Saothar snasta, cliste é The Diplomat agus ní hé oidhre The West Wing é.

Tá an scéalaíocht ábhairín teanntaithe agus téitear i gciorcail uaireanta sa scéinséir polaitiúil nua ó Netflix

Saothar snasta, cliste é The Diplomat agus ní hé oidhre The West Wing é.

Táthar ag maíomh gurb é The Diplomat (Netflix) leagan na linne seo de The West Wing (1999 – 2006). Fastaím. Cé nach bhfuil an tsraith seo gan a maitheasaí tá a leithéid de chomparáid áibhéalach amach is amach. Gan amhras sé cúlra Debora Cahn a spreag na comparáidí gan dealramh seo óir gur oibrigh sí mar scríbhneoir agus mar léiritheoir ar The West Wing, agus go deimhin ar Homeland (2011-2020).

Bhí an saothar úd le Aaron Sorkin na deisbhéalaí lán go gad le carachtair chaithiseacha is aisteoirí: Martin Sheen mar an tUachtarán Bartlet, Leo McGarry (John Spencer) mar chrann taca aige is na giollaí gualainne C.J. Cregg (Allison Janney), Sam Seaborn (Rob Lowe), Josh Lyman (Bradley Whitford), Toby Ziegler (Richard Schiff) ag tindeáil orthu.

D’fhág sin go bhféadfaí gálaí faoi leith a dhíriú ar charachtair ar leith nó scéalta éagsúla a ionramháil. Ní hamhlaidh atá le The Diplomat (Netflix) agus sinn i dtaobh leis an bpríomcharachtar, an tAmbasadóir Kate Wyler (Keri Russell) is a fear céile, an tIar-Ambasadóir Hal Wyler (Rufus Sewell). Tá carachtair thánaisteacha bhreátha sa saothar ach tá an bheirt thuas i bhformhór mór na radharcanna agus dá bharr tá an scéalaíocht teanntaithe agus mothaím go bhfuiltear ag imeacht i gciorcail uaireanta. Dá bharr ní comparáidí le The West Wing a bhí ag ráthaíocht im intinn ach comparáidí le Madam Secretary (2014 – 2019).

Ag tosach an chéad ghála címid ionsaí ar iompróir aerárthaí de chuid na Ríochta Aontaithe i Murascaill na Peirse. Tá an lasair sa bharrach. Tá gach n-aon ar tinneall agus óir nach bhfuil aon Ambasadóir ag na Stáit Aontaithe sa Ríocht Aontaithe caitheann an tUachtarán ceapachán tapaidh a dhéanamh. Taidhleoir í Kate Wyler le blianta agus í ar tí tabhairt faoi phost casta, tábhachtach san Afganastáin. Baintear geit aisti ach vae léi, agus vae linn ina teannta. Taidhleoireacht, uisce fé thalamh agus cogar mogar ar chúla téarmaí.

An breac sa bhainne ná go bhfuil Hal lena hais. Taidhleoir cumasach, glic, sleamhain ba ea é féin tráth ach bhí a shlí achrannach féin aige a chuir pip is drochmhianach ar dhaoine. Tá sé gan post anois agus é i ról “na mná céile”. Le cúraimí a dhéanamh níos casta fós tá pósadh na beirte ar tí titim as a chéile agus tá an tUachtarán ag cuimhneamh ar Kate a cheapadh mar Leas-Uachtarán.  Slogann pósadh na beirte cuid shuntasach den saothar agus cé go bhfuilid ag caitheamh achasán ar a chéile is léir go bhfuil gean acu ar a chéile go fóill.

Is iad Russell agus Sewell máithreacha an tsaothair agus déanann siad an tsraith ocht gclár a iompar go paiteanta. Tá gearradh sna carúil a chaitheann siad lena chéile agus tá splanc bhreá eatarthu. Tá gearradh sa script agus é greannmhar in áiteanna. Déantar iarracht éachtaint a thabhairt ar na dúshláin atá roimh bhean i bpost mar seo; an brú atá uirthi gléasadh go péacógach agus í féin a iompar ar shlí ar leith. Sraith í seo a bhfuil a maitheasaí féin aici ach ní haon sárshaothar é.

Fág freagra ar 'Saothar snasta, cliste é The Diplomat agus ní hé oidhre The West Wing é.'