San áit a mbíodh torann claimhte nó carbaid, tá torann scipéid an airgid

Más léiriú ar an gcaoi arb í an gháifeacht agus an ghalántacht atá i réim ag ócáidí spóirt an lae inniu, breathnaigh ar an Super Bowl anocht

San áit a mbíodh torann claimhte nó carbaid, tá torann scipéid an airgid

Cé go raibh titim de bheagán ar líon an lucht féachana teilifíse anuraidh, fós ba é an Super Bowl an clár ba mhó ar bhreathnaigh Poncánaigh air  

Nó gur sheas mé sa Coliseum in Los Angeles ag tarraingt ar dhá scór bliain ó shin ní raibh amfaitéatar feicthe riamh agam. Faoin am sin (Cluichí Oilimpeacha 1984) bhí an áit tógtha le 60 bliain.  Láithreach bonn, thug a chruth an chéad cheann dá leithéid a tógadh riamh isteach i m’intinn – ionann is dhá mhíle bliain roimhe sin.

Dá mbeadh an ceamara ar an saol nuair a leag an tImpire Vespasian an chéad chloch ar Colosseum na Róimhe sa mbliain 72 AD  bheadh fáil ar phictiúr de agus an lián ina lámh aige. Ocht mbliana dár gcionn siosúr a bheadh le feiceáil i gcrúba a mhic Titus  agus é ag gearradh ribín na hoscailte.

Sclábhaithe agus príosúnaigh ba mhó a rinne an obair sa Róimh a deirtear. Ba iad innealtóirí agus ealaíontóirí na hImpireachta amháin a fuair luach saothair – é sin féin goidte as Teampall na nGiúdach le linn an chéad cheann de na trí chogadh idir iadsan agus na Rómhánaigh.

Bhí an ‘Dollar Mórchumhachtach’ ar an saol go láidir, cé go raibh an Spealadh Mór ar leic na tairsí nuair a críochnaíodh an obair in Los Angeles beagnach dhá mhíle bliain ina dhiaidh sin. Fós beagán faoi bhun $1 milliún dollar a chosain an obair, suim shuarach, i dtéarmaí an lae inniu, ar áis ar caitheadh $315 milliún ar é a athchóiriú cúpla bliain ó shin.

An t-am a raibh mise ann ní raibh an cleachtas tagtha ar an saol faoina n-ainmnítear staideanna as comhlachtaí móra. Ba é ainm na gcathracha ina raibh siad an t-aon idirdhealú a bhí idir an dá amfaitéatar – sin agus an litriú.

Inniu agus an tráchtálachas ag brú isteach ar an spórt, The United Airlines Field at the Los Angeles Memorial Coliseum an t-ainm oifigiúil atá ar an áit a tógadh i gcuimhne ar shaoránaigh na cathrach sin a throid sa gCogadh Mór. 

Cá bhfios faraor nach dtiocfaidh an lá a gceadófar do dhuine de bhilliúnaithe an domhain a ainm a chur le ceann na Róimhe, a mba chrith-talún sa mbliain 1349 ba chionsiocair leis an gcuma thréigthe atá inniu air.

Ach más léiriú ar an gcaoi arb í an gháifeacht agus an ghalántacht atá i réim ag ócáidí spóirt an lae inniu, níl ort a dhéanamh ach a bheith ar dhuine den 150 milliún acu a thiocfas ag breathnú ar Super Bowl LVI idir na LA Rams agus na Cincinnati Bengals a thosós ar phointí an mheán oíche anocht.

San áit a mbíodh torann claimhte nó carabaid, búraíl leoin agus agairtí ar thrócaire le cloisteáil aimsir Titus, is le torann binn an chloig atá ar scipéid an airgid a bhaineann ócáid na hoíche anocht sa SoFi Arena in Inglewood, atá i bhfoisceacht cúpla míle den Coliseum.

A ghlór sin agus cumas ceolmhar Dr. Dre,  Snoop Dog, Eminem (an t-aon ainm a chuala mé cheana), Mary J. Blige, Kendrick Lamar, Mickey Guyton agus cúpla duine eile a mbeadh Corn Uí Riada tugtha leo acu murach an Covid damanta sin.

Iadsan a líonfaidh bróga Bhanna Ard Aidhin ag leath ama.

