Scoileanna, réamhscoileanna agus institiúidí tríú leibhéal na tíre le dúnadh ó 6pm inniu go dtí an 29 Márta

Is ionann fógra an lae inniu agus an dara céim san iarracht dul i ngleic le scaipeadh an ghalair, céim an mhoillithe.

Scoileanna, réamhscoileanna agus institiúidí tríú leibhéal na tíre le dúnadh ó 6pm inniu go dtí an 29 Márta

Tá scoileanna, réamhscoileanna agus institiúidí tríú leibhéal na tíre le dúnadh ó 6pm inniu go dtí an 29 Márta de bharr phaindéim an Covid-19.

Dúnfar freisin institiúidí cultúrtha ach níltear ag moladh go ndúnfaí siopaí ná bialanna.

D’fhógair an Taoiseach an méid sin in Washington ar maidin, mar a bhfuil sé ar cuairt faoi láthair.

Tá na beartais nua bunaithe ar chomhairle na Foirne Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí.

D’fhógair sé chomh maith go mbeifí ag súil go gcuirfí ar ceal cruinnithe poiblí taobh istigh sa chás go mbeadh níos mó ná 100 duine i láthair agus cruinnithe poiblí taobh amuigh sa chás go mbeadh níos mó ná 500 duine i láthair.

Cuirfear daoine a thagann thar tír isteach ar an eolas faoi na beartais nuair a luaithe is a thagann siad anseo.

Dúirt Leo Varadkar gur chóir do dhaoine obair ón mbaile dá bhféadfaí é agus gur chóir do dhaoine gan a bheith ag an obair ag an am céanna ná sos a thógáil ag an am céanna más féidir.

Táthar ag iarraidh ar dhaoine, agus daoine amach san aois go háirithe, a laghad teagmhála a bheith acu le daoine eile agus is féidir.

Is ionann fógra an Taoisigh agus an chéad chéim eile den iarracht dul i ngleic le scaipeadh an ghalair, céim an mhoillithe.

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar agus an Tánaiste Simon Coveney nár cuireadh a leithéid de dhianbheartais i bhfeidhm riamh cheana agus gur cinnte go gcuirfeadh siad as go mór do dhaoine agus gan aon aon taithí acu ar a leithéid.

Deimhníodh tráthnóna inné go raibh duine tar éis bás a fháil de bharr an ghalair Covid-19 in Éirinn.

Ba é seo an chéad duine a bhásaigh de bharr an ghalair sa tír seo.

Deimhníodh 11 cás nua den ghalar Covid-19 in Éirinn inné, naoi gcás ó dheas den teorainn agus dhá chás ó thuaidh. 61 cás ar fad atá anois deimhnithe in Éirinn, 43 cás ó dheas agus 18 cás ó thuaidh den teorainn.

Dúirt an Eagraíocht Sláinte Dhomhanda inné go raibh Covid-19 anois ina phaindéim.

Dúirt ceann feadhain an WHO Tedros Adhanom Ghebreyesus tráthnóna go raibh an galar á scaipeadh chomh forleathan agus chomh tréan sin gur paindéim a bhí i gceist, cur síos nár úsáideadh roimhe seo.

Cloch mhíle eile i scéal scaipeadh an ghalair ab ea ráiteas an WHO tráthnóna inné.

Dúirt Tedros Adhanom Ghebreyesus go raibh breis is 118,000 cás de Covid-19 anois in 114 tír agus nach mór 3,000 duine curtha den saol aige.

Dúirt an WHO gur údar mór imní don eagraíocht an scaipeadh “scanrúil” atá á dhéanamh ag an ngalar agus an “easpa gnímh scanrúil” atá á dhéanamh chun é a chosc.

Mhol Tedros Adhanom Ghebreyesus tráthnóna na dianbheartais i gcoinne an ghalair a bhí ar bun i dtíortha amhail an Iodáil, ach cháin sé siléig thíortha eile nár ainmnigh sé.

“Easpa acmhainní atá ag cur as do thíortha áirithe. Easpa áiseanna atá ag cur as do thíortha eile. Agus easpa diongbháilteachta atá ag cur as do thíortha eile,” arsa ardstiúrthóir an WHO.

Tinneas éadrom nó measartha éadrom a bhíonn ar dhaoine i gcás 80% de chásanna Covid-19, bíonn sé tromchúiseach i gcás 14% agus an-tromchúiseach a bhíonn sé i gcás 6%.

Fág freagra ar 'Scoileanna, réamhscoileanna agus institiúidí tríú leibhéal na tíre le dúnadh ó 6pm inniu go dtí an 29 Márta'

  • Gerry

    A chara,
    Seans ar bith giotaí beaga dírithe ar páistí scoile agus iad sa bhaile as seo amach.Scealtaí, rannta,srl.Ba choir a leithid a bheith agaibh ar aon nós leis an glúin óg a mhealladh chuig bhur suíomh. Le meas Gerry