RTÉ Raidió na Gaeltachta ag reáchtáil comórtais chun an cumann CLG is Gaelaí in Éirinn a aimsiú

Tá comórtas ‘Croí an Chumainn’ seolta ag an stáisiún Gaeilge agus iad ag tabhairt deis do chumainn aitheantas a bhaint amach mar an cumann is fearr in Éirinn ag cur na Gaeilge chun cinn

RTÉ Raidió na Gaeltachta ag reáchtáil comórtais chun an cumann CLG is Gaelaí in Éirinn a aimsiú

Tá RTÉ Raidió na Gaeltachta ag iarraidh teacht ar an gcumann CLG is fearr sa tír ó thaobh an Ghaeilge a chur chun cinn i gcomórtas nua.

Tá comórtas ‘Croí an Chumainn’ seolta ag an stáisiún lán-Ghaeilge agus iad ag tabhairt deis do chumainn a bheith aitheanta mar an cumann is fearr in Éirinn ag cur na teanga chun cinn.

Craolfar an clár Spórt an tSathairn beo ón gclub a thugann leo an duais agus tá sé i gceist ag an stáisiún lá mór teaghlaigh a eagrú sa chumann buacach.

Beidh barbaiciú, cluichí do pháistí, comórtas poc fada, traenáil le cuid de réalta móra CLG mar chuid den ócáid a bheidh ar siúl ar an 18 Aibreán agus beidh Corn Sam Mhig Uidhir i láthair freisin.

Le bheith istigh ar an gcomórtas, beidh ar chumainn cur síos 500 focal a scríobh ar an obair atá ar bun acu i leith na Gaeilge agus cur síos a dhéanamh ar na fáthanna gur cheart do RTÉ RnaG cuairt a thabhairt orthu.

Caithfear físeán gearr i nGaeilge a chur le chéile chomh maith.

Tá an comórtas á reáchtáil i gcomhar le Cumann Lúthchleas Gael agus Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha, an scéim tacaíochta de chuid Ghlór na nGael agus CLG do chlubanna ar mian leo an Ghaeilge a chur chun cinn sa phobal.

Aon chlub atá istigh ar bhonn le Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha, aithneofar iarratas a dhéanamh ar an gcomórtas seo mar sprioc oibre bhreise.

Is é an 20 Márta an dáta deireanach a nglacfar le hiarratais ar an gcomórtas, agus fógrófar an buaiteoir ag tús mhí Aibreáin.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil trí ríomhphost a chur chuig comortas@rte.ie.

Fág freagra ar 'RTÉ Raidió na Gaeltachta ag reáchtáil comórtais chun an cumann CLG is Gaelaí in Éirinn a aimsiú'