Riail 101: Ná léigh na nótaí tráchta ar ailt fén nGaelainn ar leithéid an Journal.ie

Bhris ár gcolúnaí a riail féin fé dhó an tseachtain seo caite nuair a foilsíodh dhá alt ar an Journal. Nuair a tháining sé chuige féin, bhreac sé roinnt moltaí le dul i ngleic leo siúd a bhreacann tráchtanna binibeacha faoin nGaeilge ar líne

DontFeedTheTrolls2-1

Caithimse scata ama, an iomarca ama b’fhéidir, ag léamh ailt idirlín, as Gaelainn agus as Béarla. Níl ach aon riail amháin agam, agus an riail sin agam chun mo chiall agus mo mheabhair a choinneáil. Is é sin Riail 101: Ná léigh na nótaí tráchta ar ailt fén nGaelainn. Tá a fhios agaibh na tráchtanna atá i gceist agam – iad siúd ar TheJournal.ie, www.independent.ie agus suímh eile dá leithéid. Éinne agaibh a léann na suímh úd, tuigfidh sibh cad fáth.

Tá clár plé an Journal go háirithe tar éis ardán agus stáitse a thabhairt do thuairimí cuid de na naimhde is mó fuath agus is binbí i dtaobh na Gaelainne. Is cuma cad is ábhar don alt, tugann na daoine seo, agus ainmneacha cleite anaithnid ar a bhformhór, fogha fén dteanga agus lucht a labhartha.

Bíonn idir leathamadántaíocht (na daoine a scríobhann ‘ba mhaith liom dul go dtí an leithreas’ mar thrácht ar gach ábhar) agus deargfhuath (nótaí tráchta ar nós an chinn a thug le fios gur “mí-úsáid linbh ab ea é a gcloiginn a líonadh leis an dteanga lofa gan mhaith úd”). Ní ábhar an ailt atá ag cur tinnis ar a lán de na ceithearnaigh mhéarchláir seo ach ionsaí ar an nGaelainn, ar na nGael agus ar an nGaelachas.

Bíodh acu. Mar a deirim, tá sé mar riail agam gan na nótaí tráchta a léamh mar go bhfuil fhios agam go mbeidh pus agus púic orm dá bharra. Ach mo léan géar agus slán mar a hinstear, bhriseas mo riail féin fé dhó an tseachtain seo caite nuair a foilsíodh dhá alt ar an Journal, ceann fé stailc teangan Liadh Ní Riada agus píosa tuairimíochta fén gcostas a bhaineann le haistriú cáipéisí oifigiúla go dtí an teanga seo againne. Ní nach ionadh, bhí óglaigh an fhrithghaelachais amú go tréan, agus de réir mar a bhíos ag dul síos tríd na nótaí tráchta, is suas a bhí mo brú fola ag dul.

Dá mbeadh aon ghéilleadh agat dos na tuairimí a bhí á nochtadh, níl ach leathdhosaen nó mórsheisear againn fós ag labhairt na teanga, mairimid ar fad i gConamara, áit a bhfuil milliúnaithe déanta dhúinn ag deontais stáit; is faisistigh bunchreidmheacha teangan sinn ar fad, agus tá an líon airgid atá á chaitheamh ar an dteanga ar aon dul le fiacha na Gréige.

Bhí conach chomh mór san orm ar deireadh gur chaitheas an fón uaim, gheibheas don doras amach le striop siúil fúm agus ba dhóbair dom fráma an doiris a thabhairt liom le fearg. Bhaineas tigh an óil amach féachaint le sámhnas a chur ar an mborradh feirge le taoscán pórtair. Tar éis an bhabhta féinteiripe seo, rith sé liom go bhfuil slí níos éifeachtaí chun déileáil le saighdiúirí seo an tSacs-Bhéarla agus a n-argóintí aineolacha. Ní haon mhaitheas dul ag argóint leo. Tá an ceart acu féin agus dá gcuirfeá do thóin ar an dtine ní chuirfeá ar malairt aigne iad. Mar sin, molaim an cur chuige seo leanas mar fhreagra ar na pointí coitianta seo a leanas:

1. Irish is a useless/dead/horrible/language. 

esl-english-only-sign

Abair leo go bhfuil an ceart acu. Ní haon mhaitheas a rá leo go bhfuil tuairim agus 80, 000 cainteoir laethúil ann agus 1.7m duine a bhfuil tuiscint acu ar an dteanga, de réir an Daonáirimh.

