Sárchluichí lán aicsin sna craobhacha cúige

Súil siar ar chluichí agus taispeántais na bliana 2021

Sárchluichí lán aicsin sna craobhacha cúige

An choicís Nollag seo caithfidh mé súil siar ar imeachtaí shéasúr na craoibhe.

Is ar an Satharn deireanach sa Mheitheamh a thosnaigh aicsean na craoibhe agus ba iad Áth Cliath agus Aontroim na chéad fhoirne a chuaigh chun páirce. Bhí bua éasca ag fir na hardchathrach mar a bhí ag Loch Garman ar Laois an lá céanna.

Ansin ar an Domhnach bhí an chéad bhua gan choinne sa chraobh againn nuair a bhí an Clár i bhfad níos fearr ná Port Láirge, nach raibh ró-iontach in aon chor an lá sin.

Ansin an deireadh seachtaine ina dhiaidh sin bhí féasta iomána againn, cluichí leathcheannais ar siúl sa dá chúige agus lucht féachana mór go leor ceadaithe. Agus a leithéid d’fhéasta a bhí againn. Bhí an dara bua gan choinne againn agus Áth Cliath níos fearr ná an Ghaillimh (a bhí go láidir mar rogha na coitiantachta) formhór an chluiche. Cheapas féin gur léirigh na Gaillimhigh pas beag dímheasa ar an bhfreasúra agus gan uathu ach cúl a aimsiú le beagnach gach aon iarracht sa chéad cheathrú den chluiche seo. Ach sheas Áth Cliath an fód agus ba iad ab fhearr as sin go deireadh.

Ansin bhí classic na bliana againn, nuair a bhuaigh na Cait ar Loch Garman, 2-37 in aghaidh 2-29. Bhí na foirne cothrom aon uair déag, bhí am breise againn, cuireadh cúl báire go bosca na bpeacaí, thug súil an tseabhaic fianaise thar a bheith cinniúnach agus bhí ardtaistpeántas againn ó fhear na feadóige, Fergal Horgan.

Sa Mhumhain bhí cuid maith den ádh ar Luimneach nuair a d’éirigh leo dhá chúl a scóráil in am cúitimh gortuithe sa chéad leath in aghaidh Chorcaí. Bhí Corcaigh níos fearr ná iad go dtí sin ach tháinig Luimneach chucu féin sa dara leath agus d’ainneoin iad a bheith an-mhíchruinn bhí an lá leo, más ar éigean féin é.

Bhí baint shuntasach ag réiteoir eile, James Owens, le toradh chluiche an Domhnaigh sin idir Tiobraid Árann agus an Clár. Bhí sé thar a bheith dian ar fhoireann an Chláir gur díbríodh Aidan McCarthy chuig bosca na bpeacaí agus feall amaideach bog déanta aige ar Jake Morris pas beag taobh istigh den líne 20 méadar agus é beagnach ar an taobhlíne. Sa tréimhse sin a raibh McCarthy as an imirt, d’athraigh an cluiche agus chuir na Tiobraid Árannaigh 2-4 ar chlár na scór agus cé gur chuir na Cláirínigh críoch mhaith leis an gcluiche rug an clog orthu.

An Satharn ina dhiaidh sin bhí cath go dtí an bás idir Laois agus Aontroim. Laois a bhuaigh, éacht a d’fhág an ticéad órga acu le bheith sa phota an Luan dár gcionn dos na cluichí cáilithe do Chorn Mhic Cárthaigh, pota as ar tharraing siad Port Láirge. Sa chluiche féinig throideadar go deireadh ach ba iad fir na nDéise a fuair seans eile sa phota an Luan ina dhiaidh sin.

Sa chluiche cáilithe eile an tráthnóna céanna agus é ina theaspach, bhí an Clár rómhaith do Loch Garman. Níos déanaí, i gcluiche ceannais Laighean bhí Áth Cliath amach d’uireasa ceathrar ón bpainéal de thoradh Covid-19 agus chailleadar an lánchúlaí iontach Eoghan O’Donnell de bharr gortaithe laistigh de dhá nóiméad. Ach d’fhanadar sa chluiche go dtí an cheathrú dheireanach. A bhuíochas do chúl ó phoc éirice TJ Reid chuir Cill Chainnigh bearna idir iad féin agus Áth Cliath agus bhailigh a gcaptaen Adrian Mullen Corn Bob O’Keefe, an tríú huair is seachtó a rinne fear as Cill Chainnigh amhlaidh.

Ar an Domhnach bhí ardbhua ag Luimneach ar Thiobraid Árann i gcluiche ceannais na Mumhan. Bhí seaimpíní na hÉireann deich gcúilín chun deiridh ag an mbriseadh. Bhí Tiobraid Árann go hiontach sa chéad leath agus go hainnis i ndiaidh an bhrisidh. Chonaiceamar cúl na bliana ó Kyle Hayes agus taispeántas foirne na bliana (go dtí sin) ón bhfoireann is fearr sa tír le tamall. D’ardaigh Declan Hannon corn an chúige don tríú bliain as a chéile.

Fág freagra ar 'Sárchluichí lán aicsin sna craobhacha cúige'