Gaelghiolcaire na Seachtaine
Ainm?
@ceartateanga (Coimisinéir Teanga)
Cé hé féin?
Cuntas oifigiúil Twitter Oifig an Choimisinéara Teanga, Rónán Ó Domhnaill. Ní hé an Coimisinéir féin atá ina bhun ach an bainisteoir cumarsáide san oifig. Cruthaíodh an cuntas an tseachtain seo caite agus cheana féin tá os cionn 230 giolcaire á leanacht.
Céard faoi a mbíonn sé ag giolcaireacht?
Cé nach bhfuil sé ar an bhfód ach seachtain nó mar sin, tá beagnach 100 giolc seolta ag @ceartateanga go dtí seo. Tá an cuntas á úsáid chun nuacht agus eolas faoin Oifig a scaipeadh ach táthar ag dul i mbun comhrá le lucht an leanta freisin agus ag déanamh athghiolcadh ar theachtaireachtaí a chuireann an Ghaeilge chun cinn.
Cén fáth a leanfainn é?
Is féidir gearán a dhéanamh le hOifig an Choimisinéara Teanga trí Twitter! An-smaoineamh a bhí ann glacadh le gearáin ar na meáin shóisialta. Níl le déanamh ach aird fhoireann na hOifige a tharraingt trí ghiolc a sheoladh chucu agus a dheimhniú gur mhaith leat go ndéanfaí gearán thar do cheann trí theachtaireacht dhíreach a chur. Tá an Oifig ar cheann de na huirlisí is tábhachtaí ag duine ar cás leis cearta teanga agus ba cheart d’aon ghiolcaire ar cás leis na rudaí céanna í a leanacht ar Twitter.
Giolc na Seachtaine
#rtept Joe Mc Hugh on Aran "is maith liom an chopper. Nil me sasta leis an eitlean. Ta mama sa cistin ta dadai sa gairdin, an dtuigeann tu?
— Declan Varley (@declanvarley) September 17, 2015
Tá scéal Árann fós i mbéal an phobail, agus bhí iontas ar lucht féachana Prime Time aréir nuair nach raibh an tAire Joe McHugh i láthair lena chinneadh a chosaint.
Bhain giolc Declan Varley gáire asainn!
An chaint sa tsráidbhaile ar líne…
Bhí Miriam O’Callaghan agus foireann Prime Time in Árainn le cúpla lá anuas agus mír á déanamh acu ar scéal Aer Arann agus Executive Helicopters. Craoladh an mhír ar an gclár aréir agus bhí muintir na hÉireann ag breathnú air. Bhí idir cháineadh agus mholadh do sheasamh na nOileánach maidir leis an tseirbhís ingearáin atá beartaithe d’Árainn, agus idir shúgradh agus dáiríre le brath sna giolcacha.
Ba i mBéarla a bhí a bhformhór acu agus corrcheann Gaeilge anseo is ansiúd. Seo thíos blaiseadh den méid a bhí le rá ag pobal Twitter faoin gclár.
#rtept How about a compromise and go with a hot air balloon.
— Conor Power (@conpower) September 17, 2015
IMHO the #aranislanders should declare themselves a republic and sell warship parking spaces to the highest bidders. @angiebeeb #rtept
— John Fitzpatrick (@JFTAXI) September 17, 2015
B’fhiú a lua go mbeadh droch thionchar aige ar an nasc láidir cultúrtha srl a mhaireann idir na hoileáin agus Conamara #rtept
— Éanna Ó Caollaí (@eocaollai) September 17, 2015
Great piece by @MiriamOCal on loss of Aer Arann service to Islands. More government stupidity. #rtept
— Peter (@pmbarrins) September 17, 2015
The government’s farcical treatment of Aran islanders is repeated in rural communities all per Ireland. No empathy! #rtept @RTE_PrimeTime
— Eoin Neylon (@eoinneylon) September 17, 2015
#rtept australia manages to fund a flying doctor service to remote areas and we cant a plane to the islands
— Iomhar Daly (@IomJD) September 17, 2015
#rtept #rte Woman complaining they are providing helicopter instead of plane. She won’t take the boat. #firstworldproblems
— Conor Power (@conpower) September 17, 2015
Isles of Scilly had passenger ferry, helicopter and fixed wing aircraft. They were concerned when helicopter withdrawn. They thrive #rtept
— Cuðbeorht (@cuthbertable) September 17, 2015
#rtept big fan of the islands, but there’s not a car taxed in 30 years on any of them so the “we pay out taxes” argument…no chance!
— Ronaldo Gggg (@rrrrrory) September 17, 2015
cormac
ar mhiste leat/libh earraiocht a bhaint as ‘soibearspas’ seachas an ghibris ‘on gCibearspas’? Nil aon deallramh leis an litriu sin. Tabhair ceannaireacht chun rudai a athru chun feabhais.