Roghnaigh an Ghaeilge ‘ar a son féin’ agus ná bí anuas ort féin

Na trí ‘shaighdiúir’ in ‘arm’ na teanga: an briathar, an t-ainmfhocal agus an réamhfhocal

Roghnaigh an Ghaeilge ‘ar a son féin’ agus ná bí anuas ort féin

Labhraíodh cheana sa tsraith seo ar ghnéithe den bhriathar, den chomhréir, agus de chúrsaí béime sa chaint bheo.

Cé is moite den bhriathar, is iad an dá ghné eile is tábhachtaí de chuid na teanga ná an t-ainmfhocal (noun) agus an réamhfhocal (preposition).     

‘Col ceathair’ leis an réamhfhocal is ea an forainm réamhfhoclach. As na focail forainm (e.g. mé, tú, sé, sí, etc) agus réamhfhocal (e.g. le, ar, ó, as, faoi, etc) a thagann an téarma ‘forainm réamhfhoclach’.

Seo thuas na gnéithe is tábhachtaí a bhaineann le foghlaim agus le sealbhú na teanga, más ea. Bheith ábalta iad a chur i bhfeidhm astu féin agus i gceann a chéile a bhronnann líofacht cainte agus scríbhneoireachta ar dhuine leis an aimsir.  

Caith uait ‘gaois’ na haoise seo agus foghlaim na briathra agus na forainmneacha réamhfhoclacha de ghlanmheabhair. Is féidir iad a fhoghlaim ‘i gcomhthéacs’, mar a mholann lucht oideachais, chomh maith céanna – ach cuir de ghlanmheabhair iad. 

Freagra é ‘Tá sé leadránach’ a oireann do pháiste cúig bliana d’aois. Cuir de leataobh bealaí an pháiste, múch na scáileáin ar feadh tamaill, agus tabhair sciuird ar fhearann an leadráin. Ní fada go n-éireoidh cúrsaí ríspéisiúil duit agus go mbeidh sceitimíní ort faoi thorthaí do chuid foghlama. ‘Rún’ é seo nach roinntear le mórán foghlaimeoirí teanga ar chúiseanna nach dtuigim. Creid leat uaim é, áfach: cúiteofar do chuid oibre leat – na tamallacha a thugais i ngort an leadráin san áireamh.  

Sin é an briathar, an réamhfhocal agus a ‘chol ceathair’. 

Maidir leis an ainmfhocal, an t-eolas is tábhachtaí a bhaineann leis ná (1) cén inscne atá aige agus (2) cén t-athrú a thiocfaidh air sa tuiseal tabharthach (e.g. ar an bhfuinneog) agus sa tuiseal ginideach (e.g. leac na fuinneoige). 

Patrúin athraithe (patterns of change) an t-eolas is tábhachtaí atá le fáil sna díochlaontaí, na grúpaí lena mbaineann focail ar leith. Nuair a thuigeann tú go mbaineann ‘fuinneog’ agus ‘spideog’ leis an ngrúpa céanna agus gurb é an t-athrú céanna a thiocfaidh ar an dá fhocal dá bharr, tá leat. Maidir le cén ‘uimhir’ atá ag an ngrúpa lena mbaineann na focail sin – nó ‘Cén díochlaonadh ina bhfuil siad?’ de réir na ngraiméar – ná bac leis an eolas sin seachas má chuidíonn sé leat mar fhoghlaimeoir.   

Níl uait ach an méid seo a leanas: 

Fuinneog › An fhuinneog › Leac na fuinneoige

Spideog › An spideog › Eireaball na spideoige

Nuair a bheidh cleachtadh déanta agat ar dhóthain samplaí den chineál thuas, is féidir triail a bhaint astu gan an t-alt, is é sin, an focal ‘an’ – e.g., leac fuinneoige, eireaball spideoige, etc.  

Ina dhiaidh sin, is féidir triail a bhaint as samplaí sa ghinideach iolra. Tá idir lagiolraí againn – ar nós An Piarsach › Na Piarsaigh › Stáisiún na bPiarsach – agus tréaniolraí, ar nós An buachaill  › Na buachaillí  › Rang na mbuachaillí. 

Focal a chaolaítear nó a gcuirtear ‘a’ leis chun é a chur san uimhir iolra, tuiseal ainmneach, is lagiolra é. Is ar aon chuma le bunchruth an fhocail atá an tuiseal ainmneach, e.g. fear, an fear. Déantar caol é san uimhir iolra nuair a athraítear ea go i: an fear › na fir. 

