‘Scríbhneoirí lae’ agus ‘scríbhneoirí oíche’

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: b’fhiú do scríbhneoirí triail a bhaint as obair an chuid sin den lá nach mbíonn siad i mbun oibre go hiondúil.

‘Scríbhneoirí lae’ agus ‘scríbhneoirí oíche’

Tá ‘scríbhneoirí lae’ agus ‘scríbhneoirí oíche’ ann, dar leis an saoi ar cheird na scríbhneoireachta ón Ísiltír, Jan Brokken.

Bíonn aird ar leith agam ar thuairimí Brokken ar chúrsaí pinn, ní hamháin toisc gur úrscéalaí agus scríbhneoir neamhfhicsin aitheanta é, ach toisc go bhfuil taithí na mblianta aige ag múineadh na ceirde agus, go háirithe, toisc go mbíonn an chomhairle a bhíonn aige bunaithe, ní hamháin ar a thaithí féin, ach ar thaithí scríbhneoirí eile.

Ar feadh na mblianta, bhí mórshraith ag Brokken san iris chúrsaí reatha HP/De Tijd inar chuir sé agallamh ar scríbhneoirí mór le rá faoina gcur chuige agus iad i mbun pinn.

Ach ar ais chuig ceist na ‘scríbhneoirí lae’ agus na ‘scríbhneoirí oíche’. I rith an lae, bíonn an aigne níos bríomhaire agus bíonn an tsúil níos fuarchúisí, a scríobhann Brokken i gceann dá chuid leabhar faoin gceird, De wil en de weg (‘An dúil agus an dóigh’). San oíche, dar leis, bíonn an aigne níos oscailte do na mothúcháin agus na mianta.

Níl rud ar bith sa mhéid sin a chuirfeadh iontas ar dhuine, is dócha, ach domsa, pé scéal é, oscailt súl a bhí i moladh Brokken go gcaithfeadh scríbhneoirí a bhíonn ag obair i rith an lae go hiondúil súil ar a gcuid oibre arís san oíche, agus go gcaithfeadh scríbhneoirí a bhíonn ag obair i rith na hoíche de ghnáth súil ar a gcuid scríbhneoireachta arís i rith an lae.

Le mí anuas, tá triail á baint agam as comhairle Brokken. ‘Scribhneoir lae’ atá ionam féin, níl ceist ar bith faoi sin. Bím i mo shuí go gairid tar éis éirí na gréine agus is minic a chuirim tús le hobair scríbhneoireachta an lae roimh a hocht a chlog ar maidin. Fágaim mo dheasc ag a ceathair a chlog tráthnóna, tugaim aghaidh ar an ionad aclaíochta, agus go dtí le gairid, ní bhreathnaínn ar mo chuid scríbhneoireachta arís go dtí an mhaidin dár gcionn.

Ach tar éis dom teacht ar mholadh Brokken shocraigh mé súil eile a chaitheamh ar mo chuid oibre féin san oíche agus feictear dom go bhfuil go leor céille lena chomhairle. Bíonn an tsúil níos séimhe san oíche agus lena chois sin, rithfeadh smaointe leat nach rithfeadh leat i rith an lae. Iontas na n-iontas, thug mé faoi deara gur fearr a oireann an oíche do radharcanna gnéis – ach sa chás sin go háirithe feictear dom go bhfuil sé tábhachtach go gcaithfeadh scríbhneoir súil eile ar a scríobhfadh sé san oíche faoi sholas neamhthrócaireach an lae.

Fainic bheag do scríbhneoirí a bheadh ag iarraidh triail a bhaint as an gcur chuige seo iad féin, agus cuid dá gcuid scríbhneoireachta a dhéanamh sa chuid sin den lá nach mbíonn siad i mbun oibre go hiondúil. Ná déan an botún a rinne mise an chéad chúpla seachtain: ná caith lá AGUS oíche ag obair!

Fág freagra ar '‘Scríbhneoirí lae’ agus ‘scríbhneoirí oíche’'