Ráta scaipthe níos airde i gConamara ná mar a bhí aon uair ó thús na paindéime

Tháinig ardú 17% ar líon na gcásanna i gConamara Theas le seachtain anuas agus an ráta scaipthe imithe os cionn 1,000 den chéad uair

Ráta scaipthe níos airde i gConamara ná mar a bhí aon uair ó thús na paindéime

Bhí an ráta scaipthe den Covid-19 níos airde i gConamara Theas ag tús mhí na Nollag ná mar a bhí sé ag aon phointe eile ó thús na paindéime. Léiríonn na figiúirí is deireanaí go ndeachaigh an ráta scaipthe ann os cionn 1,000 cás in aghaidh gach 100,000 sa cheantar den chéad uair.

Ráta scaipthe 1,092 a bhí i gceist i gConamara Theas sa tréimhse idir an 30 Samhain agus an 13 Nollaig agus 233 cás deimhnithe ann san achar sin. B’in ardú 17% ar na figiúirí a bhí luaite leis an gceantar an tseachtain seo caite.

Nuair a bhí an mhaidhm is measa den víreas go dtí seo ann ag tús na bliana seo, ráta idir 700-800 a bhí i gConamara Theas.

Ráta scaipthe os cionn 1,000 a bhí i gConamara Thuaidh sa tréimhse ag tús na míosa seo freisin. Cé gur laghdú beag a tháinig ar líon na gcásanna sa cheantar le seachtain anuas, ó 199 go dtí 174, bhí ráta 1,012 i gceist ann.

Ráta 1,305 a bhí sa mheánráta náisiúnta sa chéad chúpla seachtain de mhí na Nollag. Ní raibh ach dhá thoghcheantar Gaeltachta ar fud na tíre a raibh ráta scaipthe den Covid-19 ann níos airde ná sin.

Ráta 1,411 a bhí i gceist i dtoghcheantar Mhaigh Chromtha, mar a bhfuil Gaeltacht Mhúscraí. De réir na staitisticí is deireanaí, 520 cás nua a deimhníodh sa cheantar le coicís anuas, laghdú beag ón 531 cás a bhí luaite leis an gceantar i bhfigiúirí na seachtaine seo caite.

I dtoghcheantar Bhaile Átha Troim, mar a bhfuil cuid de Ghaeltacht Ráth Chairn, laghdú freisin a tháinig ar líon na gcásanna, ó 476 go dtí 417, ach bhí an ráta ag 1,337, níos airde ná an meánráta náisiúnta.

I gCeanannas, mar a bhfuil an chuid eile de Ghaeltacht Ráth Chairn agus Bhaile Ghib, d’ardaigh an ráta ó 1,114 go 1,145 agus cláraíodh 371 cás nua ansin.

I bPort Láirge, thit an ráta scaipthe i dtoghcheantar Dhún Garbhán, mar a bhfuil Gaeltacht na nDéise, faoin mheánráta náisiúnta den chéad uair ó dheireadh mhí Dheireadh Fómhair. Ráta 1,161 atá i gceist sa cheantar anois, síos ó 1,420 an tseachtain seo caite. 238 cás den víreas a deimhníodh ann idir an 30 Samhain agus an 13 Nollaig.

D’fhan na figiúirí i dtoghcheantar Neidín, mar a bhfuil Gaeltacht Uíbh Ráthaigh, mar a bhí an tseachtain seo caite – ráta 623 agus 156 cás – ach ardú 25% a bhí i gceist i gCorca Dhuibhne. 127 cás a cláraíodh sa cheantar le coicís anuas, suas ó 102 an tseachtain seo caite, agus ráta 896 ann anois.

I nDún na nGall, thit an ráta i dtoghcheantar na nGleanntach, mar a bhfuil formhór de Ghaeltacht Thír Chonaill. Ráta 748 a bhí sa cheantar ag tús na míosa agus líon na gcásanna nua tite ó 224 go dtí 179 le seachtain anuas.

I ndeisceart an chontae, d’ardaigh an ráta i dtoghcheantar Bhaile Dhún na nGall ó 940 go dtí 1,004 agus 266 cás nua cláraithe ansin le coicís anuas. Ó thuaidh, ráta 857 a bhí i dtoghcheantar Bhaile na nGallóglach agus 118 cás cláraithe ansin idir an 30 Samhain agus an 13 Nollaig, suas ó 755.

I Maigh Eo, tháinig laghdú ar an ráta i mBéal an Mhuirthead den chéad uair le dhá mhí anuas. Thit an ráta sa cheantar ó 841 go dtí 643, titim breis is 20%, tar éis do 81 cás den víreas a bheith deimhnithe ann ag tús na míosa.

I dtoghcheantar Chathair na Mart, mar a bhfuil Gaeltacht Thuar Mhic Éadaigh, ráta 1,001 a bhí i gceist agus 184 cás deimhnithe ansin le coicís anuas.

Fág freagra ar 'Ráta scaipthe níos airde i gConamara ná mar a bhí aon uair ó thús na paindéime'