Sea, bíonn tú ag análú gach lá… ach cén cineál análaithe atá á dhéanamh agat?

Nuair a easanálaíonn tú, ní aer amháin atá á ligean amach agat. Tá tú ag scaoileadh le bruscar an choirp agus ag tabhairt deis don chorp scíth a ligean…

Sea, bíonn tú ag análú gach lá… ach cén cineál análaithe atá á dhéanamh agat?

Chuaigh mé ar shiúlóid álainn i rith na seachtaine i gCoill Bhearna. Cé gur scéal brónach é go bhfuil na crainnte leagtha tar éis na stoirme ag tús na bliana, bhí áilleacht éigin le mothú ann fós. Tá dealbha cruthaitheacha déanta as na crainnte móra a thit, agus mar gheall gur thit cuid de na crainnte móra, bhí solas úr ag briseadh isteach sa choill. Solas nach raibh le mothú ann riamh cheana. Mhothaigh mé gur léiriú beag a bhí ann ar an saol féin, fiú nuair a thiteann rud éigin, is féidir le rud nua álainn teacht as.

Bhíos ag siúl liom féin nuair a chas mé ar sheanchara. Thosaigh muid ag caint agus cuireadh ceist choitianta orm, “Céard atá ar siúl agat le do chuid oibre?”

Go dtí le deireanaí, bheadh drogall orm an cheist sin a fhreagairt. Bhí sé deacair agam cur síos a dhéanamh ar an méid atá idir lámha agam, agus uaireanta bhraith mé go mbeadh daoine ag smaoineamh gur rud aisteach é.

Ach anois tá dearcadh difriúil agam air, mar tá mé i ndáiríre tar éis an chumhacht san obair seo a fheiceáil, san obair anála agus sa chóitseáil, agus an tionchar atá aici ar dhaoine ag chuile aois. Chabhraigh sé liom féin ar feadh na mblianta, agus sin é an fáth is mó go bhfuil mé ag iarraidh é a roinnt anois.

D’inis mé do mo chara go bhfuil mé i mo chóitseálaí agus i m’áisitheoir anála. Rinne sí gáire beag. “Ach bím ag análú gach lá cheana féin!” a dúirt sí.

Is fíor go mbíonn muid ar fad ag análú gach lá, ní bheadh muid beo murach é sin, ach an mbíonn muid i gcónaí ag tabhairt airde ar an gcaoi a mbíonn muid ag análú? Ní bhíonn.

Tá sé cosúil le bheith ag siúl thart gan a thabhairt faoi deara cá bhfuil do chosa ag dul. Tá an corp ag déanamh a chuid oibre, ach d’uireasa ár n-airde, is minic nach mbíonn sé ag obair ar an mbealach is sláintiúla.

Chuir mé an cheist uirthi, “Cén chaoi a mbíonn tú ag análú de ghnáth?”
“Trí mo shrón, cheapfainn,” ar sise.

“Bhuel, bí cinnte de sin,” a dúirt mise. “Tá sé i bhfad níos sláintiúla análú tríd an tsrón gach lá, mar tugann sé cosaint dúinn.

“Smaoinigh air mar seo, nuair a análaíonn tú tríd an tsrón, tá sé ar nós uisce glan a ól. Ach nuair a dhéanann tú é tríd an mbéal, tá sé cosúil le huisce beagán salach a ól.”

Bhí ionadh uirthi. “Níor smaoinigh mé air sin riamh. Ach beidh mé ag cuimhneamh air as seo amach.”

Nuair a thógann tú anáil isteach líonann do scamhóga le hocsaigin, iompraíonn do chuid fola í ag gach cill i do chorp, bíonn do chroí ag bualadh beagán níos tapúla, agus faigheann do chorp agus d’intinn fuinneamh uaidh.

Agus nuair a easanálaíonn tú, ní aer amháin atá á ligean amach agat. Tá tú ag scaoileadh le bruscar an choirp, rudaí nach dteastaíonn uait a thuilleadh, agus ag tabhairt deis don chorp scíth a ligean. Tugann anáil isteach fuinneamh duit, agus fuasclaíonn anáil amach thú.

Agus í ag gáire, dúirt sí, “tá sé sin go hálainn, níor chuala mé é sin riamh.”

Agus ag deireadh ár siúlóide, dúirt mé léi: “Mar sin an chéad uair eile a análaíonn tú isteach agus amach, fiafraigh díot féin, an bhfuil mé ar ‘autopilot’, nó an mise atá i gceannas ar m’análú anois?”

– Is as Leitir Móir na Coille i gCamas i gConamara í Marian Ní Chonghaile. Cóitseálaí saoil agus saineolaí ar an obair anála í agus déanann sí ceardlanna anála i nGaeilge agus i mBéarla. Tá tuilleadh eolais: www.thrivewithmarian.com

Fág freagra ar 'Sea, bíonn tú ag análú gach lá… ach cén cineál análaithe atá á dhéanamh agat?'

  • D

    Treise leat, a Mharian.

  • Pádraig

    Dá mbeinnse im chónaí i gCamus, Conamara, nó aon áit ar chósta an iarthair bheadh mo bhéal AGUS mo pholláirí ar leathan-oscailt agam agus mé ag iarraidh aer álainn úr na farraige a shú isteach im scámhóga.
    Nach é JM Synge adúirt go bhfuair sé blas fíona ar an aer óna chathaoir istigh sna hoileáin?
    Château Neuf de l’Isle, b’fhéidir?