Saothar léanmhar agus suaite faoi uafás Warrington

LÉIRMHEAS: Thug ‘Mother’s Day’ éachtaint dúinn ar eachtra thruamhéalach, bhrúidiúil de chuid na dTrioblóidí

Saothar léanmhar agus suaite faoi uafás Warrington

Ba léanmhar agus ba shuaite an saothar é Mother’s Day (RTÉ 1, Dé Domhnaigh); scannán teilifíse a léirigh an tionchar a bhí ag uafás Warrington i 1993 ar dhá theaghlach, beirt bhan mhisniúla go háirithe.

Ar an 20 Márta phléasc dhá bhuama i mboscaí bruscair ar shráid siopadóireachta ar an mbaile. Maraíodh Johnathan Ball, nach raibh ach trí bliana d’aois, ar an láthair agus goineadh Tim Parry, a bhí dhá bhliain déag, go dona. Baineadh Tim Parry den mheaisín tacaíochta beatha é cúig lá tar éis na mbuamaí. ’Sé an léiriú a dhéantar ar an tréimhse cúig lá sin an chuid is cráite den saothar agus beidh deora i gceann do chuid súl ag faire ar an radharc ina múchtar an meaisín agus an t-athair sínte sa leaba taobh lena mhac. Címid ina dhiaidh sin tuismitheoirí Tim, Colin (Daniel Mays) agus Wendy (Anna Maxwell Martin) ag iarraidh aghaidh a thabhairt ar an anachain ar a slite féin.

Roimhe sin bhí físeán baile den bhuachaill ag éirí chun coinlíochta fite fuaite le hábhar cartlainne. D’éirigh leo, faoi sheach, uafás na tragóide a chur abhaile orainn mar aon le comhthéacs stairiúil beag a thabhairt do lucht an aineolais.

Ba é an 21 Márta Lá na Máthar agus címid an alltacht atá ar Susan McHugh (Vicky McClure) agus í ag féachaint ar uafás Warrington óna teach compordach i gCluain Tarbh.  Chuaigh an tragóid go smior inti agus spreagadh chun gnímh í ar ala na huaire.  ‘I am just an ordinary woman with two children a cat and a mortgage,’ a deir sí ar Liveline agus d’impigh sí ar éisteoirí an chláir teacht chuig cruinniú a bhí eagraithe aici i gColáiste na Tríonóide. Cé nach bhfuil Susan cinnte faoi cad tá sí ag iarraidh a dhéanamh, ní féidir léi fanacht ina suí agus ina tost nuair atá leanaí á marú go brúidiúil. Ní fada go dtosaíonn a feachtas ag bailiú nirt.

Léirítear Susan mar ghnáthdhuine a tharraingíonn aird an tsaoil uirthi féin gan choinne. Tá sí saonta ach diongbháilte agus cé go bhfuil sí aineolach go maith ar na Trioblóidí tá an misneach aici cloí leis an gconair atá roghnaithe aici. Diaidh ar ndiaidh eascraíonn cairdeas agus comhghuaillíocht idir na dá theaghlach ón dá thaobh de Mhuir Éireann.

Níorbh fhada go gcuaigh Susan, agus a feachtas in abar, áfach, agus achasáin á gcaitheamh léi ó gach cearn mar gur measadh go raibh tús áite á thabhairt d’íospartaigh áirithe agus daoine eile á bhfágaint in áit na leathphingine.

Tugann an scannán aghaidh ar an gcáineadh sin ach dar liom gur láimhseáladh go ciotach é. Seanmóireacht neamhréalaíoch ba ea cuid den chur i láthair ar an ngné seo den scéal agus cuimhním go áirithe ar an gcomharsain béal dorais a thug íde na muc agus na madraí di nuair a tháinig sí an doras chuige.

Tugann an táirge é seo éachtaint ar eachtra thruamhéalach, bhrúidiúil de chuid na dTrioblóidí ach meabhraíonn sé dúinn chomh maith go bhfuil daoine a mbeidh uafáis na dTrioblóidí ag luí orthu go lá a mbáis.

Fág freagra ar 'Saothar léanmhar agus suaite faoi uafás Warrington'