‘Rinneadh botúin agus foghlaimeofar ceachtanna’ – ráiteas déanta ag Coveney faoi chás Zappone

Dúirt an Tánaiste Leo Varadkar go bhfuil sé ‘muiníneach’ nár sáraíodh aon rialacha sláinte phoiblí ag ócáid a d'eagraigh Katherine Zappone i mBaile Átha Cliath

‘Rinneadh botúin agus foghlaimeofar ceachtanna’ – ráiteas déanta ag Coveney faoi chás Zappone

Deir an tAire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney “go ndearnadh botúin” maidir le ceapachán Katherine Zappone mar thoscaire chuig na Náisiúin Aontaithe agus go bhfuil “ceachtanna le foghlaim” ón gconspóid.

D’fhógair an t-iar-aire leanaí Katherine Zappone inniu nach raibh fúithi glacadh lena ceapachán rialtais mar Thoscaire Speisialta chuig na Náisiúin Aontaithe.

Coveney a d’iarr ar Katherine Zappone an post mar thoscaire chuig na Náisiúin Aontaithe a dhéanamh.

Dúirt an Tánaiste Leo Varadkar tráthnóna go bhfuil sé “muiníneach” nár sáraíodh aon rialacha sláinte phoiblí ag ócáid a d’eagraigh Katherine Zappone i mBaile Átha Cliath. Bhí Varadkar i measc 50 duine a d’fhreastail ar an ócáid amuigh faoin aer ag an Merrion Hotel roinnt laethanta roimh cheapachán conspóideach Katherine Zappone mar Thoscaire Speisialta chuig na Náisiúin Aontaithe.

Bíonn sé féin “an-chúramach ar fad” faoi na rialacha Covid-19, a dúirt Varadkar. Dúirt sé gur oth leis an chonspóid a bhain leis an gceapachán.

Tá éileamh ann go soiléireofaí an próiseas ceapacháin agus Teachtaí Dála de chuid an fhreasúra ag maíomh nach raibh aon trédhearcacht ag baint leis an gceapachán agus gur “fabhar” a bhí i gceist.

Méadaíodh ar an mbrú ar Katherine Zappone inniu nuair a foilsíodh scéal san Irish Independent faoi ócáid phríobháideach taobh amuigh a d’eagraigh sí ag Óstán an Merrion i mBaile Átha Cliath. Dúirt Zappone gur chloígh an ócáid, a tharla sé lá roimh a ceapachán, leis na treoirlínte maidir leis an tsláinte phoiblí.

Dúirt ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald gur gá don Rialtas a bheith “trédhearcach” faoin gceapachán agus faoin “próiseas nó easpa próisis” a bhain leis.

“Caithfear liosta na n-aíonna a bhí i láthair ag na ócáid in Óstán an Merrion a chur ar fáil chomh maith. Ní foláir deireadh a chur leis na laethanta a mbíodh poist do na buachaillí agus na cailíní taobh istigh á maoiniú ag airgead an cháiníocóra,” a dúirt ceannaire Shinn Féin.

Fág freagra ar '‘Rinneadh botúin agus foghlaimeofar ceachtanna’ – ráiteas déanta ag Coveney faoi chás Zappone'