Cé go raibh titim de bheagán ar líon an lucht féachana teilifíse anuraidh, fós ba é an Super Bowl an clár ba mhó ar bhreathnaigh Poncánaigh air  – 96 milliún acu.

Dá réir, tá táille $5.6m ar fhógra 30 soicind a chur amach lena linn anocht agus suas le 50 acu díolta. 

Agus tú á léamh seo, tá sé beagán deireanach agat a bheith ag cuimhneamh ar a dhul ann tú féin murar i gCalafornia duit, ach má tá uait a theacht aniar aduaidh ar chara nó ar dhuine muinteartha leat atá i ngar do lámh, tá beagán ticéad ar fáil i gcónaí ach idir $6,800 agus $82,000 a bheith le spáráil agat. (‘Nosebleed Tickets’ a thugtar an na cinn is saoire atá luaite agam mar go bhfuil siad chomh hard sin sa staid go mbaineann contúirt fuil sróine leo!).

Abair le do chara gan aon ghasúr a thabhairt leo le súil agus go gceadófaí isteach ar a nguaillí iad. Sé an páiste sa mbroinn an t-aon duine daonna nach dteastóidh ticéad ar an luach iomlán uaidh.

Bliain go leith ó shin a osclaíodh an SoFi Stadium san áit a mbíodh an Hollywood Park Racetrack. Bhí sciar de siúd eatarthu ag cuid de na daoine ba cháiliúla i ngnó na siamsaíochta –  Jack L. WarnerWalt DisneySamuel GoldwynDarryl Zanuck, Al Jolson agus  Bing Crosby. 

Níl aon staid spóirt in aon áit eile ar domhan a chosain oiread leis – $5 billiún. Beidh an comhlacht airgeadais So-Fi Technologies Inc ag íoc $30 milliún in aghaidh na bliana go dtiocfaidh 2041 as a n-ainm a bheith luaite leis.

Chuir an Covid moill mhór ar thógáil na háite agus freisin ar imeachtaí a bhí le bheith ar bun ar oscailt dó – chuir an NFL séasúr na himeartha 2020 ar athló ar fad agus níor ceadaíodh aon lucht féachana ag na cluichí nuair a atosaíodh iad. Caitheadh coirmeacha ceoil go leor in aer freisin.

Sa SoFi a imríonn na Rams a gcuid cluichí – cé go bhfágann riail aisteach de chuid an NFL gurb iad a gcéilí comhraic as Cincinnati ‘foireann baile’ na hoíche anocht. Is foireann AFC iad siúd agus is as an tsraith sin a thagann an fhoireann baile i mbliain chothrom ar nós an chinn seo. Le foireann as sraith an NFC an onóir i mbliain chorr. 

Is ag an ‘bhfoireann baile’ atá tús áite faoi dhath an fheistis a bheas orthu agus is leo glaoch nuair a bhíonn an bonn san aer agus treo na himeartha le socrú roimh ré – buntáistí ollmhóra gan amhras!

Seo a chonaic mé nuair a chuaigh mé ag fiosrú cén bharúil a bhí ag geallghlacadóirí ar thoradh na himeartha. 

SPREAD TO WIN TOTAL
LOS ANGELES RAMS -4.5 -200 o48.5
CINCINNATI BENGALS +4.5 +170 u48.5

Mar a d’inseodh mo phóca duit, ní hé go bhfuil mé aineolach ar chúrsaí cearrbhachais, ach b’éigean dom a dhul ar thóir cúnaimh. 

Tá an ‘spread’ éasca go leor mar go mbíonn sé ag geallghlacadóirí anseo.  Maidir leis an ‘to win’, níor mhór duit $200 a chur ar na Rams le $100 a bhuachan; d’fhágfadh geall $100 ar na Bengals go mbeadh $170 agat lena mbua siúd. 

Tugtar ‘over/under’ freisin ar an ngeall a bhfuil ‘total’ air anseo agus baineann sé le líon na bpointí a scórálann na foirne eatarthu. – an geallghlacadóir ag tabhairt buille faoi thuairim céard é sin – sa gcás seo 48.5.

Tá de rogha ag an lucht cearrbhachais a gcuid airgid a chur ar níos lú nó níos mó ná sin scórála a bheith déanta.

Fág freagra ar 'San áit a mbíodh torann claimhte nó carbaid, tá torann scipéid an airgid'