Scannán faoi oileán Thoraí le taispeáint ag mórfhéile scannánaíochta sa Fhrainc

Craolfar Treibh na nDéithe ag an bhféile scannán faisnéise FIPADOC an tríú féile scannán is mó sa bhFrainc

Scannán faoi oileán Thoraí le taispeáint ag mórfhéile scannánaíochta sa Fhrainc

Tá scannán faoi oileán Thoraí le taispeáint ag mórfhéile scannánaíochta sa Fhrainc inniu.

Craoladh leagan gairid de Treibh na nDéithe faoin teideal Creag Bheag i Lár na Farraige ar TG4 agus ar an BBC le gairid ach measann lucht a dhéanta gur fearr an leagan cineama atá le seoladh le linn féile FIPADOC an tseachtain seo.  

“Maireann an leagan cineama seo 93 bomaite,” a mhínigh Loïc Jourdain, stiúrthóir an scannáin do Tuairisc.ie.

“Sa leagan teilifíse, bhí guthú cineál neodrach ann a mhínigh cad é a bhí ag dul ar aghaidh ach sa scannán úr seo, ligeann muid do mhuintir na háite a scéal féin a insint, scéal faoi aighneas a dtiocfadh leis deighilt bhuan bhinbeach a chruthú i measc pobal Thoraí,” arsa Loïc.

“Ó mo thaobh pearsanta de, is é an leagan seo an ceann a bhfuil grá againn dó agus an ceann a thaispeánfaidh muid don domhan.”

Síos fríd an scéal, tá an t-aighneas a bhain le bád úr farantóireachta ar chreid leathchuid de phobal an oileán a bheith go hiomlán mí-oiriúnach agus an leathchuid eile a bhí sásta glacadh leis.

Ar oileán mar Thoraigh, an t-oileán Éireannach is faide amach ón chósta, is den riachtanas é rochtain a bheith ag an phobal ar tír mór.

Ach an mbeadh an bád úr farantóireachta inchurtha leis na farraigí corracha thart ar an oileán? An mbeadh siad in ann a ngnó a dhéanamh mar ba ghnách nó an mbeadh iallach orthu Toraigh a thréigbheáil? Sin na ceisteanna a réab an t-oileán agus a chuir muintir an oileáin i ndeabhaidh lena chéile. 

“Is scéal iontach tábhachtach é dúinne go bhfuil an scannán roghnaithe le bheith ar taispeántas le linn FIPADOC atá ar na trí fhéile scannán is mó sa Fhrainc agus tugann sé seo deis iontach dúinn an scannán a léiriú do chraoltóirí ar fud na cruinne a bheidh i láthair, ar bhonn pearsanta nó ar líne,” arsa Loïc, stiúrthóir Lugh Films.

Beidh an premiere Francach agus idirnáisiúnta ar siúl anocht, Dé Céadaoin, in Biarritz in iardheisceart na Fraince.

Deir Deaglán Ó Mocháin ó Dearcain Media, ceann de na comhlachtaí eile a bhí ag comhoibriú ar an scannán, go léiríonn Treibh na nDéithe gnéithe éagsúla de shaol an oileáin.

“Sa Fhrainc agus i dtíortha eile, tá oidhreacht níos láidre acu maidir le scannáin den chineál seo. Is cuma leo cá as a dtagann an scannán a fhad is atá carachtair láidre ann agus scéal suimiúil lena chois. 

“In Treibh na nDéithe, is é Patsy Dan Mac Ruairí, Rí Thoraí, an carachtar is láidre cé go bhfuil meath ag teacht air de dheasca na hailse nuair a fheiceann muid ar dtús é.

“Mar gheall air seo, b’fhéidir, is meafar é Patsy agus é idir an dá shaol, mar atá Toraigh féin,” arsa Deaglán Ó Mocháin.

“Léiríonn sé chomh fréamhaithe is atá an dúchas Gaelach ar an oileán, an mhiotaseolaíocht, an teanga, na piseoga agus mar sin de ach ag an am céanna, tá an cinneadh faoin bhád ina ceist báis nó beatha san 21ú haois seo, ceist a bhaineann le hoileáin áitrithe uile na hÉireann.” 

Táthar dóchasach go bhfeicfear an leagan fada de Treibh na nDéithe ar an teilifís amach anseo ach ní fios cá huair.

Fág freagra ar 'Scannán faoi oileán Thoraí le taispeáint ag mórfhéile scannánaíochta sa Fhrainc'