Ní leor corr-radharc ar chumas Davis le ‘Widows’ a tharrtháil

Déantar dhá scéal a chniotáil le chéile go liobarnach i scannán nua Steve McQueen

Ní leor corr-radharc ar chumas Davis le ‘Widows’ a tharrtháil

Widows
Stiúrthóir: Steve McQueen
Cliar: Viola Davis, Michelle Rodriguez, Cynthia Erivo, Elizabeth Debicki, Colin Farrell, Robert Duvall

Tá sé le maíomh ag Viola Davis go bhfuil sí ar dhuine den fhíorbheagán aisteoirí a chroch leo coróin thriarach na haisteoireachta. ’Sé sin duais Oscar (Fences), duais Emmy (How to Get Away With Murder) agus duais Tony (Fences). Lena chois sin is í an chéad duine, agus t-aon duine, den chine dubh ar éirigh leo an gaisce sin a dhéanamh. Aisteoir ildánach ar leith. Is fiú, dá réir, féachaint, ar aon táirge dá cuid.

Tá borradh faoi rólanna ban (ar an scáileán beag agus mór) ar na saolta seo. Gach rud ó Orange is the New Black agus House of Cards go dtí an gála ban den chnuasach Ocean. Ní chinntíonn iomadúlacht táirgí caighdeán, áfach agus ar an drochuair imíonn an saothar seo sa bhfraoch.

Rith sé liom luath go maith sa scannán gurbh í an laige is mó a bhí ann ná go raibh sé ag iarraidh an iomarca breac a thabhairt ar an bport. Taibhsíodh dom go mb’fhéidir gurbh fhearr a d’oirfeadh an t-iliomad scéalta is carachtar do shraith teilifíse.

Pé acu scéal é ag tús an scannáin tá Harry Rawlings (Neeson) agus a bhuíon robálaithe i mbun a gcúraimí. Teipeann orthu go tubaisteach agus cuirtear iad de dhroim seoil. Cuirtear abhaile orainn nach raibh baint ná páirt ag mná le coiriúlacht na bhfear. Go deimhin is beag é a gcur amach ar a ngníomhartha nó a gceird. Tá an bochtanas ag teannadh orthu agus tá coirpeach foréigneach ag bagairt orthu  is ag éileamh a choda. Spreagtar chun gnímh is chun comhghuaillíochta iad.

Is í Veronica (Davis), bean chéile Rawlings, a thugann le chéile iad. Dialann a fir ina glac aici is seift ceaptha aici a dhéanfaidh a gcótaí bána dóibh. Luíonn beirt eile (Rodriguez agus  Debicki) léi go drogallach is avae leo. Fan na slí déantar bean eile ar fad (Erivo) a earcú; gné eile den scéal nár cíoradh chun mo shástachta.

Murar leor sin, seo chugainn na Gael-Mheiriceánaigh; muintir Mulligan, athair is mac. Polaiteoir sleamhain, neamhthrócaireach ar an seandéanamh é an t-athair (Duvall) agus téann sé díom aon chur síos a dhéanamh ar an mac (Farrell), agus ní haon mholadh sin. Aon uair go rabhadar siúd ar scáileán samhlaíodh dom gur scannán eile ar fad a bhí os mo chomhair.

Déantar iarracht an dá scéal a chniotáil le chéile go liobarnach agus ní raibh aon chorraitheacht ag baint leis an ruathar gadaíochta. Déantar cúpla radharc a sholáthar ina dtugtar deis do Davis a cumas a thaispeáint agus is suimiúil an carachtar a chuireann Debicki os ár gcomhair.

Ní leor sin leis an scannán a tharrtháil.

Fág freagra ar 'Ní leor corr-radharc ar chumas Davis le ‘Widows’ a tharrtháil'