Scéal teacht in inmhe a thugann siar chuig Nua-Eabhrac ciníoch na n-ochtóidí sinn

Tugann scannán le James Gray éachtaint dúinn ar a óige féin agus ar chiníochas na n-ochtóidí

Scéal teacht in inmhe a thugann siar chuig Nua-Eabhrac ciníoch na n-ochtóidí sinn
Armageddon Time
Stiúrthóir/Scríbhneoir: James Gray
Cliar: Anne Hathaway, Jeremy Strong, Banks Rebeta, Jaylin Webb, Anthony Hopkins

Scéal teacht in inmhe atá in a thugann siar chuig Nua-Eabhrac na n-ochtóidí luatha sinn. Tá an saothar bunaithe ar chuimhní cinn James Gray ar a óige féin agus is é an fear céanna atá ar an stiúir. Teallaire ceart é Paul Graff (Repeta) atá sa séú rang i Queens; mórán suime aige san ealaín agus beagán suime aige sa scolaíocht. Cad é alfraitsíocht agus gach re sea aige leis an múinteoir.

Ní faic san i gcomparáid le tiarnúlacht agus teallaireacht a chomhscoláire Johnny (Webb), buachaill Meiriceánach Afracach a thugann íde na muc agus na madraí ar an múinteoir. Ní haon naomh é an múinteoir céanna is dearcadh uasal le híseal, ciníoch aige i leith an bhuachalla óig. Tá an ciníochas ina théama leanúnach síos tríd an saothar; tá an bheirt in aon rang agus níl an saol céanna acu. Is de bhunadh Giúdach é Paul agus saol meánaicmeach, sócúil á chaitheamh aige. A mhalairt ar fad atá ag Johnny.

Éiríonn an bheirt acu an-chairdiúil agus tosaíonn siad ag imeacht le haer an tsaoil. A mianta féin acu; Johnny ag iarraidh dul ag obair le NASA, Paul ag iarraidh a bheith ina ealaíontóir. Tá a fhios againn ná fíorófar brionglóidí Johnny, pé seans atá ag Paul. Címid an ciníochas pearsanta agus institiúideach ag teacht go barr uisce arís agus arís eile.

Taibhsíodh dom go mbeadh níos mó téagair sa saothar dá mbeadh níos mó de léargas faighte againn ar shaol Johnny; go mbeadh an dá scéal ag imeacht go hiomlán comhthreomhar lena chéile. Faoi mar atá sé tá Johnny in áit na leathphingine cé gur suimiúla i bhfad, agus gur crua i bhfad, an saol atá aige.

Teaghlach dlúth, grámhar atá ag Paul, ach brúidiúil ag an am céanna. I radharc fíochmhar amháin címid Paul ag fáil léasadh creasa brúidiúil ón athair. Tá an teaghlach seo uaillmhianach agus gan aon lé acu le gairm san ealaín. Nuair a chuirtear Paul chuig scoil phríobháideach címid toise dhorcha na huaillmhéine seo agus an ciníochas ag teacht chun solais arís.

Alltacht ar a chomrádaithe scoile gustalacha nua go mbeadh cairdeas ag Paul le duine den chine dubh agus ba dhóbair go dtiteann siad i laige nuair a cheapann gur thug Meiriceánach Afracach cuairt ar a thigh. Tá ról beag ag Fred Trump (athair Donald) agus a iníon Maryanne a thugann éachtaint ar phribhléid na scoile.

Tá caidreamh dlúth ag Paul lena sheanathair (Hopkins), Sasanach ó dhúchas a phós bean Ghiúdach a bhí ar a teitheadh ó ghéarleanúint na nGiúdach san Úcráin aimsir an dara cogadh mór. Theastaigh uaim go ndéanfaí a thuilleadh tochailte ar an gciníochas/géarleaúint seo agus an lorg a d’fhág sé ar an teaghlach.

Tá Hopkins ar fheabhas mar is dual dó ach is le Banks Rebeta agus Jaylin Webb an scannán seo; réalta thar oíche a dhéanann cuid mhaith den scannán a iompar eatarthu. Tá Hathaway í féin go maith agus déanann Strong a chúram go slachtmhar.

Ní chuireann an chríoch thruamhéalach aon iontas orainn ach fágann sé lorg orainn mar sin féin.

Fág freagra ar 'Scéal teacht in inmhe a thugann siar chuig Nua-Eabhrac ciníoch na n-ochtóidí sinn'