Scéal téagartha faoi bhorradh agus meath impireacht Sheán Quinn

Thug an saothar toirtiúil Quinn Country léargas ar ghaiscí agus ar bhotúin a bhfuil a n-iarmhairtí fós á mbrath againn

Scéal téagartha faoi bhorradh agus meath impireacht Sheán Quinn

Tráth dá raibh bhí fear Dhoire Linn, Seán Quinn, ar an duine ba ghustalaí in Éirinn agus ar an 177ú duine ba shaibhre ar domhan. Faoi mar is eol dúinn ar fad chac sé ar na huibheacha i dtreo dheireadh shaolré an Tíogair agus táthar ag íoc go daor as botúin an Chuinnigh go fóill.

Bhí impleachtaí móra ann do mhuintir Uí Chuinn iad féin agus deineadh iad a dhíbirt as comhlacht an teaghlaigh. Do lean fothragadh agus foréigean an díbirt sin. Ní nach ionadh mar sin tá ábhar iontach saothar faisnéise i saol, gaiscí is botúin fhiontraí Fhear Manach (Quinn Country, RTÉ1 Dé Luain, Dé Máirt agus Dé Céadaoin). Go deimhin tá an scéal chomh téagartha, ilghnéitheach sin go raibh saothar tuairim is ceithre uair an chloig ag teastáil lena reic. An ghné is suntasaí den gclár ná go raibh ionchur ollmhór ón bhfear féin. Bhí cáil na cúlántachta ar Sheán riamh agus níorbh aon fhear mór cainte os comhair na meán é. Ní foláir nó gur mheas sé go bhfuil sé i sáinn agus go gcaithfeadh sé labhairt lena chlú is a oidhreacht a chosaint.

Thóg sé tuairim is ceithre bliana an saothar seo a thabhairt ar an bport. Ní deacrachtaí léirithe ba chúis leis an turas fadálach chun craolta ach an eagla go mbeadh iarmhairtí dlí ag baint le hábhar na sraithe. Léargas ann féin é sin ar íogaireacht agus conspóid ábhar an chláir faisnéise seo. Ba léir tapa go maith ar an Luan gur aimsigh an saothar ball íogair sa lucht féachana. Thosaigh lucht na meán sóisialta ag rith le brothall ó craoladh an chéad ghála den tsraith trí chlár agus dhein Prime Time mír faoi ar an Máirt.

Bhí an chéad chlár neamhurchóideach go maith agus cuntas á thabhairt ar óige Sheáin. Fásach eacnamaíoch ab ea a fhód dúchais agus dhein sé gaisce le gnóthaí gairbhéil, suiminte, gloine is árachais mar aon le réadmhaoin a cheannach i gcian is gcóngar. Chuir sé borradh nach beag faoin cheantar agus thuigfeá canathaobh go mbeadh daoine chomh dílis sin dó.

Cé nach raibh aon rud róchonspóideach sa chéad ghála faighimid éachtaint ar an bhfear é féin. Is duine geanúil é atá teann as a dhúchas. Fear caide, Tadhg an mhargaidh a bhí dílis dá phobal.  Ag an am céanna, áfach címid an fear gnó; duine diongbháilte, misniúil, fuarchúiseach, neamhthrócaireach.  Sin na tréithe ba chionsiocair le gaisce i ndiaidh gaisce ar pháirc an ghnó. De réir mar a bhogamar isteach sa dara agus sa tríú gála chonaiceamar rian den tsaint agus den chearrbhachas sa scaimh chun airgid.

Thug na gálaí sin éachtaint ar an gceangal cinniúnach le Banc Anglo Irish agus an phraiseach a lean. Na conarthaí difríochta míchlúiteacha úd arbh amhail le rúiléid é. Cad é castróvaics is uisce fé thalamh ag baint le húinéireacht na réadmhaoine thar lear agus muintir Quinn ag dul in adharca na cúirte.

Ní raibh sé fuirist dul siar an bhóithrín na smaointe seo; táim cinnte gur chuir an scéal drochmhianach ar mhórán. Cor urchóideach sa scéal ba ea an feachtas imeaglaithe agus damáiste do réadmhaoin a tharla i gceantar an Chuinnigh.

D’éirigh rudaí níos measa fós nuair a tosaíodh ag déanamh ionsaithe ar iarghiollaí gualainne Sheáin agus chuir an t-ionsaí brúidiúil ar Kevin Lunney déistin ar an bpobal. Mhaígh Quinn nach raibh baint ná páirt aige leis na hionsaithe seo ar fad ach níor léirigh sé mórán trua dos na híospartaigh ach an oiread.

Clár snasta, corraitheach, léargasach a bhí anseo ach mar go raibh an oiread sin ionchuir ón bhfear é féin, ba é a léamh siúd ar chúrsaí a fhaigheann tús áite. Dhein ionchur géarchúiseach ó leithéidí Fintan O’Toole agus Colm Tóibín iarracht é sin chúiteamh. Níor chuir Alan Dukes aon fhiacail ann ach bhí cúpla ráiteas uaidh faoi mhuintir na teorann nach raibh cóir ná ceart.

Níor taibhsíodh dom gur ghlac Séan Quinn freagracht chuí as na hiarmhairtí a bhaineann lena bhotúin ghnó. Bhí rian láidir den cheartaiseacht agus den fhéintrua le sonrú chomh maith agus ní bheidh glacadh ag mórán leis sin. Níor chabhraigh sé lena chás go raibh an iliomad seatanna breátha dá thigh galánta agus go raibh sé ag tiomáint timpeall ina Land Rover. Taibhsíodh dúinn gur fada ó bhancbhriste é. Mhaígh Dukes go neamhbhalbh go bhfuil cairéal i bhfolach san India agus san Eilvéis.

Fear é Seán Quinn a dhein gaiscí iontacha gnó, fear é chomh maith a dhein botúin ollmhór de bharr a chuid sainte.

Ní dhéanann an mhaitheas an dochar a mhaitheamh agus ní dhéanann an dochar neamhní den mhaitheas.

Fág freagra ar 'Scéal téagartha faoi bhorradh agus meath impireacht Sheán Quinn'

  • Breathnóir1

    Fonn orm an tsraith a fheiceáil tar éis dom an léirmheas a léamh, maith thú, ach tá ceist bheag agam do scríbhneoir an ailt: cad é a chiallaíonn ´castróvaics´?

  • jpmorley0@gmail.com

    ‘strans’…focal ait eile. ‘Tá strans ar a theanga’. Abairt a chuala ó Bhlascaodach anallód.