‘Rúbaí’ le taispeáint ag Comhdháil na nDaoine Rua

Beidh an gearrscannán mór le rá Gaeilge ar taispeáint ag an bhféile i gCorcaigh a dhéanann ceiliúradh ar gach a mbaineann le bheith id' dhuine rua

Rúbaí

Beidh an gearrscannán Rúbaí á thaispeáint ag Comhdháil na nDaoine Rua i gCorcaigh i mbliana.

Tá an Chomhdháil á reáchtáil le sé bliana anuas i mBun na Tábhairne i gContae Chorcaí agus cruinníonn na mílte duine rua ó gach cearn den domhan ar an mbaile le ceiliúradh a dhéanamh ar áilleacht an duine rua.

Bíonn pictiúrlann ar an láthair ina dtaispeántar scannáin faoi dhaoine rua nó ina mbíonn daoine rua ag aisteoireacht. Is í Doireann Ní Fhoighil, as Indreabhán i gCois Fharraige, príomhaisteoir an scannáin Rúbaí agus folt breá donnrua uirthi.

Scannán gleoite faoi chailín beag atá i mbun ullmhúcháin dá céad chomaoineach is ea Rúbaí – ach bíonn an sagart paróiste, an múinteoir agus a máthair bhocht cráite ag Rúbaí nuair a fhógraíonn sí gur aindiachaí í i lár an tseomra ranga. Taispeánadh an gearrscannán ag féilte scannán ar fud an domhain agus is iomaí duais agus gradam atá bainte amach aige.

Beidh Comhdháil na nDaoine Rua ar siúl ón 21 go dtí an 23 Lúnasa i mBun na Tábhairne agus i measc na n-imeachtaí eile a bheidh ar siúl, beidh comórtas comhairimh bricíní, mórshiúl na ndaoine rua agus, ar ndóigh, corónú an Rí agus na Banríona Rua.

Fág freagra ar '‘Rúbaí’ le taispeáint ag Comhdháil na nDaoine Rua'