Sárscéal eachtrúil lán teannais Saul Goodman ag teacht chun críche

Mura bhfuil Breaking Bad nó Better Call Saul feicthe agat b’fhéidir gur fearr fanacht tamaillín eile agus féachaint orthu droim ar ais 

Sárscéal eachtrúil lán teannais Saul Goodman ag teacht chun críche

Tá tarrac ar cheithre bliana déag gafa tharainn ó thosaigh Breaking Bad ag cur an lucht féachana faoi gheasa. Coimeádadh ar tinneall sin i rith an 62 clár thar thréimhse cúig bliana. Bhí an oiread sin ratha ar an saothar gur cinneadh a thuilleadh adhmaid a bhaint as an domhan sainiúil a cruthaíodh agus deineadh sin trí thógaint ar an gcarachtar is áiféisí agus is greannmhaire, Saul Goodman (Bob Odenkirk).

Measadh nach mbuailfeadh an tintreach faoi dhó ach sí tuairim na coitiantachta go bhfuil Better Call Saul (Netflix) inchurtha lena réamhtheachtaí agus tá mórán den tuairim go bhfuil sé gafa thairis amach. Ar an drochuair níor éirigh chomh geal céanna leis an scannán, El Camino, a seoladh in 2019. 

Tá gníomhartha buile Better Call Saul anois ag teannadh ar cheann scríbe tar éis seacht mbliana agus 63 clár. Cé nár ghéilleas riamh, agus ní ghéillim fós, go bhfuil saothar Saul níos cumasaí ná saothar Walter aithním go bhfuil cuid de na tréithe is fearr de Breaking Bad le sonrú ina chomharba. 

Níl sárú an dá shaothar ann maidir leis an lucht féachana a choimeád ar tinneall agus ar chipíní. Tá carachtair théagartha iontu agus scéalaíocht den scoth. Le seacht mbliana anuas tá breis feola curtha ar charachtar Saul agus cuireadh carachtair théagartha nua inár láthair mar aon le cuid dár seanchairde ó Breaking Bad a thabhairt thar n-ais. 

Mar is eol do lucht leanta an chláir tá formhór mór Saul suite roimh eachtraí White agus cúpla radharc fánach suite ina ndiaidh. Níor ghrás riamh an réamhscéal mar ní maith liom go bhfuil fhios agam cá bhfuil mo thriall. Baineann sé barrthuisle faoi leith as scéal Saul óir go raibh a réamhtheachtaí ag brath go mór ar phreab a bhaint asainn agus gan aon tuairim againn cén chinniúint a bhí i ndán do na carachtair. Go deimhin mholas do dhuine éigin nach bhfuil ceachtar den dá shaothar feicthe aige fanacht go mbeadh scéal Saul críochnaithe agus ansin féachaint orthu droim ar ais, sé sin go croineolaíoch ó thaobh amlínte na scéalta.

Sa tsraith dheireanach seo, sraith a sé, címid go bhfuil claochlú iomlán tagtha ar Jimmy McGill agus an Saul Goodman a bhuail linn breis agus deich mbliana ó shin ina steillbheatha os ár gcomhair. Is diail iad Gus (Giancarlo Esposito) agus Mike (Jonathan Banks) ach tá a fhios againn cad atá i ndán dóibh. Sin é an taobh go bhfuil tábhacht faoi leith le scéal Kim (Wexler) agus Nacho (Michael Mando); beirt charachtar a bhfuil gean againn orthu ach nach bhfuil tuairim againn cá bhfuil a dtriall.

I dtosach shéasúr a sé címid Nacho in umar na haimléise agus Kim ar a imeall. Tá amlíne Walter agus Saul ag tarraingt ar a chéile anois agus beidh Walter (Bryan Cranston) agus Jesse (Aaron Paul) le feiscint i dtreo dheireadh an tséasúir. Mar is gnáth tá aisteoireacht bhreá agus scéalaíocht nótálta againn ach mheasas go raibh castróvaics áirithe ag baint leis an gcúbláil ar fad atá lucht an chairtéil a dhéanamh ar a chéile.

Is cinnte go ngéarófar ar an teannas agus is cinnte go gcoimeádfar ar tinneall sinn agus scéal Saul á leanúint go deireadh againn.  

Fág freagra ar 'Sárscéal eachtrúil lán teannais Saul Goodman ag teacht chun críche'

  • Brendan Keane

    Bhí ach drochcógas leadránach ina réalta mar príomh-laoch ann i rith an chéad-ceathair séasúr Breaking Bad, agus go tobann i ndiadh bhí beo i ndáiríre a fháil leis an chléir mar daoine fiúntach an t-aireachas. Faoi ar chuaigh an deireadh an léirithe, bhítear aibí faoi réir an scéal duineata a thosú. Dá bhrí sin an gá threascrach a raibh san saol Saul a leanúint dár gcionn. Bhítear ag breathnú an t-údar Vince Gilligan faoi lán-bhláth leis an dara tosach sin.