Dé Domhnaigh, 14 Lúnasa
15:17 – Padraig Harrington – Babhta 3
12:52 – Séamus Power – Babhta 3
13:30 – Fionnuala McCormack, Lizzie Lee & Breege Connolly – Maratón
01:30 – Ciara Mageean – 1500m (Babhta Leathcheannais)
15:30 – Michael Conlan v Aram Avagyan (an Airméin) – Coileachmheáchan 56kg (Babhta an 16)
14:00 – Greg Broderick – Seóléimneach (Babhta Cáilithe)
Iomaitheoir an Lae – Fionnuala McCormack (Maratón)
Seo é an tríú huair do McCormack freastal ar na Cluichí Oilimpeacha agus í san iomaíocht i rásaí difriúla gach aon uair. Sa léimrás 3,000m a bhí sí i mBeijing, an 5,000m agus an 10,000m i Londain agus tá sí anois i Rio ag rásaíocht sa cheann is faide, an maratón.
Bhain sí áit amach sa 10,000m an uair seo chomh maith ach roghnaigh McCormack díriú ar an maratón. Cháiligh sí do na Cluichí Oilimpeacha tar éis di críochnú sa 13ú háit i maratón Chicago agus cé gur beag seans a bheidh aici bonn a bhaint amach, bheadh sí sásta má éiríonn léi sáriarracht phearsanta nua a bhaint amach i Rio.
Rogha an Lae
Meastar rás 100m na bhfear mar cheann de phríomhchomórtais na gCluichí Oilimpeacha ach beidh ort fanacht i do shuí deireanach san oíche má tá tú ag iarraidh breathnú beo air i Rio. Is ag 02:25 maidin Dé Luain a chuirfear tús leis an rás ach seans gurbh fhiú duit é.
Is idir Usain Bolt agus Justin Gatlin is mó atá sé agus Bolt sa tóir ar a thríú bonn óir as a chéile sa rás. Is ag Bolt a bheidh an chuid is mó den tacaíocht, go háirithe ó tharla gur cuireadh Gatlin ar fionraí faoi dhó de bharr mí-úsáid drugaí, ach is é Gatlin is tapúla i mbliana agus is aige atá an buntáiste sa rás.
Fág freagra ar 'Rio 2016/Clár an lae: Na hÉireannaigh a bheidh san iomaíocht inniu…'