Scéim nua le seoladh in 2024 chun labhairt na Gaeilge a spreagadh i gcomhlachtaí Gaeltachta

Cuireadh tús le hathbhreithniú in 2021 nuair a tuairiscíodh nach raibh aon taifead ag an Údarás d’aon chás le deich mbliana inar coinníodh deontas ó chomhlacht mar nár chloígh siad le coinníollacha teanga

Scéim nua le seoladh in 2024 chun labhairt na Gaeilge a spreagadh i gcomhlachtaí Gaeltachta

Beidh 2024 againn ar a luaithe sula bhfeicfear toradh ar thaighde atá á dhéanamh ag Údarás na Gaeltachta faoi labhairt na Gaeilge i gcomhlachtaí dá chuid. 

Tá athbhreithniú ar bun ag an eagraíocht fiontraíochta agus teanga ó 2021 maidir le húsáid agus cur chun cinn na Gaeilge ina cliantchomhlachtaí, ach deir Aire na Gaeltachta go mbeidh tús na bliana seo chugainn ann faoin am a mbeidh an tÚdarás réidh lena scéim tacaíochta teanga nua a sheoladh. 

Ag labhairt di sa Dáil inniu, dúirt an tAire Catherine Martin go raibh an tÚdarás fós i mbun taighde faoi conas is fearr labhairt na Gaeilge a spreagadh ina gcliantchomhlachtaí. 

Dúirt sí go raibh an eagraíocht ag obair faoi láthair ar an tríú céim den athbhreithniú ar chás na Gaeilge sna comhlachtaí Gaeltachta a dtugann siad maoiniú dóibh. Tá iarracht á déanamh, a dúirt sí, na moltaí a tháinig ón obair thaighde a chur i bhfeidhm agus scéim tacaíochta nua a fhorbairt. 

Dúirt an tAire Martin gurbh í an aidhm a bheidh leis an scéim sin fostaithe na gcliantchomhlachtaí a spreagadh chun an Ghaeilge a úsáid ag an láthair oibre, sa bhaile agus sa phobal. Thug sí le fios go mbeidh an scéim á soláthar ag an Údarás i gcomhar le dreamanna eile i réimsí an teaghlaigh, an luathoideachais agus na hóige. 

Dúirt an tAire go dtairgfear an scéim ar bhonn píolótach ar dtús “do líon aontaithe cliant” agus go ndéanfar cur chuige na scéime agus an t-éileamh atá uirthi a mheas. “Déanfar an obair seo idir seo agus deireadh na bliana agus tá an tÚdarás ag súil go mbeidh scéim nua réidh le fógairt ansin in Eanáir 2024,” a dúirt sí. 

Bhí an tAire ag freagairt ceist ón Teachta Dála Neamhspleách Catherine Connolly. 

Dúirt an Teachta Connolly gur léir go raibh dul chun cinn áirithe déanta ach dúirt sí freisin go raibh sí ag súil le tuilleadh eolais tar éis di breis is dhá bhliain a chaitheamh i mbun fiosraithe ar an scéal.  

Dúirt Connolly go raibh deich gcinn de cheisteanna Dála curtha aici ar Aire na Gaeltachta maidir leis an monatóireacht a dhéanann an tÚdarás ar na pleananna teanga a aontaítear le cliantchomhlachtaí dá chuid agus faoin obair athbhreithnithe atá ar bun. 

“Bhí mé ag súil le plean gnímh. Ceann de na freagraí a fuair mé roimhe seo, dúradh go mbeadh plean gnímh i gceist. Cá bhfuil an plean gnímh sin? An bhfuil an tuarascáil nó an anailís le foilsiú? An mbeidh muid in ann toradh na hoibre a fheiceáil agus neart airgid caite ag comhlachtaí chun an anailís seo a dhéanamh?” a d’fhiafraigh an Teachta Connolly. 

