Scríbhneoireacht Chruthaitheach 01 – Scéal – ‘Is fearr an tsláinte ná na táinte’

Scríbhneoireacht Chruthaitheach 01 - Déan na gníomhaíochtaí agus ansin léigh an saothar

Scríbhneoireacht Chruthaitheach 01 – Scéal – ‘Is fearr an tsláinte ná na táinte’

 Gníomhaíocht 1: 

An teideal: ‘Is fearr an tsláinte ná na táinte.’

  • Tarraing ciorcal i lár an leathanaigh agus cuir an teideal isteach ann.
  • Déan gach smaoineamh atá agat a chur ar an leathanach. Is cuma cé chomh haisteach is atá siad.
  • Déan na smaointe sin a roinnt le do pháirtí.
  • Déan iad a phlé/roinnt leis an rang.

 Gníomhaíocht 2: 

  • Déan smaoineamh/topaic amháin a roghnú.
  • Anois caithfidh tú slacht a chur ar an smaoineamh sin.
  • Struchtúr Scéil:
  1. Cruthaigh an comhthéacs
  2. Tarlaíonn eachtra tábhachtach
  3. An chríoch/an réiteach
  • Smaoinigh ar na ceisteanna thíos agus tú ag pleanáil an scéil.
  1. Cé hé/hí an príomhcharachtar?
  2. Cén sórt duine é/í?
  3. Cad atá uaidh/uaithi?
  4. Céard atá ag cur as dó/di?
  5. Céard iad na heachtraí tábhachtacha a tharlaíonn?
  6. Cén chaoi a dtarlaíonn siad?
  7. Cén uair?
  8. Cén áit?
  9. Cén chaoi a mothaíonn sé/sí?
  10. Cad deir sé/sí?
  11. Cad deirtear leis/léi?
  12. Cén chaoi a gcaitheann daoine leis/léi?
  13. Cén chaoi a ndéileálann sé/sí leis na heachtraí?
  14. Cad a athraíonn?
  15. Cén chaoi a bhfuil rudaí ag an deireadh?

 Gníomhaíocht 3: 

  1. Seomra éigeandála
  2. Aniar aduaidh
  3. Sceimhlithe i mo bheatha
  4. Drochscéal
  5. Gan aithne gan urlabhra
  6. Faoin scian
  7. Tháinig mé chugam féin
  8. Biseach orm
  9. Tástálacha
  10. Todhchaí
  • Tosaigh ag scríobh

 Gníomhaíocht 4: 

  • Déan an mhéid atá scríofa agat a roinnt leis an duine in aice leat.

 Gníomhaíocht 5: 

  • Seo an chéad alt as scéal samplach. An bhfuil tú in ann na bearnaí a líonadh.

 Gníomhaíocht 6: 

  • Ag obair leis an duine in aice leat déan iarracht a thuar cad a tharlaíonn ina dhiaidh seo.
  • Déan deich bpointe a scríobh.

 Gníomhaíocht 7: 

  • Seo cuid den alt deireanach, an bhfuil tú in ann é a chur in ord.

 Gníomhaíocht 8: 

  • Sula léann tú an saothar is féidir leis an múinteoir é a chlóbhualadh agus a ghearradh suas de réir na n-alt difriúil. Déanfaidh tusa agus do pháirtí iarracht an scéal a chur in ord.

 Is fearr an tsláinte ná na táinte

Tháinig an drochscéal aniar aduaidh ar Mháire agus ba dhóbair gur thit sí i laige. Nuair a rinne a máthair coinne leis an dochtúir an mhaidin sin ní raibh sí ag súil go bhfaigheadh sí scéal a bhainfeadh creathadh aisti. Cinnte ní raibh sí istigh léi féin le cúpla mí anuas. Bhíodh sí an-tuirseach gach maidin agus bhíodh pianta éagsúla uirthi. Thug sí neamhaird ar na rudaí sin ar fad, áfach. Dúirt sí léi féin nach raibh ann ach an strus agus brú a bhain le dul ar ais ar scoil i mbliain na hArdteiste. Rinneadh tástálacha fola coicís roimhe sin ach ní raibh ann ach an gnáthchleachtas leighis, dar léi.