Ní fiú a rá leo go bhfuil fás ar na Gaelscoileanna. Ní fiú a rá leo go bhfuil pobal gníomhach ar líne aici agus go bhfuil sí ar cheann de na teangacha dúchasacha is mó úsáid ar Twitter. Abair leo gur teangacha marbha iad gach teanga eile ar fud an domhain seachas Mardarin, Béarla agus Castellano, agus nach aon mhaitheas a bheith ag labhairt leithéidí Iodáilis, Fraincis agus Gearmáinis.

2. Irish is a waste of money, money that would be better spent elsewhere.

Abair leo go bhfuil an ceart acu. Ná bíodh sé de chros ag an ndiabhal ort na foclaibh seo leanas a bhreacadh:

What need you, being come to sense,

But fumble in a greasy till

And add the halfpence to the pence

And prayer to shivering prayer, until

You have dried the marrow from the bone;

For men were born to pray and save….

Abair nár chóir aon airgead a chaitheamh ar an nGaelainn, ná ar na healaíona, ar chúrsaí spóirt (go háirithe na cluichí Gaelacha – óir ní féidir aon bhonn Oilimpeach a bhuachtaint iontu), ar cheol nó rince nó amhráin nó aon rud dá leithéid. Is leor airgead a chaitheamh ar fhiacha na mbanc a ghlanadh agus tuarastal na bpolaiteoirí a íoc.

3. It’s a complete waste of time teaching Irish/shoving Irish down my throat william_shakespeare

Abair leo go bhfuil an ceart acu. Aontaigh leo nuair a deir siad gur cheart ‘Sínis’ a mhúineadh ina hionad (ná habair leo nach bhfuil a leithéid de theanga ann agus gur dóichí gur Mandarin atá i gceist acu) agus cuir na hábhair seo leanas leis an liosta de rudaí ar chur amú ama iad iad a phlé leo – Béarla (sure cén mhaitheas atá le Shakespeare nó Jane Austen sa mhargadh fostaíochta?) teangacha Eorpacha, bitheolaíocht (nach bhfuil an t-idirlíon againn chun gluaiseachtaí coirp a mhúineadh dúinn); Stair, Geolaíocht, Eacnamaíocht Baile (dhera, nach bhfuil biachláir bialanna síneacha i ngach

tigh sa tír?) srl srl srl. Is leor Mandarin, Códáil agus Ceimic mar ábhair.

4. Peig/the Nuns/Christian Brothers ruined Irish for me/bate it into me 

peigSayer

Tá teoiric ar a dtugtar Godwin’s Law atá úsáideach dúinn sa chás seo. Tugann Dlí Godwin le fios go bhfuil sé ionann agus cinnte go luafar Hitler agus na Naitsithe ar cláracha plé ar líne nuair a théann na argóintí i dtreise, is cuma cén t-ábhar atá á phlé. Má chuireann tú i leith duine éigin go bhfuilid ar nós Hitler, tá an argóint caillte agat – buille féinmharaithe na muice más maith leat.

I gcás altanna Gaelainne, d’fhéadfaí Dlí Pheig a úsáid – luath nó mall, luafar a hainm, agus nuair a luaitear, tá an argóint caillte ar an té a luann í. Ach is cuma sin – abair leo go bhfuil an ceart acu, gurb ionann Peig agus an Ghaelainn agus an Ghaelainn agus Peig, agus go bhfuil ana-chiall an milleán ar fad dá bhfuath ar ár dteanga dhúchais a chur ar bhean a cailleadh os cionn leathchéad bliain ó shin agus nár scríobh focal Gaelainne riamh.

B’fhéidir, áfaigh, go bhfuilimid beagáinín róghoilliúnach nuair a bhíonn na rudaí seo á léamh againn. Más Gael tú, más duine aerach tú, más duine den lucht siúil tú, más teifeach tú, más ar an dól duit, más ón dtuath duit, geobhair fuath agus binb agus ionaí sna nótaí tráchta.

Dá dtabharfá le fios gur Gael aerach gorm de shliocht an lucht siúil ón gcósta thiar tú atá dífhostaithe, seans go gclisfeadh ar fad ar idirlíon leis an rabharta feirge agus binbe a spreagfá. Beidh namhaid ag na mionlaigh i gcónaí.

