Nuair a phléasc Meiriceá na buamaí adamhacha ar na cathracha Hiroshima agus Nagasaki i 1945, ní raibh a fhios ag éinne cá as a dtáinig an t-úráiniam a úsáideadh sna buamaí sin.
Tugadh le fios i scannán faisnéise ‘Soundtrack to a Coup d’État’ a chonaic mé le deireanas gur sa Chongó a frítheadh an mianra luachmhar sin. Agus tá cúrsaí mianadóireachta agus acmhainní nádúrtha eile i gcroílár an scannáin thruamhéalaigh seo.
Bhí sé ina scéal mór nuachta i dtús na seascaidí go raibh go leor tíortha san Afraic, a bhí faoi chuing an choilíneachais le fada, anois ag iarraidh neamhspleáchais.
Shílfeá nach mbeadh éinne ag cur ina choinne sin – nach raibh an ceart sin acu? Agus nach raibh tíortha na hEorpa agus na Stáit Aontaithe breá sibhialta agus féaráilte leis an dream nach raibh ach ag iarraidh a gcuid ceart?
Insíonn an scannán seo faoi mar a chuaigh tíortha ar nós na Beilge, na Fraince agus na Breataine, le cabhair mhór ó na Stáit Aontaithe, i mbun oibre chun na hacmhainní luachmhara a bhí acu sa Chongó a choinneáil faoina smacht féin. Insíonn sé scéal na ndaoine a bhí lárnach ann, agus faoi mar a tugadh ordú neamhbhalbh an Príomh-Aire nua, Patrice Lumumba, a mharú, rud a rinneadh faoi údarás oifigigh airm de chuid na Beilge.
Tugann an scannán seo siar muid go dtí na seascaidí nuair a bhí na Náisiúin Aontaithe i lár an aicsin – sa Cheannáras i Nua-Eabhrac agus sa Chongó freisin. Bhí an Congó ar cheann den 17 tír ‘nua’ a bhí anois ag glacadh páirt sna NA den chéad uair.
Bhí sé ina scéal mór an t-am sin nuair a thug an Ceannaire Sóivéadach Nikita Kruschev óráid ón stáitse agus nuair a bhuail sé an bord chun a chantal faoi imeachtaí sa seomra a thaispeáint.
Agus bhí Éireannach sáite i lár na conspóide. Cheapna NA an Dr Conor Cruise O’Brien, mar ionadaí speisialta ag an Rúnaí Ginearálta, Dag Hammarskjöld, chun neamhspleáchas an Chongó a mhaoirsiú.
Ach chinn an ceantar Katanga, a bhí ag cur thar maoil le mianraí, tarraingt amach ó thír an Chongó agus b’in an uair ar thosaigh an trioblóid i gceart. Thug O’Brien ordú go dtógfaí Katanga ar ais. Bhí sé ráite faoi gur as a chonlán féin a thug sé an t-ordú ach bhí sé ag feidhmiú de réir rún de chuid na Náisiún Aontaithe.
Bhí an Bheilg, go háirithe, ar buile faoin iarracht a rinneadh Katanga a choinneáil sa stát nua neamhspleách, An Congó. Ní hé amháin go raibh saibhreas tábhachtach úráiniam ann ach bhí mianraí eile ann a raibh luach dochreidte orthu, agus forlámhas ag an gcomhlacht mór Beilgeach ‘Union Minière’ orthu. Ní raibh siad chun scaoileadh leo chomh héasca sin.
Cuireadh ráfla amach gur Cumannach a bhí in Patrice Lumumba, Príomh-Aire nua an Chongó. Sheas sé an fód ach ba bheag an mhaitheas a rinne sé. Fiú amháin Kruschev féin, nuair a mhaígh sé nach Cumannach a bhí i Lumumba, níor creideadh é.
Dúirt Eisenhower, Uachtarán Mheiriceá, go raibh súil aige go dtitfeadh Lumumba isteach ‘in abhainn a bhí lán le crogaill’.