Cuireadh tús leis an athbhreithniú in 2021 tráth ar tuairiscíodh nach raibh aon taifead ag an Údarás d’aon chás le deich mbliana anuas inar coinníodh deontas ó chomhlacht mar nár chloígh siad le coinníollacha teanga. 

Ghlac suas le 800 fostaí i gcliantchomhlachtaí de chuid an Údaráis páirt i suirbhé mar chuid den dara céim den athbhreithniú inar iarradh a gcuid tuairimí faoi labhairt na Gaeilge san ionad oibre agus i measc an phobail. 

Dúirt an tAire Martin go raibh leasuithe a tháinig chun cinn ón chéad céim den athbhreithniú déanta agus iad sin curtha i bhfeidhm ó thús 2022 ar na córais agus an cur chuige riaracháin a bhíodh in úsáid ag an Údarás roimhe seo chun measúnú agus monatóireacht a dhéanamh ar na pleananna teanga atá aontaithe agus á bhfeidhmiú ag na cliantchomhlachtaí. 

Thug sí le fios go n-aontaítear plean teanga le comhlacht anois a mhaireann tréimhse trí bliana agus go mbíonn na spriocanna atá le baint amach gach bliain mar chuid den phlean. Dúirt an tAire go ndéantar measúnú ar chur i bhfeidhm an phlean gach bliain. 

Fág freagra ar 'Scéim nua le seoladh in 2024 chun labhairt na Gaeilge a spreagadh i gcomhlachtaí Gaeltachta'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Tá cuma go bhfuilthear ag díriú ar na ‘fostaithe’ ach caidé fá na bainisteoirí??
    Agus más cleachtas páipéarachais atá i gceist tá eagla orm go mbeidh go leor cuir i gcéill i gceist, sé sin, ag cuir rud amháin ar pháipéar don Údarás/Rialtas ach ag déanamh a mhalairt.
    Tá géarghá le ACHAN gnó sa ghaeltacht a chuir san áireamh, chan amháin na cliantchomhlachtaí atá faoi Údarás na Gaeltachta. Ní fheicim plean ar bith ó thaobh gnó na turasóireachta (ba cheart iad seo bheith ag díriú ar thurasóirí a bhfuil suim acu sa Ghaeilg), gnó bialainne, siopaí miondíola, ceirdeanna atá bunaithe sa ghaeltacht, srl – iad uilig ag saothrú airgead ón phobal áitiúil agus uathu siúd a bhfuil suim acu i labhairt na Gaeilge ach eagla orthu an Ghaeilg a chuir chun cinn sna gnónna s’acu mar ‘ní thuigfidh na béarlóirí muid’.
    NÍL AN GHAELTACHT ANN LE PLÁSAÍOCHT A DHÉANAMH AR BHÉARLÓIRÍ NÁ ORTHU SIÚD NACH BHFUIL GAEILGE AR A DTOIL ACU!
    Má tá siopa miondíola agat sa Ghaeltacht sé’n fáth go bhfuil tú ann ar chóir ar bith ná chun seirbhís agus táirgí a chuir ar fáil do phobal na Gaeltachta, agus cad chuige nach ndéanfá sin trí mheán na Gaeilge – teanga labhartha na Gaeltachta?

    Is maith go bhfuil taighde anois ag tarlú agus bheadh sé suimiúil a fheiceáil an gcaillfidh cliantchomhlacht ar bith aon mhaoiniú de thairbhe easpa dul chun cinn leis an Ghaeilg sa ghnó s’acu.
    Bheinn fosta ag moladh go dtosódh Fiontar Éireann (Enterprise Ireland) agus an Ghníomhaireacht Forbairt Tionscail (Industrial Development Agency) ag tabhairt aitheantais níos mó don Ghaeilg ina gcliantchomhlachtaí siúd nó bíonn Údarás na Gaeltachta ag plé leis na heagraisí stáit seo chomh maith (trí mheán an Bhéarla de réir mar a thuigim).
    COINNÍOLL GAEILGE DON GHAELTACHT ANOIS!