B’fhéidir gur cheart dúinn, fé mar a moladh dom le déanaí, sásamh agus gáire a bhaint as na nótaí tráchta. Radharc ar an ngealtlann atá ann. Cuirim i gcás an fealsamh a scríobh an ghiolc a thug le fios gur “bullshit public service tokenism to appease the gaelic language fundamentalists” is ea é go mbeadh logainmneacha Gaelacha ar bhusanna Éireannacha i bpríomhchathair na hÉireann. Ní féidir ach gáirí féna leithéid cé gur mhol Conamarach – “don’t mock the afflicted, a mhac”. Ní haon mhaith a bheith leo. Ní haon maith a bheith ag lasadh tine sa loch nó ag bailiú cloch sa chuan.

Moladh dom le déanaí chomh maith go mb’fhéidir gur cheart dúinn foireann ar líne a chur le chéile ar nós na cybernats in Albain, grúpa daoine a bhí ag tacú ar líne le neamhspleáchas na hAlban. Bhíodar ana-éifeachtach ag tacú leis an neamhspleáchas, ach bhain roinnt acu droch-cháil amach toisc go rabhadar chomh binibeach le roinnt de na frith-Ghaeil sa tír seo. B’fhéidir go bhfuil fiúntas lena leithéid de ghrúpa – Na Cibear-Ghaeil – ach fealsúnacht dhearfach a bheith acu. Ní leor a bheith ag caitheamh amach na clichés ‘west-brit’ agus ‘tír gan teanga tír gan anam’ sna hargóintí seo.

Tá a fhios againn ar fad nach bhfuil 1.7m duine le Gaelainn sa tír. Ach is léiriú an figiúir sin go bhfuil ar a laghad 1.7m duine báúil leis an dteanga sa tír. Caithfear cuimhneamh air sin nuair atá an ghomh ag brúchtaíl aníos ionainn. Níl sna ceithearnaigh mhéarchláir atá inár gcoinne ar an Journal ach náid i gcomhnárd leis an líon daoine atá linn.

Nó b’fhéidir go sáfainn mo cheann isteach sa ghaineamh aríst agus cloí le Riail 101.

Fág freagra ar 'Riail 101: Ná léigh na nótaí tráchta ar ailt fén nGaelainn ar leithéid an Journal.ie'

  • seán ó ceallaigh

    Nár chualaís riamh an rá ‘cuir ceirín den neamhshuim leis’ , is in mar a chaithfinnese leis na gíománaigh aineolacha sin. Bheadh chomh maith agat a bheith ag gabháil de ribe ar iarann fuar is a bheith a d’iarraidh éinní mar le dúchas, oidhreacht, sinsearacht, sibhialtacht, eagna, cultúr, saíocht is eile a áiteamh ar an mbraon lábúrtha sin. Aigne iarchóilíneach atá i réim ina measc siúd, arb ionann é agus féin-ghráin ar a lán slite. Níl aon chine eile ar chlár na cruinne – agus tá riar maith dhe siúlta agam féin – atá chomh tugtha céanna don bhféin-aithisiú na don bhféin-uirísliú is atáimíd féin. Glactar le luachanna an choilíní sna háitainmneacha, i mbéarlagar agus i meon aigne na meán, sa pholaitíocht, fiú inár gcluichí;níl focail an amhráin náisiúnta ag mórán mór dár n-imreoirí ná ní lú an fonn atá orthu an dua a chur orthu féin iad a fhoghlaim; féach, os a choinne sin, imreoirí na B. Bige agus an mórtas cine ag púscadh tríd an gcroí amach acu. Teanga na tíre atáthar a altú san amhrán náisiúnta sin acu agus a chomharthaí air. Cuir in ainm phoillíní an diabhail na Taliban agus na filistínigh mínáireacha inár measc agus cinímís féin greim ar a bhfuil de dhúchas againn agus cuirimís sin os ard ag gach ócáid mhór is bheag. Níor bheag san!

  • Glór í Eo

    Scríobh tráchtanna i nGaeilge ar aon ábhair sa Journal. Nó b’fhéidir go nglacfaidh siad le halt Gaeilge go rialta? Ar iarr éinne orthu? Ceann ó “Tuairisc” chuile lá? Bímid dearfach.

  • Feardorcha

    Seans go bhféadfaí Haiku a shíneadh ina dtreo. Nach bhfuil fhios ag an saol go bhfuil na Gaeilgeoirí fiáin chun Haikúnna.