Cúig nó sé bliana ó shin, d’éirigh duine de ghrúpa cairde a raibh mé mór leo ó aimsir na meánscoile i leith as a bheith ag caint leis an gcuid eile againn.
Thar oíche, stop sí ag freagairt an ghutháin. Léirigh na ticeanna gorma in aice leis na teachtaireachtaí a chuir muid chuici ar WhatsApp gur léigh sí iad – ach freagra ní bhfuair muid. Níor bhlocáil sí muid, ach thóg sí balla ciúnais timpeall uirthi féin nárbh fhéidir a bhriseadh.
D’inis a deirfiúr óg dúinn ó shin nach raibh ár gcara i dteagmháil le héinne a thuilleadh ach lena cuid comhoibrithe. Bhí fadhbanna síceolaíocha aici, agus dúnadh isteach inti féin mar a bheadh oisre ann an réiteach a bhí aici.
Thart ar an am céanna, d’éirigh fear a raibh mé mór leis as a bheith ag caint liom thar oíche freisin. Bhlocáil seisean mé, agus lean an ciúnas sin deich mí.
Tá mé féin agus an fear sin mór lena chéile arís, ach bhí an dochar déanta. Tar éis do bheirt dlúthchairde iompú ina scáileanna orm laistigh d’achar cúpla mí, chuaigh lúb éigin ar lár i m’intinn féin.
Thosaigh mé ag seiceáil an raibh gás an tsoirn múchta agam ar fhágáil an tí dom. Ní uair amháin, ach ocht, deich, dháréag uair. Murar leor sin, thosaigh mé ag seiceáil an raibh an doras curtha faoi ghlas i gceart agam tar éis dom é a dhúnadh i mo dhiaidh. D’éirigh liom cnaipe amháin de chuid an tsoirn a bhriseadh ar an gcaoi sin agus glas an dorais a chur as a riocht. (Níl aon seasamh i dtáirgí na linne seo.)
Ba é an chaoi nach raibh muinín agam as an saol a thuilleadh: lá amháin, bhí beirt chairde agam agus an chéad lá eile ní raibh. Mura bhféadfainn brath ar chairde ar shíl mé ar chuid den – maith dom an Béarlachas – ar chuid den troscán iad, an bhféadfainn brath ar ghnáthuirlisí tí?
Creid é nó ná creid ach thóg sé blianta fada orm a oibriú amach díreach cé chomh tromchúiseach agus a bhí an lúb ar lár i m’intinn féin. Go bunúsach, b’ionann an ath- agus athsheiceáil a bhí á déanamh agam ar an an ngás agus ar an doras agus a rá gur chreid mé go bhféadfadh nithe neamhbheo ar nós cnaipí an tsoirn agus glas an dorais bogadh as a stuaim féin; go deimhin go raibh toil acu agus go bhféadfadh siad a bheith ar tí fealladh orm.
Labhair mé faoi le mo chara, an scríbhneoir agus an síceolaí, agus bhí comhairle fhíorshimplí aige dom: ‘Níl ach bealach amháin chun éirí as: gan é a dhéanamh a thuilleadh.’
Tobstaonadh, i bhfocail eile – seachas na hiarrachtaí gan dealramh a bhí á ndéanamh agam féin líon na n-uaireanta a seiceálainn an gás agus an doras a laghdú: cúig uaire in ionad deich n-uaire, agus mo bhealach a dhéanamh síos chomh fada le ‘huair ar bith’ de réir a chéile.
Tá mé díreach tar éis bogadh go teach nua, agus rith sé liom gur mhaith an tráth é seo chun comhairle mo chara a chur i bhfeidhm. Tá roinnt de na siomptóim a shamhlaítear leis an ‘éirí as’ orm, déarfaidh mé mar sin é, ach tá mé dóchasach go n-éireoidh liom an lámh in uachtar a fháil ar an tsíor-imní.
Ar mhí-ámharaí an tsaoil, mairimid i ré inar cuid den saol é an ‘góstáil’ (is ea, sin é an Ghaeilge a d’aimsigh mé ar ghosting sna foclóirí ar líne.) Go deimhin, tá aipeanna ann a chothaíonn an cineál sin iompair, ach ar scála beag: tabharfaidh mé ‘mionghóstáil’ air. Tá an t-ardán Snapchat bunaithe ar an gcoincheap sin, gan dabht, agus sin an fáth nach mbainfinn úsáid as go brách – ach tá an áis ar WhatsApp a ligeann duit teachtaireachtaí a scrios tar éis duit iad a sheoladh chomh dona céanna. Soicind amháin tá teachtaireacht ann, an chéad soicind eile tá sí imithe, agus ag ceistiú a intinne féin a fhágtar an té a fheiceann na focail ‘scriosadh an teachtaireacht seo’.
JP
‘Cogadh na gCarad’ (Éire, an Spáinn srl). ‘Is fearr fuacht do charad ná teas do namhad.’ ‘Is fearr an t-uaigneas ná droch-chomhluadar.’ ‘Is measa cara fealltach ná namhaid follasach.” Tús caradais an aithne cheart.” Is iomaí fíorcharaid a scaras an fharraige óna chéile.”
…Beidh mise i bpáirt leat’, mar adúirt an sionnach leis an gcoileach.’ An té a bhíonn thuas óltar deoch air, an té a bhíonn thíos buailtear cos air.’ ‘Níl rud ar bith is lú nádúr… ná an duine.’ “Éist liom a Chríost, a Chara mo chroí, an charraig seo im chroí, corraig í, is ó mo dhearcaibh lig síos na sruthaibh aithrí a bhéarfaidh go crích Flaithis mé….” (É siúd do chara…)
A O'D
piosa suimiul e seo
Gearoid
A Alex, tá mór agam do chuid misnigh ‘s ionracais.