Saothar ar leith eile ón gceardaí Christopher Nolan

Is cinnte go bhfuil ainmniúchán Oscar, ar a laghad, i ndán do Chillian Murphy as an léiriú a dhéanann sé ar J. Robert Oppenheimer

Saothar ar leith eile ón gceardaí Christopher Nolan
Stiúrthóir: Christopher Nolan

Cliar: Cillian Murphy, Emily Blunt, Matt Damon, Robert Downey Jr., Josh Hartnett, Jason Clarke, Florence Pugh, Matthew Modine, Kenneth Branagh, Gary Oldman, Casey Affleck, Rami Malek

Is ceardaí ar leith é Christopher Nolan a bhfuil saothair shuaithinseacha curtha os ár gcomhair aige le blianta. Níl an oiread sin scannán tugtha ar an bport aige, dhá cheann déag san iomlán, ach d’éirigh leo ar fad an sprioc a aimsiú. Is sárshaothair ar leith iad Inception (2010), Interstellar (2015) agus The Dark Knight Rises (2012). Aithnítear go bhfuil sé ar dhuine de na stiúrthóirí is cumasaí atá  ag rómhar in iomaire Hollywood agus bítear á lua san abairt chéanna le Steven Spielberg. Is moladh ann féin é sin. Bíonn uisce le fiacla nuair a chloistear go bhfuil saothar nua dá chuid le seoladh.

An babhta seo tá sé ag díriú ar shaol is ar shaothar J. Robert Oppenheimer, “athair an bhuama adamhaigh”. Dírítear ar a óige, a ghaiscí míchlúiteacha i rith an Dara Cogadh Domhanda mar aon leis an ngéarleanúint a deineadh air ina dhiaidh sin.

Tá leagan amach dá chuid féin ag Nolan agus ní theanntóidh an dírbheathaisnéis nó an scéalaíocht chroineolaíoch an auteur seo. Tá trí amlíne dhifriúil fite fuaite le chéile anseo aige: laethanta a óige mar scoláire, éisteacht slándála dá chuid féin i 1954 agus éisteacht daingniúcháin le Lewis Strauss i 1959.

Tá sé deacair cur síos a dhéanamh ar an saothar cigilteach, cumasach, ealaíonta seo i mbeagán focal. Ina chroí istigh is staidéar ar charachtar atá anseo. Déantar iarracht iniúchadh a dhéanamh ar mheabhair agus ar mheon Oppenheimer, fear fíorchliste, fear ban, duine a bhí tiomanta dá chuid oibre cé gur thuig sé na hiarmhairtí a bheadh uirthi agus fear a bhí ciaptha ag na hiarmhairtí céanna ina dhiaidh sin. Tá Cillian Murphy iontach sa ról, a cholainn bheag agus a aghaidh lom an-chosúil leis an bhfear é féin agus iontach le ciapadh a charachtair a léiriú.

Is geall le scannáin aicsin iad cuid na radharcanna a bhain le Tionscnamh Manhattan; Oppy agus a chomrádaithe eolaíochta ag iarraidh buama adamhach a chruthú sula ndéanfadh na Naitsithe é. Tá na maisiúcháin a bhain leis an séideadh tástála ar fheabhas ar fad; draíochtúil agus scanrúil. Meabhraítear dúinn arís is arís go raibh an ghéarleanúint a bhí á déanamh ag na Naitsithe ar Ghiúdaigh ag spreagadh na n-eolaithe Giúdacha chun gnímh.

Is geall le scéinséir iad na radharcanna sna seomraí éisteachta, cad é siar is aniar agus gach re sea idir na carachtair. Deineadh an scannán a thaifeadadh i ndubh agus bán, agus i ndath. Na míreanna dubh agus bán ag tabhairt eachtraí a tharla i ndáiríre chun cuimhne agus na cinn dhaite ag díriú ar chinn a bhfuil rian den fhicsean iontu.

Laigeacht amháin atá sa saothar ná an léiriú a dhéantar ar charachtair na mban. Is aisteoir iontach í Florence Pugh ach is cuma ann nó as a carachtar agus faightear réidh léi i bhfad róluath. Déanann Blunt gaisce lena carachtar cé nach bhfuil mórán scóip aici. Is liosta le háireamh iad na haisteoirí eile agus gach duine acu os cionn a mbuille. Sárshaothar eile ón gceardaí agus tá ainmniúchán Oscar, ar a laghad, i ndán do Chillian Murphy Chorcaí.

Fág freagra ar 'Saothar ar leith eile ón gceardaí Christopher Nolan'

  • jpmorley0@gmail.com

    Foláireamh:
    Tá ‘maisíocht’ fuaime sa scannán seo a bhainfidh plaosc do chinn díot! Nó do dhá chluais! Agus ná bí ag súil go dtuigfir ná go gcloisfir a mbeidh á rá acu. Ní chuige sin atá na scannáin a dhéantar i Holly-Wood…Wooly-Hood. Ar thuig éinne an leithéis a d’inis ‘Oppy’ faoin mbuidéal beorach…nó níor airigh mise aon duine ag gáire? Conas a thuigfidís agus na tulcaí diamhaire fuaime ag gabháil lastuas dó? Bhí mo shuíochán féin ag ag creathadh fúm uair amháin nuair a bhíothas a d’iarraidh cumhacht an bhuama a chur abhaile orainn. Ná fág faic fén tsamhlaíocht! Droch-ghiúmar agus cancar orm …ar imeacht amach dom.
    D’fhéadfadh scannán an-mhaith a bheith ann, ar a shon san, ach slacht éigint a chur air agus an hamaráil ifreannda sin a ghearradh amach … milleann sé gach rud. Cá hionadh go bhfuilid ar stailc i gCoill a’ Chuilinn fé láthair…agus allaíre nó martrú meabhrach éigint ar a leath acu ní foláir.