Anois bhí sí suite in oifig bheag, chúng an dochtúra. Boladh aisteach ann. Cén fáth go mbíonn boladh aisteach i seomraí dochtúirí agus fiaclóirí i gcónaí?  Boladh an chógais? Boladh an fhaitís b’fhéidir? Boladh an drochscéil? An dochtúir ag monabhar leis go ciúin, cineálta faoi thástálacha, srl. Ní hé gur thug Máire an chluas bhodhar dó ach ní raibh sí ag éisteacht ach an oiread. ‘Ailse’ focal beag ait, focal a bhí cloiste go minic cheana. Focal agus galar go mbeadh uirthi aghaidh a thabhairt anois orthu.

Ní raibh a fhios aici cén fhad a chaith sí i bhfochair an dochtúra agus níl a fhios aici cé chomh fada is a chaith sí ag geata an fhoirgnimh ag féachaint ar a fón sular ghlaoigh sí ar a máthair. Bhí mearbhall uirthi, mearbhall a mhair ar feadh seachtainí, míonna fiú amháin.

An chuid ba mheasa den rud ar fad ná an drochscéal a insint do dhaoine; a tuismitheoirí, a seantuismitheoirí, cairde, comhghleacaithe spóirt, múinteoirí srl. Ba léir ón aoibh a bhí orthu ar fad nach raibh a fhios acu céard ba cheart dóibh a rá nó a dhéanamh. Bhíodar ar fad chomh tuisceanach agus cabhrach is a d’fhéadfadh siad a bheith, ach níor thuigeadar an suaitheadh agus an eagla a bhí ag cur as di.

Gan amhras níorbh í an Ardteist an chloch ba mhó ar a paidrín a thuilleadh. Lean sí uirthi ar aon nós. Ba chabhair bheag éigin é tabhairt faoi rudaí a raibh taithí aici orthu. B’fhaoiseamh é labhairt faoi chúrsaí staire, tabhairt faoi thurgnamh ceimice nó scéalta Gaeilge a scríobh, ba bhreá léi a bheith ag scríobh. B’fhearr rud ar bith ná bheith ag trácht ar thástálacha, obráidí agus cógais.

Faoi dheireadh is faoi dheoidh tháinig lá na cinniúna. Bhí sí le dul faoin scian. Cé go raibh eagla uirthi bhí sí sásta go rabhthas ag dul i mbun gnímh. Bhí sí buíoch den tacaíocht ar fad a fuair sí óna tuismitheoirí, cairde agus comhghleacaithe.

Nuair a d’oscail sí a súile arís bhí an máinlia ina sheasamh le taobh na leapa lena tuismitheoirí. Aoibh an gháire orthu ar fad. Bhí a fhios aici ar an bpointe gur éirigh leis an obráid. Cé go mbeadh bóthar fada le siúl aici go fóill bhí na cosa tugtha léi aici agus bhí deis aici smaoineamh ar an todhchaí arís.

Mí tar éis na hobráide d’fhill sí ar an scoil. Cé go raibh sí fós lag agus faoi chúram dochtúirí theastaigh uaithi filleadh ar chaint na staire, turgnaimh na ceimice agus na scéalta Gaeilge. Thug sé ardú croí agus meanma di a bheith ina ‘gnáthdhéagóir’ arís. Ní raibh éinne eile ag súil go ndéanfadh sí gaisce san Ardteist. Ba chuma. Ba ghaisce ann féin é an scrúdú a dhéanamh. Ba é an scrúdú Gaeilge a céad scrúdú. D’oscail sí leathanach na scéalta. An chéad teideal: ‘Is fearr an tsláinte ná na táinte.’ Mise dá rá leat go raibh scéal le scríobh ag Máire an mhaidin úd.

Fág freagra ar 'Scríbhneoireacht Chruthaitheach 01 – Scéal – ‘Is fearr an tsláinte ná na táinte’'