Réalta rugbaí óg na Ceathrún Rua ainmnithe le tosú do Chonnacht den chéad uair

Tá Colm de Buitléar, arb as an gCeathrú Rua i nGaeltacht Chonamara dó, ainmnithe ar an gcliathán do Chúige Chonnacht dá gcluiche mór i gcoinne Sale Sharks amárach

Réalta rugbaí óg na Ceathrún Rua ainmnithe le tosú do Chonnacht den chéad uair

Colm de Buitléar. Pictiúr: INPHO/Oisin Keniry

Tá réalta óg rugbaí na Ceathrún Rua, Colm de Buitléar, ainmnithe ar fhoireann Chúige Chonnacht a bheidh ag imirt i gcoinne Sale Sharks i gCorn an Dúshláin amárach.

D’imir de Buitléar do Chonnachta den chéad uair an tseachtain seo caite nuair a tháinig sé isteach mar ionadaí sa chluiche inar bhuaigh siad in aghaidh Bordeaux Bègles ar an mBóthar Beag. Is léir go ndeachaigh taispeántas fhear na Gaeltachta, a d’fhreastail ar Scoil Chuimsitheach Chiaráin ar an gCeathrú Rua, i bhfeidhm ar an lucht bainistíochta agus é anois ainmnithe den chéad uair le dul chun páirce ó thús le foireann shinsir an chúige.

Ina leathchúlaí clibirte a bhí de Buitléar faoi dheireadh na himeartha an tseachtain seo caite toisc gur baineadh gortú do Conor McKeown, ach is ar an gcliathán a bheidh sé i gcoinne Sale amárach.

Tá imreoir eile ó Acadamh Chonnacht a tháinig isteach in aghaidh Bordeaux, Conor Fitzgerald, ainmnithe mar leathchúlaí amuigh ar an bhfoireann a fógraíodh tráthnóna. Tá imreoir óg eile ón acadamh, Matthew Burke, ainmnithe i measc na n-ionadaithe.

Is ag 3.00pm amárach a imreoidh Cúige Chonnacht an dara cluiche á imirt acu i gCorn an Dúshláin.

Fág freagra ar 'Réalta rugbaí óg na Ceathrún Rua ainmnithe le tosú do Chonnacht den chéad uair'