Rialtas na Catalóine ag cur i gcoinne ordú cúirte go gcaithfidh 25% den scolaíocht a bheith i Spáinnis

Le 40 bliain, is í an Chatalóinis teanga an tseomra ranga faoi pholasaí tumoideachais d’fhonn í a chosaint mar theanga mhionlaigh sa Spáinn

Rialtas na Catalóine ag cur i gcoinne ordú cúirte go gcaithfidh 25% den scolaíocht a bheith i Spáinnis

Tá rialtas na Catalóine ag moladh go gcuirfí i gcoinne cinneadh de chuid na Cúirte Uachtaraí gur i Spáinnis a dhéanfaí 25% den teagasc sa scoil.

Sheol an rialtas litir chuig breis is 5000 stiúrthóir oideachais ar fud na Catalóine inniu ag moladh dóibh gan cur leis an líon uaireanta teagaisc sa Spáinnis ina gcuid scoileanna.

Le 40 bliain, is í an Chatalóinis teanga an tseomra ranga faoi pholasaí tumoideachais d’fhonn í a chosaint mar theanga mhionlaigh sa Spáinn.

Labhair Aire Oideachais na Catalóine, Josep González-Cambray, amach go láidir i gcoinne chinneadh na cúirte agus dúirt gur údar maith eile a bhí ann le neamhspleáchas a fháil don Chatalóin.

“Is ionsaí tromchúiseach é an cinneadh seo ar bhunchloch scoileanna na Catalóine agus é á dhéanamh ag cúirt i bhfad ó bhaile nach dtuigeann an saol mar atá ag lárionaid oideachais na Catalóine,” a dúirt sé.

Dhiúltaigh Cúirt Uachtarach na Catalóine don achomharc a rinne an aireacht oideachais gcoinne chinneadh Ard-Chúirt na Catalóine  go gcaithfí 25% den obair scoile a dhéanamh sa Spáinnis.

Fágann toradh na breithe seo go gcaithfear ar a laghad croí-ábhar amháin nach teanga é a mhúineadh trí Spáinnis chomh maith leis na ranganna Spáinnise féin atá á dteagasc i scoileanna na Catalóine cheana féin.

Bhí feachtas ar siúl ag páirtithe atá ar son aontú na Spáinne go gcuirfí leis an méid teagaisc sa Spáinnis a dhéantar i scoileanna na Catalóine.

Tá sé fógartha ag aireacht oideachais na Catalóine go ndéanfaidh sí achomharc sa Chúirt Uachtarach.

Sa bhliain 2014, rialaigh Uaschúirt Bhreithiúnais na Catalóine go raibh sé de cheart ag scoláire go múinfí ar a laghad 25% dá chuid ábhar i Spáinnis sa seomra ranga dá n-éileodh sé a leithéid ach mí na Nollag 2020 d’eisigh an chúirt chéanna rialú a chuir d’iallach ar chóras oideachais uile na Catalóine cloí leis an gcéatadán sin Spáinnise sa seomra ranga “go héifeachtach agus láithreach”.

Fág freagra ar 'Rialtas na Catalóine ag cur i gcoinne ordú cúirte go gcaithfidh 25% den scolaíocht a bheith i Spáinnis'