Réalta na gclubanna ag lonrú i gcónaí agus roinnt cluichí ceannais romhainn

Ní tearc na cluichí móra club an deireadh seachtaine seo cé nach bhféadfaí an rud céanna a rá faoi na ticéid!

Réalta na gclubanna ag lonrú i gcónaí agus roinnt cluichí ceannais romhainn

Noel McGrath agus foireann Luachma/Chaisleán Laighnigh a d'imir i gcluiche ceannais na Mumhan 2014. Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

An tráth seo anuraidh ba iad Tiobraid Árann ríthe na fuinseoige sa tír agus iad ina seaimpíní sinsir agus faoi 20 na hÉireann.

Ansin cuireadh dlús le comórtas na gclubanna agus ag tarraingt ar an Nollaig bhí craobhacha na gclubanna á gcríochnú agus na comórtais chúige ag tosnú.

Leanas an chuid is mó den aicsean le cabhair TG4. Sheas dhá fhoireann amach, Buiríos Ó Luigheach Thiobraid Árann agus Baile Gunnair Phort Láirge.

Bhí foireann mhaith ag leaids Thiobraid Árann agus captaen iontach acu, Brendan Maher agus é ag dul ó neart go neart de réir mar a bhí an bhliain ag sleamhnú uainn. Ach cheapas féin go mbeadh sé thar a bheith deacair Baile Gunnair a bhualadh. Ach dar ndóigh ba iad na Tiobraid Árannaigh curaidh na Mumhan ag deireadh an tséasúir.

Bliain aisteach í 2020 agus muid ag déanamh ar an ráithe dheiridh. Is iad Baile Gunnair ríthe na hiomána fós sna Déise ach tá a gcuid déanta ag Buiríos Ó Luigheach i ndiaidh, creid é nó ná creid, pocanna éirice sa chluiche ceathrú ceannais i gcoinne An Droma-na hInse.

Amárach imreofar cluiche ceannais Thiobraid Árann na bliana seo agus cumann Chill an Daingin i gcoinne Luachma-Caisleán Laighnigh.
Seo an tríú huair le cúig bliana ag Cill an Daingin a bheith sa chluiche ceannais ach níor éirigh leo corn Dan Breen a thabhairt abhaile leo go fóill.

Ach caithfidh go bhfuil ardseans acu amárach i ndiaidh dóibh bua cúig chúilín déag a fháil ar An Drom-An Inis. Agus ná déan dearmad gurbh iad An Drom a bhuaigh ar sheaimpíní 2019 Buiríos Ó Luigheach (a bhuaigh ar Chill an Daingin sa chraobh sin).

Deirtear liom go raibh an Chill ar fheabhas sa chluiche leathcheannais. Níor ligeadar isteach aon scór ón imirt sa dara leath agus níor ligeadar ach dhá chúilín ón imirt leis An Drom sa chluiche ar fad. Sin smacht agus ceannas agat.

Déarfainn go raibh seachtain shuimiúil ag Luachma agus iad ag tabhairt faoin iománaíocht arís tar éis dóibh cluiche leathcheannais peile a bhuachaint an Satharn seo caite.

Gach seans go mbeidh an chuid is mó den fhoireann sin ag tosnú amárach agus gan mórán barúil díobh agus iad ag tabhairt faoin gcluiche.

Ach tá scata imreoirí acu a d’fhéadfadh aon chluiche a bhuachaint astu féin beagnach. Go hard ar an liosta sin tá na deartháireacha McGrath – Noel, John agus Brian. Is iontach go deo na himreoirí iad.

Ceapann mo spiairí i dTiobraid Árann go bhfuil Cill an Daingin níos cothroime mar fhoireann, agus, más féidir leo muintir McGrath a choimeád ar an ngannchuid, gur leo a bheidh an lá.

Beidh cluiche ceannais Luimnigh ar siúl anocht, agus na foirne céanna a bhí i gcluiche ceannais 2018 ag tabhairt aghaidh ar a chéile arís. Bhí an bua an bhliain sin ag na Piarsaigh ar Dhún Bleisce. Dar ndóigh tá na Piarsaigh d’uireasa Shane Dowling i mbliana agus Dún Bleisce d’uireasa Richie English nach mbeidh ar ais in aon chor i mbliana. Ach bhíodar gan a réalta idirchontae eile, Darragh Ó Donovan sa chluiche leathcheannais agus d’éirigh leo.

Agus seo á scríobh, ní fios fós an mbeidh O’Donovan ag imirt amárach.

Tá foireann na bPiarsach breac le réaltaí agus bheinn ag siúl gurb iad a bheidh buacach.
Beidh cluiche ceannais Bhaile Átha Cliath á imirt freisin amárach idir fathaigh na hiomána le deich mbliana. Tá ceithre chraobh club buaite ag Cuala agus Baile Baodáin ó 2010 agus dar ndóigh tá dhá chraobh na hÉireann buaite ag Cuala. Cuala atá ina rogha na n-údar.

Go n-éirí an t-ádh leis na clubanna go léir agus leis na hoifigigh bhochta a bheidh ag iarraidh míorúilt an aráin agus an éisc a dhéanamh leis na ticéid.

Fág freagra ar 'Réalta na gclubanna ag lonrú i gcónaí agus roinnt cluichí ceannais romhainn'