Saothar fuinte lán grinn é an dráma Máirtín agus Jenny from the Block

Bhí dráma Gaeilge samhlaíoch neamhghnách ar siúl le linn na féile Seen + Heard i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo

Saothar fuinte lán grinn é an dráma Máirtín agus Jenny from the Block

Mar chuid den fhéile Seen + Heard, a thugann ardán do shaothair nua, a bhí Máirtín agus Jenny From the Block leis an meitheal Muiceanach Idir Dhá Céard? (Eoin P Ó Murchú, Emma Ní Chearúil, Cúán de Búrca). Ceirnín a rinne Máirtín Ó Cadhain, agus ar thángthas air i siopa i Londain an spreagadh a bhí ann don seó seo.

Taifeadadh an ceirnín i mBéal Feirste agus díoladh an chóip áirithe seo i dtosach Tí Standúin ar an Spidéal. Ach nuair a bhíomar go léir sáinnithe sa bhaile de bharr Covid agus an saol digiteach ar líne riachtanach dúinn, fuair Emma Ní Chearúil amach ar Google Images go raibh LP an Chadhnaigh anois ar fáil i siopa i Sasana.

Is le linn dóibh a bheith ag cruthú físeáin a tháinig Emma ar an gceirnín agus íomhá oiriúnach á lorg aici a bheadh ina mionsamhail don bhfíseán. Gné eile den léiriú ab ea an léachtóir a chuir Eoin P Ó Murchú inár láthair agus é ag léirmhíniú téarmaí dúinn. Mheabhraigh an mheitheal go léir dúinn buanna an cheirnín agus cén fáth go dtéann an fhuaim i bhfeidhm orainn.

Thart ar na bunfhíricí sin d’fhigh Eoin P Ó Murchú bréidín scéalaíochta, a chuir an triúr inár láthair le tacaíocht scéal Mháirtín Uí Chadhain, scéal Google Images, scéal faoi ghúna téisiúil glas Jennifer Lopez, scéal na gcoláistí samhraidh agus macnas an déagóra. Na nascanna fánacha atá i snátha an tsaoil.

Baineadh feidhm chliste as prapaí éagsúla, as ábhar físe agus fuaime, agus as cumas Eoin P Uí Mhurchú aithris a dhéanamh ar ghuthanna éagsúla chun cineálacha éagsúla daoine a chur i láthair.

I Scoil na mBuachaillí in Amharclann Smock Alley, a bhí an léiriú, spás beag cluthar go leor nach bhfuil mórán de bhearna ann idir na taibheoirí agus an lucht féachana. D’fhoghlaim duine amháin den lucht féachana an méid sin, nuair a bhain Ó Murchú feidhm as siúd mar phrapa.

Saothar fuinte lán grinn a bhí anseo a mheall neart gáire ón lucht féachana. Bhí Máirtín agus Jenny from the Block ar an gcéad léiriú de dhá cheann tráthnóna Dé Céadaoin agus bhí damhsóir ar rópaí síoda ar an ardán roimhe mar chuid den chéad seó. Lucht féachana do dhá sheó éagsúil a bhí ann mar sin agus dea-theist ar Mháirtín agus Jennifer go raibh daoine nach raibh aon Ghaeilge acu tógtha leis agus iad fiosrach ina dhiaidh faoi céard go díreach a bhí i gceist!

Tá Eoin P Ó Murchú agus Emma Ní Chearúil ag cruthú ábhar ar líne le tamall agus is maith an rud gur féidir an t-ábhar sin a thabhairt isteach sa domhan fisiciúil, agus teagmháil bheo idirghníomhach a dhéanamh le lucht féachana. Tá taithí stáitse ag Eoin P Ó Murchú de bharr a chuid oibre le Gaelgáirí, ach go bhfios dom ní raibh Emma Ní Chearúil ná Cúán de Búrca ar stáitse roimhe seo. Thug siad triúr taispeántais nádúrtha a chuaigh i bhfeidhm orm, in ainneoin nach raibh mórán deis acu cleachtadh a dhéanamh san amharclann ar mhaithe leis an léiriú gairid a thabhairt chun foirfeachta.

Beidh mé ag súil leis an gcéad fhiontar eile de chuid Muiceanach idir dhá Céard? Agus má bhíonn deis agaibh an seó seo a fheiceáil amach anseo, tapaígí í.

Fág freagra ar 'Saothar fuinte lán grinn é an dráma Máirtín agus Jenny from the Block'