Ray Mac Mánais insealbhaithe mar Uachtarán Oireachtas na Gaeilge 2015

‘Cé gur le huirísle agus le humhlaíocht a ghlacaim le slabhra na huachtaránachta, is le bród agus le mórtas a chaithfidh mé é,’ a deir an tUachtarán

 

Mary mcAleese, Ray Mac Mánais lena bean chéile Jenny, Colm, Aoife
Féinphic na n-uachtarán! Iar-Uachtarán na hÉireann, Máire Mhic Giolla Íosa, agus Uachtarán an Oireachtais Ray Mac Mánais lena chlann, a bhean Jenny, a mhac Colm agus a iníon Aoife

Insealbhaíodh Ray Mac Mánais mar Uachtarán Oireachtas na Gaeilge 2015 tráthnóna i dTeach an Ardmhéara i mBaile Átha Cliath. Beidh Mac Mánais, a tógadh i mBéal Feirste ach a chaith a shaol oibre i mBaile Átha Cliath, ina Uachtarán ar Oireachtas na Gaeilge don bhliain amach romhainn.

Tá ceangal fada ag Mac Mánáis leis an Oireachtas agus le comórtais an Oireachtais go háirithe.

Sa bhliain 1999 bronnadh Gradam Oireachtais ar leith air féin agus a leathbhádóir Joe Ó Dónaill as ucht a saothair i gcur chun cinn na n-agallamh fileata traidisiúnta.

“Is mór, agus is ollmhór, an onóir dom a bheith i m’Uachtarán ar Oireachtas na Gaeilge don bhliain 2015. Cé gur le huirísle agus le humhlaíocht a ghlacaim le slabhra na huachtaránachta, is le bród agus le mórtas a chaithfidh mé é. Tá dlúthcheangal fada agam leis an eagraíocht uasal ársa seo, agus is láidre fós an ceangal sin anois” a dúirt Mac Mánais agus slabhra na hoifige á bhronnadh air.

Dúirt sé gurb é an tOireachtas “an t-ardán is tábhachtaí do mhuintir na n-ealaíon traidisiúnta Gaeilge” agus gurb é an tOireachtas “is mó a dhéanann na healaíona sin a chosaint, a chumhdach agus a chaomhnú”.

“Níl dabht ar bith ach gur fearrde go mór saol cultúrtha na hÉireann an tOireachtas” a dúirt sé.

Dúirt Liam Ó Maoladha, Stiúrthóir an Oireachtais, gur tráthúil an t-ainmniúchán a bhí ann.

“Agus Oireachtas na Gaeilge ag tabhairt faoi dhúshlán nua mar cheanneagraíocht sa réimse Deiseanna a thacaíonn le hÚsáid na Gaeilge agus le Bunú Gréasán, is tráthúil gur laoch dár gcuid féin a bheidh mar Uachtarán againn” arsa Stiúrthóir an Oireachtais.

“Tá a shaol caite ag Ray ag cur deiseanna úsáidte Gaeilge ar fáil mar mhúinteoir, mar scríbhneoir, mar aisteoir agus mar shaineolaí ar cheird an lúibín agus an agallaimh bheirte, ” a dúirt sé.

 

Fág freagra ar 'Ray Mac Mánais insealbhaithe mar Uachtarán Oireachtas na Gaeilge 2015'

  • Mise Áine

    Comhghairdeachas ó chroí le Ray…fear uasal…an jab seo tuillte aige, i mo thuairim.

    Go n-éirí go geal leis!