Tá gaiscíoch peile Chiarraí, Louise Ní Mhuircheartaigh, ar dhuine de triúr imreoir déag ó fhoireann ban na Ríochta a bhfuil ainmniúcháin faighte acu do ghradaim All Star i mbliana.
Cé gur chaill Ciarraí i gcluiche ceannais na hÉireann an mhí seo caite, is acu atá an líon is mó ainmniúchán do ghradaim All Star TG4 2024. Dhá imreoir déag ó fhoireann Átha Cliath, a bhuaigh ar Chiarraí sa chluiche ceannais, atá ainmnithe.
Trí ghradam All Star atá buaite ag Ní Mhuircheartaigh, arb as Ard na Caithne di, roimhe seo agus an ceann is déanaí acu sin anuraidh. Bhí sárbhliain eile aici i measc thosaithe Chiarraí agus 5-31 aimsithe ag Ní Mhuircheartaigh i gcraobh na bliana seo.
D’aimsigh sí 1-7 i gcluiche ceannais na hÉireann ach níor leor é chun Áth Cliath a shárú an lá sin.
Ba í Hannah Tyrell laoch Átha Cliath sa chluiche céanna, ocht bpointe scóráilte aici sa chéad leath, agus tá ainmniúchán le taobh Ní Mhuircheartaigh sa líne lántosaithe faighte ag Tyrell.
Is iad an cúl báire Abby Shiels, na cosantóirí Niamh Crowley, Leah Caffrey, Martha Byrne agus Lauren Magee, an bheirt lár páirce Jennifer Dunne agus Eilish O’Dowd, agus na tosaithe Orlagh Nolan, Caoimhe O’Connor, Kate Sullivan agus Carla Rowe na himreoirí eile ar fhoireann Átha Cliath a fuair ainmniúcháin.
Is iad Ciara Butler, Kayleigh Cronin, Eilís Lynch, Emma Costello, Cáit Lynch, Aishling O’Connell, Louise Galvin, Lorraine Scanlon, Niamh Carmody, Anna Galvin, Danielle O’Leary agus Síofra O’Shea na Ciarraígh eile a ainmníodh.
Cúig ainmniúchán atá faighte ag imreoirí ó Mhaigh Eo, tá triúr ó fhoirne Ard Mhacha, Chorcaí, Dhún na nGall, agus na Mí ainmnithe, chomh maith le himreoir amháin de chuid na Gaillimhe, an Chláir agus Chill Dara.
Fógrófar buaiteoirí ghradaim All Star TG4 2023 ag ócáid speisialta sa Bonnington Dublin Hotel ar an 18 Samhain. Fógrófar Imreoir na Bliana sna gráid shinsir, idirmheánacha agus shóisir an oíche chéanna.
Cúl Báire
Abby Shiels – Áth Cliath
Ciara Butler – Ciarraí
Monica McGuirk – An Mhí
Líne Lánchúil
Clodagh McCambridge – Ard Mhacha
Róisín Phelan – Corcaigh
Niamh Crowley – Áth Cliath
Leah Caffrey – Áth Cliath
Kayleigh Cronin – Ciarraí
Eilís Lynch – Ciarraí
Danielle Caldwell – Maigh Eo
Clodagh McManamon – Maigh Eo
Mary Kate Lynch – An Mhí
Líne Leathchúil
Lauren McConville – Ard Mhacha
Amy Boyle Carr – Dún na nGall
Martha Byrne – Áth Cliath
Lauren Magee – Áth Cliath
Emma Costello – Ciarraí
Cáit Lynch – Ciarraí
Aishling O’Connell – Ciarraí
Ciara Needham – Maigh Eo
Kathryn Sullivan – Maigh Eo
Lár Páirce
Niamh McLaughlin – Dún na nGall
Jennifer Dunne – Áth Cliath
Eilish O’Dowd – Áth Cliath
Louise Galvin – Ciarraí
Lorraine Scanlon – Ciarraí
Nicola Ward – Gaillimh
Líne Leatosaithe
Fidelma Marrinan – An Clár
Ciara O’Sullivan – Corcaigh
Orlagh Nolan – Áth Cliath
Caoimhe O’Connor – Áth Cliath
Kate Sullivan – Áth Cliath
Niamh Carmody – Ciarraí
Anna Galvin – Ciarraí
Sinéad Cafferky – Maigh Eo
Emma Duggan – An Mhí
Líne Lántosaithe
Aoife McCoy – Ard Mhacha
Doireann O’Sullivan – Corcaigh
Niamh Hegarty – Dún na nGall
Carla Rowe – Áth Cliath
Hannah Tyrrell – Áth Cliath
Louise Ní Mhuircheartaigh – Ciarraí
Danielle O’Leary – Ciarraí
Síofra O’Shea – Ciarraí
Róisín Byrne – Cill Dara
Fág freagra ar 'Sárpheileadóir Chorca Duibhne i measc na n-ainmniúchán do Ghradaim All Star TG4 2023'