Scéal an Schindler Shasanaigh inste le cúram in ‘One Life’

Insíonn ‘One Life’ scéal Nicholas Winton, nó an Schindler Sasanach, mar a bhaist na meáin air

Scéal an Schindler Shasanaigh inste le cúram in ‘One Life’

‘An té a shábhálann duine amháin, sábhálann sé an domhan iomlán’ – athfhriotal ar shliocht ón Talmud. Is minic úsáid bainte as an ráiteas thuas agus cuimhním ach go háirithe ar Itzhak Stern (Ben Kingsley) á rá go mothúchánach le Oscar Schindler Liam Neeson) agus scéal Schindler’s List ag tarraingt ar cheann scríbe.

Tá an ráiteas thuas mar chuid de theideal an scannáin seo mar aon le bheith mar mháithreacha leis an scéal. Insíonn an saothar seo scéal Nicholas Winton, nó an Schindler Sasanach, mar a bhaist na meáin air. D’éirigh leis tarrac ar sheacht gcéad leanbh óg a tharrtháil ó uafáis na Naitsithe sa tSeicslóvaic.

Tugtar go Maidenhead Shasana sinn ag tús an scannáin; táimid sa bhliain 1987 agus tá Winton (Anthony Hopkins) ag druidim amach san aois. Tá sé ag iarraidh slacht a chur ar a oifig agus an páipéarachas ar fad atá cnuasaithe aige i gcaitheamh na mblianta. Tá cás leathair sa chófra a bhfuil drogall air a oscailt. Is ansin a thugtar siar go 1939 sinn agus Winton (Johnny Flynn) ag tabhairt faoi oirthear na hEorpa. B’ait liom nár léirigh siad dúinn cad a phioc é an chéad lá riamh turas a thabhairt ar an tSeicslóvaic le lámh chúnta a thabhairt.

Ba de shliocht Gearmánach Giúdach é Winton (cé gur Críostaí é féin); chuaigh a thuismitheoirí ar imirce go Sasana ag tús an fichiú haois.

Bíodh sin mar atá cuireann drochstaid na ndaoine óga as go mór dó. Tá dream beag Sasanach sa tír ag déileáil le teifigh pholaitiúla a thabharfaí chuig Sasana. Cinneann Winton rud éigin a dhéanamh faoi na leanaí.  Sé an maorlathas an dris chosáin is mó atá aige. Páipéarachas le cur i gcrích, tuismitheoirí altrama le hearcú, cúrsaí iompair le sortáil agus gan amhras airgead le bailiú. Déanann sé féin agus a mheitheal gaisce. Dhein leithéidí Doreen Warriner (Garai) agus Trevor Chadwick (Sharp) gaisce ar an talamh sa tSeicslóvaic agus ar uairibh ní dóigh liom gur thug an saothar a ndóthain aitheantais dóibh. Tá a mháthair féin (Bonham Carter) sáite sa chúram chomh maith agus is í atá deas ar cheart a bhaint d’oifigigh mhórchúiseacha.

Tá formhór de na hiardhearcthaí seo suite roimh thosach an Chéad Chogaidh Dhomhanda agus ní thugtar aon léiriú mór ar chruálacht an réimis Naitsíoch. Tá rian den eachtraíocht ag baint le hiarrachtaí na meithle na leanaí a thabhairt slán. Tá briseadh croí ag baint leis na radharcanna sa stáisiún traenach agus tuismitheoirí ag fágáil slán lena leanaí.

Tá an Winton críonna fós ciaptha ag cuimhní na tréimhse sin agus éiríonn le Hopkins dul go smior sa charachtar.  Níl sé bródúil as a ghaisce ach suaite faoin dream nár fhéad sé a tharrtháil, go mór mór iad siúd a bhí ar traein a bhí ag fágáil ar an 1 Meán Fómhair ach gur stopadh í.

Ní raibh aon chur amach ag an bpobal i gcoitinne ar éachtaí Winton agus ba nuair a thosaigh sé ag taispeáint a leabhar gearrthóg do dhaoine is ea a tosnaíodh ag cur suime sa scéal.

Shroich seo buaic le heagrán de That’s Life! mar ar insíodh scéal Winton agus gur cuireadh cuid de na leanaí ina láthair. Ba mhothúchánach an mhír é. Scéal an Schindler Shasanaigh inste le cúram.

Fág freagra ar 'Scéal an Schindler Shasanaigh inste le cúram in ‘One Life’'