Rasaí capall na Nollag – céard iad na capaill ar cheart súil a choinneáil orthu?

Agus rásanna móra ann tar éis no Nollag, breathnaíónn Tuairisc.ie ar chuid de na capaill a bheidh san iomaíocht

2015 Cheltenham Festival, Prestbury Park, Cheltenham, England 10/3/2015 Sky Bet Supreme Novices' Hurdle  Douvan ridden by Ruby Walsh on his way to winning the first race of the festival Mandatory Credit ©INPHO/Dan Sheridan
Pictiúr: INPHO/Dan Sheridan

DÉ SATHAIRN  26ú NOLLAIG 2.55  BAILE NA LOBHAR

RACING POST NOVICE STEEPLECHASE €90,000) 

Tá oiread capall den scoth ina stábla ag Willie Mullins agus go mbeidh sé deacair aige a dhéanamh amach cé na rásaí ina rithfidh siad – is é an Racing Post Novice Steeplechase is fearr a thugann léiriú air seo.

Nuair a bhuaigh Douvan an chéad rás seilge inar rith sé riamh ar an Uaimh an mhí seo caite, d’fhág sin 6 cinn as a chéile aige, 11/8 an praghas ab airde a bhí as i gceachtar acu – an Supreme Novices Hurdle i Cheltenham i mbliana.

Coinnigh súil ar Ttebbob a bhfuil dhá rása buaite aige do Jessica Harrington le cúpla seachtain agus a bhfuil meall mór airgid gaibhte air sa rása seo ó thug sé an ceann deiridh acu sin leis ar an Uaimh mí ó shin.

Rogha Tuairisc.ie :  Douvan


DÉ SATHAIRN  26ú NOLLAIG    3.10  KEMPTON

KING GEORGE  CHASE   (€190,000) 

Dá rithfí an rás seo ag aon am eile den bhliain, is cinnte go gcuirfeadh   traenálaithe Éireannacha níos mó suime ann, ach i mbliana tá dhá chapall a thraenáiltear sa tír seo sa gcoimhlint ag ceann na ngeall le capall Colin Tizzard, Cue Card. Sin iad Don Cossack, a thraenálann Gordon Elliot do Gigginstown, agus Vatour (Williie Mullins), atá mar rogha na coitiantachta don Cheltenham Gold Cup.

Bheadh buaiteoir an rása sin i mbliana Coneygree san áireamh freisin ach é a bheith gortaithe. An méid sin ar fad amhlaidh ainneoin   Silviniaco Conti a thug an King George leis anuraidh agus athrú anuraidh a bheith ag rith é féin arís.

Is é Don Cossack, a bhfuil 8 de na 9 rás is deireanaí ina raibh sé buaite aige is airde atá ar liosta rangaithe na gcapall seilg-léime in Éirinn agus sa Bhreatain.

Rogha Tuairisc.ie : Don Cossack


DÉ DOMHNAIGH 27ú NOLLAIG    1.15  BAILE NA LOBHAR

PADDY POWE CHASE   (€190,000) 

An rás is mó ina bhfuil duaischiste ag Féile na Bliana seo agus rud nach dtarlaíonn go minic rás ina mbeidh seans ag go leor capaill.

Chuaigh roinnt mhaith airgid ar chapall Henry de Bromhead Sizing Gold tar éis dó críochnú sa 3ú háit i mBaile Phuinse i dtús na míosa in gcaoimhlint a bhuaigh ceann eile de na capaill a bheas sa tóir ar an duais mhór sa rás seo freisin, Sumos Varios.

Cé nach é an talamh bog is fear leis, rinne First Lieutenant go maith agus críochnú sa 3ú háit sa Hennessy Gold Cup cúpla seachtain ó shin, cé gur seans gur ar bhac rása eile a dhíreoidh Mouse Morris,

Rogha Tuairisc.ie : Champagne James


DÉ LUAIN  28ú  NOLLAIG      2.55  BAILE NA LOBHAR

LEXUS CHASE  (€150,000) 

Gur bhain an gortú is deireanaí dó, bhíothas ag súil go meallfaí buaiteoir Choirn Óir Chelteham na bliana seo, Coneygree, chuig an rása seo ar cosúil anois gur ag dhá chapall as Gigginstown Stud agus ag Djackadam, a threanálann Willie Mullins do Mrs Susannah Ricci is fear atá seans. 

Road to Riches a bhuaigh an rás seo anuraidh do Noel Meade agus Michael O’ Leary agus rinne sé amhlaidh nuair a rith sé go deireadh i gCluain Meala. Seans gur capall eile de chuid Gigginstown, Don Poli, a bhuaigh an RSA i Cheltenham an séasúr seo caite a bheas mar rogha na coitiantachta. Mí dár gcionn, bhí sé meata go maith i mBaile Phuinse, ach bhuaigh in Aintree ag tús na míosa.

Rogha tuairisc.ie : Sir Des Champs


DÉ MÁIRT   29ú NOLLAIG      1.25  BAILE NA LOBHAR

RYANAIR HURDLE (€100,000) 

Sa rás seo is minicí a fhaightear léargas ar an gcaoi a dtitfidh rudaí amach sa Champion Hurdle i Cheltenham. Tar éis do Istabraq buachan i mBaile na Lobhar i 1997, ’98 agus ’99, bhuaigh sé an príomh-chliathrás ag an bhFéile thall seacht seachtaine dar gcionn. Rinne Hurricane Fly an ghaisce faoi dhó agus Brave Inca i 2005.

Ní bheidh buaiteoir Champion Hurldle na bliana seo caite i Cheltenham, Faugheen, san iomaíocht i mBaile na Lobhar i mbliana. Is é Willie Mullins a thraenáleann an dá chapall is ísle praghas ag na geallghlacadóirí. Is iad sin Nichols Canyon, a bhuaigh ar Faughenn i mBaile Phuinse an mhí seo caite agus Artic Fire, a chríochnaigh sa dara háit an bhliain seo caite i gCliathrás Seaimpíní Cheltenham agus na hÉireann.

Rogha Tuairisc.ie : Nichols Canyon

Fág freagra ar 'Rasaí capall na Nollag – céard iad na capaill ar cheart súil a choinneáil orthu?'