Sé bhaile Gaeltachta ar liosta an EPA maidir le séarachas amh

De réir na tuarascála is déanaí ón EPA caithfear infheistíocht mhór chaipitil a dhéanamh chun córais chóireála éifeachtacha a chur ar fáil

Sé bhaile Gaeltachta ar liosta an EPA maidir le séarachas amh

Tá sé bhaile Gaeltachta ar liosta na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil (EPA) de bhailte óna bhfuil séarachas á scaoileadh chun siúil i lochanna, aibhneacha agus farraigí na hÉireann.

De réir tuarascáil nua de chuid an EPA tá dramhuisce neamhchóireáilte, nó séarachas amh, á scaoileadh chun siúil ó dhá bhaile i nGaeltacht na Gaillimhe, An Cheathrú Rua agus an Spidéal agus ó cheithre bhaile Gaeltachta i nDún na nGall, Ailt an Chorráin, An Fál Carrach, An Cheathrú Chaol agus Cill Charthaigh.

38 baile sa stát atá luaite ag an EPA ar an liosta seo agus deirtear go bhféadfadh go mbeadh tamall maith ann sula gcuirfear deireadh le fadhb an tséarachais amh i bhformhór mór na gceantar sin toisc moill mhór a bheith ar an obair maidir le córais chóireála chearta a chur ar fáil.

Chuir an EPA an dlí ar Uisce Éireann in 2017 mar gheall ar dhramhuisce neamhchóireáilte a bheith á scaoileadh chun siúil i gcónaí i naoi gceantar, an Spideál ina measc. D’íoc Uisce Éireann fíneáil €7,586 i gcás an Spidéil.

Tá na sé cinn de bhailte Gaeltachta luaite chomh maith ar liosta an EPA den 132 ceantar uirbeach sa stát ina dteastaíonn feabhas maidir leis an gcóras cóireála dramhuisce chun go mbainfí spriocanna timpeallachta amach.

Tá An Tearmann i nGaeltacht Dhún na nGall luaite chomh maith ar an liosta sin.

De réir na tuarascála, Urban Waste Water Treatment report 2017, a foilsíodh ar maidin, caithfear infheistíocht mhór chaipitil a dhéanamh chun córais chóireála éifeachtacha a chur ar fáil sna ceantair seo agus deirtear freisin gur gá tograí infreastruchtúir a chur i gcrích ar bhealach níos éifeachtaí chun deireadh a chur le moilleadóireacht.

Tarlaíonn go mbíonn dramhuisce neamhchóireáiltee truaillithe ag baictéir agus víris dhíobhálacha agus is baol é do shláinte an phobail, d’éiceachórais uisce agus don luach taitneamhachta a bhaineann le huiscí na hÉireann.

Fág freagra ar 'Sé bhaile Gaeltachta ar liosta an EPA maidir le séarachas amh'

  • Carraig

    A leithéid de chac!