Scéal Willie Maley, an tÉireannach a d’imir d’Albain

Tharraing cásanna Aiden McGeady agus James McCarthy go leor conspóide ach d’imir Éireannach d’Albain i bhfad sular imir aon Albanach don tír seo

GD287340

Sa tréimhse roimh an gcluiche idir na foirne seo i mí na Samhna seo caite, ba iad Aiden McGeady agus James McCarthy a tharraing an chuid is mó den chaint. An chúis? Tógadh an bheirt acu i gceantar Castlemilk i nGlaschú ach bhí siad anois ag caitheamh geansaí glas na hÉireann.

Rinne daoine ar nós iarimreoir na hAlban, Gordon McQueen cáineadh géar ar McGeady agus McCarthy. Cheap sé go raibh sé scannalach go raibh an bheirt seo ag imirt do thír éigin eile seachas an ceann inar rugadh iad.

Is é an rud is greannmhaire faoin gconspóid uile ná gur imir Éireannach d’Albain i bhfad sular imir aon Albanach don tír seo. Tharla sé chomh fada ó shin leis an 19ú haois déag, ach tá an t-imreoir a bhí i gceist ar dhuine de na daoine is mó a d’fhág a lorg ar stair sacair na hAlaban.

Ar an 25 Márta, 1893, bhí bua suntasach ag foireann na hAlban ar Éirinn i gcluiche a chríochnaigh 6-1 i bPáirc na gCeilteach. Ag imirt don fhoireann baile an lá sin bhí Willie Maley, fear a bhí tar éis páirt lárnach a bheith aige sa ghreadadh a tugadh dá thír dhúchais.

Is san Iúr i gcontae an Dúin a rugadh Maley i 1868 ach is san Alban, agus le foireann Celtic go háirithe, a bhainsé cáil amach. Agus a athair in airm na Breataine, bhí Willie fós óg nuair a bhog an chlann sall chuig Glaschú.

Mar is eol do go leor, is Éireannach eile, an Bráthair Walfrid, a bhunaigh cumann Celtic i 1887. Ní raibh an club ar an bhfód ach le cúpla mí nuair a thug an Bráthair cuairt ar theaghlach Maley i gCathcart sa gcathair agus é ag cuardach imreoirí do chéad chluiche na foirne nua in aghaidh Rangers. Is timpiste a bhí ann gur imir Willie le Celtic ar chor ar bith mar, faoi mar a tharlaíonn sé, is ar thóir a dhearthár Tom a bhí an Bráthair Walfrid. Tugadh cuireadh don deartháir óg traenáil leis an bhfoireann chomh maith.

Bhuaigh Celtic 5-2 ar a bpáirc nua féin sa gcluiche, scóráil Tom Maley trí chúl agus chuaigh an cumann nua ó neart go neart sna blianta ina dhiaidh sin. Le linn tréimhse Willie leis an gclub bhuaigh siad an tsraith trí huaire agus Corn na hAlban uair amháin.

Faoin am gur ghlaoigh roghnóirí na hAlban air chun imirt dul ag imirt leis an bhfoireann náisiúnta, bhí Maley den tuairim gur cheart dó dílseacht a thaispeáint don tír ina raibh sé sa bhaile ann agus chaith sé geansaí na hAlban sa chluiche in aghaidh na hÉireann agus arís in aghaidh Shasana.

Cé go raibh an-rath ar Maley ar an bpáirc, is mar bhainisteoir is fearr a bhfuil aithne air. Ní raibh sé ach 29 nuair a cheap stiúrthóirí Celtic mar bhainisteoir an chub é 1897 agus ba é an chéad bhainisteoir a bhí ag an gcumann riamh. Bhuaigh sé an tsraith ina chéad bhliain sa bpost, é ag cur tús le tréimhse thar a bheith rathúil.

Faoi cheannas Maley, bhuaigh Celtic an tsraith gach bliain idir 1905 agus 1910 agus chuaigh siad 62 chluiche gan ceann a chailleadh idir 1915 agus 1917, curiarracht a sheasann fós sa mBreatain. Chaith Maley 42 bhliain san iomlán i gceannas ar Celtic  iomlán, ag buachan 30 comórtas (16 sraith agus 14 corn) idir 1897 agus 1940. I 2009, toghadh é isteach i ‘Hall of Fame’ sacair na hAlban.

Cé gur Éireannach sa chás seo ab ea an té a chinntigh go mbeadh an oiread sin ratha ar fhoireann Albanach, is bainisteoir eile ón tír seo a bhfuil dúil mhór ag muintir Ghlaschú ann, Martin O’Neill, a bheas ag iarraidh croí na nAlbanach a bhriseadh ar an Satharn.

Fág freagra ar 'Scéal Willie Maley, an tÉireannach a d’imir d’Albain'