiúnaí Rúiseach, Igor Girkin nach bhfuil aon ‘aon ghá ag an namhaid daoine sa ghrúpa aoise seo a earcú’ mar nár éirigh leis an Rúis ‘an líne thosaigh a bhriseadh áit ar bith i rith an tsamhraidh. Lean sé air:
‘Níor éirigh linn aon rud a dhéanamh i rith an tsamhraidh ach amháin an namhaid a bhrú amach as Chasiv Yar sa deireadh, tar éis 16 mí d’ionsaithe — baile beag a bhfuil daonra 20,000 ann! Dá bhrí sin, cén fáth a mbeadh gá ag an namhaid le níos mó daoine má tá ag éirí leo leis na fórsaí atá acu cheana féin?’
Deir sé nach dtuigeann lucht tacaíochta an chogaidh fós nár cheart beag is fiú a dhéanamh de na hÚcránaigh agus gur chóir éirí as an seachmall ‘dá dteastódh uainn aon stró a chur orainn féin, bheimis i gCív agus bhuafaimis ar gach duine.’
Deir Girkin go bhfuil na hÚcránaigh ‘cliste, glic, acmhainneach, cruálach, diongbháilte, agus seasmhach’. Tar éis trí bliana go leith den chogadh ‘níl meas ná tuiscint ag roinnt bolscairí, ar an méid sin fós’, a deir sé.
Bhí Igor Girkin ar dhuine de cheannairí sheachfhórsaí na Rúise a thosaigh an cogadh i gcoinne na hÚcráine sa Donbas in 2014 agus ciontaíodh é in absentia i gcúirt sa Háig in 2022 i ndúnmharú 298 duine ar eitilt Aerlíne na Malaeisia MH17 nuair a scaoileadh diúracáin Rúiseacha léi agus í os cionn an Donbas. Tá sé i bpríosún anois ag Putin mar gheall ar a cháineadh ar easpa dul chun cinn na Rúise sa chogadh. Is ar éigean go gcuirfí ina leith gur bolscaire ar son na hÚcráine é.
Ó Eanáir 2024, tá níos lú ná 1% de chríocha na hÚcráine gafa ag an Rúis agus tá 7% níos lú den tír faoina smacht ná mar a bhí i mí an Mhárta 2022. Ní hionann aon chuid de seo agus a rá nach bhfuil an Úcráin ar a cosaint anois nó nach gclisfidh ar an Úcráin am éigin amach anseo.
Níl ann ach fianaise láidir nach bhfuil sé chun tarlú am ar bith go luath agus go bhféadfadh an cogadh seo leanúint ar aghaidh cúpla bliain eile gan aon bhua soiléir ag ceachtar taobh. Agus níltear fiú ag cur san áireamh anseo na bagairtí don Rúis, amhail feachtas míleata éifeachtach na hÚcráine i gcoinne thionscal ola na tíre agus na fadhbanna i ngeilleagar na Rúise atá ag dul in olcas.
Uaireanta freisin baineann daoine nach bhfuil eolas ar bith acu ar shochaí na hÚcráine nó aithne ar bith acu ar Úcránaigh úsáid roghnach as staitisticí pobalbhreithe le tabhairt le fios go bhfuil na hÚcránaigh réidh le géilleadh d’éilimh na Rúise ar mhaithe le stop a chur leis an gcogadh. Ach éinne a bhfuil aithne acu ar Úcránaigh nó a dhéanann scagadh ceart ar thorthaí na suirbhéanna tuigfidh sé nach mar sin atá ar chor ar bith.
Tá muintir na hÚcráine sásta anois glacadh le plean síochána a fhágfaidh na críocha atá gafa ag an Rúis faoi láthair faoi smacht de facto na Creimile, ach de réir na pobalbhreithe is déanaí ó Institiúid Socheolaíochta Chív diúltaíonn 76% acu glan amach do phlean síochána na Rúise (srianta ar airm, cosc buan ar bhallraíocht in NATO, géilleadh tuilleadh tailte don Rúis ná mar atá gafa aici agus araile). Ghlacfadh 54% le plean na hÚcráine agus na hEorpa (aitheantas de facto ach ní de jure ar smacht na Rúise ar na críocha gafa, agus barántas slándála don Úcráin a mbeadh Meiriceá agus an Eoraip páirteach ann).
Cén fáth mar sin go gcuireann daoine dallamullóg orthu féin arís agus arís agus arís eile?
Bímis ionraic – ní thugann mír anailíse ‘ar thaobh amháin x, ach ar an taobh eile y’ an cic dopaimín céanna dúinn is a thugann alt a dheimhníonn na luachanna nó an creideamh atá againn cheana féin. Tá sé níos deise agus níos compordaí maireachtáil sa réaltacht ar mian linn maireachtáil ann, seachas dul i ngleic le castacht agus doiléire an tsaoil agus a bheith ag déanamh imní faoi fhianaise agus faisnéis agus faoin éiginnteacht. Tá gá againn le hardú meanman beag, an mothú go bhfuil an ceart againn. Agus sin é díreach a chuireann na halgartaim ar YouTube agus ar na meáin shóisialta ar fáil dúinn.
Fág freagra ar 'Seachain an cic dopaimín má tá tú ag iarraidh an cogadh san Úcráin a thuiscint'