Dé hAoine, 19 Lúnasa
13:25 – Leona Maguire – Babhta 2
14:47 – Stephanie Meadow – Babhta 2
12:00 – Rob Heffernan, Brendan Boyce & Alex Wright – Siúlóid 50km
16:00 – Natalya Coyle – Snámh
18:00 – Natalya Coyle – Pionsóireacht
19:30 – Natalya Coyle – Eachaíocht
22:00 – Natalya Coyle – Rith agus Lámhach Piostail
Iomaitheoir an Lae – Siúlóid 50km
Is é Heffernan an lúthchleasaí is mó taithí ar fhoireann na hÉireann sa Bhrasaíl. Seo é an cúigiú huair aige páirt a ghlacadh sna Cluichí Oilimpeacha agus tá bonn buaite aige cheana. Chríochnaigh sé sa cheathrú háit i Londain in 2012 ach bronnadh an bonn cré-umha air nuair a rugadh ar Sergey Kirdyapkin, an fear a bhuaigh an rás, ag baint mí-úsáid as drugaí. Tá boinn buaite ag Heffernan chomh maith ag Craobhacha an Domhain, bonn cré-umha in 2012 agus ceann óir i Moscó in 2013.
Cé go bhfuil Heffernan 38 bliain d’aois, níor cheart go gcuirfeadh sé sin as dó sa rás seo. Chríochnaigh fear Chorcaí sa chúigiú háit ag Craobh an Domhain anuraidh agus gortuithe ag cur as dó, ach tá sé tagtha chuige féin ó shin, agus beidh sé ag iarraidh bonn eile a thabhairt leis i Rio. Beidh ar an gCorcaíoch an ceann is fearr a fháil ar leithéidí Yohan Deniz na Fraince, Matej Toth na Slóvaice agus Jared Tallent na hAstráile má tá sé chun an beart a dhéanamh.
Fág freagra ar 'Rio 2016/Clár an lae: Na hÉireannaigh a bheidh san iomaíocht inniu…'