Tabhair faoi deara go bhfuil an chuma chéanna ar dheireadh an fhocail ‘An Piarsach’ agus atá ar dheireadh an leagain ‘Stáisiún na bPiarsach’. Ar an gcaoi chéanna, deirtear ‘an fear’ agus ‘comórtas na bhfear’. Is minic an scéal amhlaidh le lagiolraí sa tuiseal ginideach. Tá na tréaniolraí níos fusa fós.   

Ó thaobh na teanga labhartha de, ní as na ceantair ina labhraítear Gaeilge do go leor d’fhoghlaimeoirí na teanga, rud a fhágann nach mbíonn siad ar fad ar a gcompord ag déanamh aithris ar cheann de chanúintí na Gaeltachta. Foghlaimíonn na daoine sin Gaeilge atá pas beag neodrach, áit a gcloistear macalla de na canúintí ar fad, agus ní miste sin. Daoine eile, is fearr leo canúint a fhoghlaim. Pé acu Gaeilge neodrach nó canúint ar leith atá tú a fhoghlaim, áfach, má tá tú dáiríre faoin teanga, is gá duit iarracht a dhéanamh fuaimeanna teicniúla na teanga, mar a bhíonn siad ag cainteoir dúchais, a thabhairt leat. 

Ní hionann an iarracht seo ar fhuaimniú ceart na teanga a shealbhú agus do ‘thuin chainte’ a athrú – míthuiscint fhorleathan shothuigthe, ach míthuiscint mar sin féin. Lena chois sin, is fusa iarracht dá leithéid a dhéanamh taobh istigh de chanúint ar leith nuair a thagann an crú ar an tairne.  

Rud nó dhó eile agus críochnód. Tá leabhar breá ag Séamas Ó Murchú: Cúrsa Tosaigh Foghraíochta. Ceannaigh é. 

Tarraing ort féin ábhar Tuairisc.ie agus thar aon rud eile, na leabhair. Múch an diabhal guthán agus léigh ar feadh 20 nóiméad nó leathuair a’ chloig cúpla lá sa tseachtain. Tabhair tamall i gcartlann Raidió na Gaeltachta agus caith do shúil ar chuid de chartlann TG4. Moilligh an chaint má tá sí róthapaidh duit. Tabhair cuairt ar fuaimeanna.ie más fút ceann de na mórchanúintí a fhoghlaim. Cuir an fón ar mhodh an eitleáin, agus déan taifeadadh ort féin leis ag déanamh aithris ar dhuine de na cainteoirí breátha ann. 

Aimsigh duine amháin eile a bheidh sásta Gaeilge a labhairt leat ar feadh tamaill gach lá, nó cúpla lá sa tseachtain – is leor beirt. 

Táimid ar fad cúthaileach, táimid ar fad goilliúnach agus táimid ar fad ag foghlaim. Lena chois sin, teastaíonn tacaíocht uainn go léir. Éiligh an fhoirfeacht ort féin ach ná bí anuas ort féin mura n-éiríonn leat í a bhaint amach i gcónaí, agus cuimhnigh nach gá gur ceart i gcónaí go leagfaí suáilcí na dea-chraoltóireachta anuas ar an ngnáthphobal cainteoirí. Tá meas ar an dea-chainteoir de bharr go bhfuil sé eisceachtúil mar dhuine i measc an phobail – sin an fáth a bhfuil urraim ar bhua na dea-chainte aige. Uaillmhian ag an gcuid is mó againn is ea Gaeilge mhaith a shealbhú, idir labhairt agus scríobh, seachas rud a chuirfimid i gcrích lenár mbeo.

Mar fhocal scoir, tabhair droim láimhe leis an gcoimpléasc uirísleachta atá ag goilliúint ar aos polaitíochta agus ar mheáin Bhéarla na tíre seo, agus déan mar a rinne ‘Laethanta Breátha’ Chorca Dhuibhne riamh anall: roghnaigh an Ghaeilge ‘ar a son féin’. Go n-éirí leat.  

Fág freagra ar 'Roghnaigh an Ghaeilge ‘ar a son féin’ agus ná bí anuas ort féin'

  • Maire Blundell

    Is aoibhinn liom do comhairle úsáideach
    Grmma,