Ní raibh bás Lumumba, nuair a tharla sé, chomh drámatúil sin. Gabhadh é, tar éis ‘coup d’état’ a d’eagraigh na Stáit Aontaithe tríd an CIA. Tugadh ar bord eitleáin é agus céasadh arís agus arís eile é sular tugadh ar láimh dá naimhde in Katanga é – agus mharaigh scuad lámhaigh dá gcuid é, faoi cheannas oifigigh arm na Beilge.
Ina dhiaidh sin, tháinig an ceannaire Joseph Mobutu (ceannasaí an coup d’état agus an fear a thug Lumumba dá naimhde) i gcumhacht agus mhair a réimeas siúd go dtí 1997. Deirtear go raibh an ré sin ar cheann de na cinn ba bhrúidiúla agus ba fuiltí i stair Mhór-Roinn na hAfraice.
I gceann de na radharcanna spéisiúla sa scannán, tagann Rí Baudouin na Beilge os comhair an Chomhthionóil Náisiúnta sa Chongó agus an Príomh-Aire Patrice Lumumba ansin freisin. Lá an Neamhspleáchais atá ann – 30 Meitheamh 1960. Tugann Lumumba óráid fheanntach os comhair an rí ina ndéanann sé cur síos thar a bheith láidir faoi ré chruálach an choilíneachais agus an ‘sclábhaíocht a cuireadh i bhfeidhm sa Chongó le láimh láidir’.
Is cuimhin liom féin nuair a phós an Rí Baudouin, an banphrionsa Fabiola ón Spáinn. Bhí an lánúin sin i gcoróin sa mBeilg go dtí 1993, nuair a bhásaigh seisean. Ach níor chuimhnigh mé ag an am, nó b’fheidir nach raibh a fhios agam, gur shíolraigh an Rí Baudouin ón Rí Leopold 11 na Beilge. Níl insint scéil ar an méid crúálachais a chuir na Beilgigh i bhfeidhm sa Chongó le linn a réimeas siúd. Agus bhain an chuid is mó de na scéalta sin le oibriú na mianaigh luachmhara mianraí agus tionscal an ruibéir sa tír.
Thug an Rí Baudouin ardmholadh dá shinsear Leopold, le linn an tsearmanais an lá sin i 1960. Níorbh aon iontas gur spréach Lumumba agus é ag éisteacht leis.
Faoin mbliain 1961, bhí Lumumba maraithe. Agus i gcomhtharlúint nár míníodh riamh, bhásaigh ceannasaí na Náisiún Aontaithe Dag Hammarscholdt tamall ina dhiaidh sin i dtimpiste eitleáin sa réigiún. Níl aon tagairt dósan sa scannán ná don mhéid a tharla do Conor Cruise O’Brien.
Glaodh an Dr Conor Cruise O’Brien ar ais ón Chongó. Ach fuair na páipéir Shasanacha amach go raibh Máire Mhac an tSaoi, a bhí ag obair freisin do na NA, i gcaidreamh pearsanta leis, agus í ag caitheamh tamall sa Chongó ag an am.
Scannal mór a bhí ann, a fuair poiblíocht ní ba mhó ná an obair a bhí ar siúl aige roimhe sin thar lear. D’fhág Máire a post leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus ba ghearr ina dhiaidh sin gur fhág seisean a phost leo freisin. Go gairid ina dhiaidh sin, thairg Uachtarán Ghána, Kwame Nkrumah, post dó mar Sheansailéir ar Ollscoil Ghána.
Is é mac an Dr Cruise O’Brien, Patrick Cruise O’Brien a dhéanann cuid den tráchtaireacht ar an bhfadscannán seo.
Ghabh an Bheilg leithscéal oifigiúil sa mbliain 2002 le muintir Lumumba agus le pobal an Chongó faoin méid a rinne siad.
Ach bhí an dochar déanta. Agus a rian sin ar an tír go dtí an lá inniu.
Fág freagra ar 'Scéal an Chongó agus ról an choilíneachais inste in ‘Soundtrack to a Coup d’État’'