RÁS AN ÁRAIS: An seans deiridh anocht do na hiarrthóirí… agus an seans deiridh do cheist faoin nGaeilge

Is í díospóireacht teilifíse na hoíche anocht ar RTÉ an deis mhór dheireanach ag na hiarrthóirí eile tuisle a bhaint as an Uachtarán Micheál D Ó hUigínn agus cor gan choinne a chur i scéal thoghchán na huachtaránachta

RÁS AN ÁRAIS: An seans deiridh anocht do na hiarrthóirí… agus an seans deiridh do cheist faoin nGaeilge

Beidh a seans mór deireanach anocht ag iarrthóirí thoghchán na huachtaránachta dul i bhfeidhm ar an bpobal agus mórdhíospóireacht teilifíse á craoladh ar RTÉ.

Níos túisce tráthnóna inniu, craolfar ar TG4 míreanna réamhthaifeadta ‘ceisteanna agus freagraí’ leis na hiarrthóirí go léir.

I mBéarla ar fad nach mór a bheidh na míreanna go léir ar Vóta 2018 seachas na míreanna le beirt Ghaeilgeoirí an rása, Micheál D Ó hUigínn agus Liadh Ní Riada. Meastar go mbeidh ráiteas faoi chúrsaí Gaeilge san áireamh sna giotaí cainte a chraolfar ar an gclár, a bheidh á chur i láthair ag Páidí Ó Lionaird.

Níor cuireadh aon cheist shonrach ar na hiarrthóirí faoina ndearcadh i leith na Gaeilge in aon cheann de na díospóireachtaí a bhí ann go dtí seo idir na hiarrthóirí go léir, agus ní raibh RTÉ sásta a rá le Tuairisc.ie aréir an mbeadh a macasamhail de cheist ann ar dhíospóireacht Prime Time na hoíche anocht, a bheidh á cur i láthair ag David McCullough.

Rinne Conradh na Gaeilge achainí an tseachtain seo caite go mbeadh ceist faoin nGaeilge mar chuid de dhíospóireacht dheireanach an toghcháin. Dúirt urlabhraí ón gclár Prime Time le Tuairisc.ie nach bhféadfadh sé réamheolas a chur ar fáil faoi cheisteanna na hoíche anocht, ach níor chuir sé as an áireamh é go mbeadh plé ann faoi cheist na Gaeilge agus na huachtaránachta.

De réir na bpobalbhreitheanna is déanaí, mura mbainfidh tubaiste mhór éigin d’fheachtas Mhichíl D Uí Uigínn idir seo agus Dé hAoine, lá na vótála, beidh sé ag filleadh ar an Áras don dara téarma seacht mbliana.

De réir na pobalbhreithe is déanaí bheadh tacaíocht 68% den phobal ag Ó hUigínn. Bhí an fear gnó Seán Gallagher sa dara háit sa phobalbhreith sin le 12% agus iarrthóir Shinn Féin Liadh Ní Riada sna sála air agus 9% aici.

6% a bhí ag an Seanadóir Joan Freeman, 3% a bhí ag Gavin Duffy agus 2% a bhí ag an iarrthóir is conspóidí, Peter Casey.

Reachtáladh an phobalbhreith i ndiaidh do Casey aird mhór a tharraingt air féin lena chuid cainte faoin lucht siúil agus ní fios mar sin cén tionchar a bheidh ag an gconspóid sin ar a leibhéal tacaíochta.

B’ionann cuid mhór torthaí na pobalbhreithe is déanaí sin, a rinne RED C do The Sunday Business Post, agus na pobalbhreitheanna eile a foilsíodh ó thús an fheachtais.

Fágann an bhearna mhór idir Ó hUigínn agus na hiarrthóirí eile go mbeidh siad ar a ndícheall anocht ag iarraidh tuisle a bhaint as an Uachtarán agus cor gan choinne a chur i scéal an toghcháin.

Díreofar dá bharr ar cheist an chostais a bhaineann le hÁras an Uachtaráin.

Chuir an Feisire Eorpach Gaeltachta litir chuig Ó hUigínn inné ag iarraidh air soiléiriú a thabhairt maidir le gnéithe den chaiteachas sin, agus go háirithe mar gheall ar an úsáid a bhain sé as scairdeitleán an Rialtais chun taisteal go dtí Béal Feirste.

Dúirt an tUachtarán an tseachtain seo caite gur bhain sé leas as an scairdeitleán chun dul ó thuaidh i gcomhair léacht in Ollscoil na Banríona mí Bealtaine toisc gur cuireadh comhairle air nach bhféadfaí é a bhailiú ag an teorainn “ar chúinsí slándála”.

Chuir an PSNI ráiteas amach ó shin a raibh an chuma air go raibh sé ag teacht salach ar insint an Uachtaráin ar an scéal.

Beidh Vóta 2018 ar siúl anocht ar TG4 ag 7.30pm agus beidh Cathal Mac Coille, colúnaí le Tuairisc.ie, agus Gormfhlaith Ní Thuairisg, craoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta, i stiúideo Bhaile na hAbhann chun scéal an toghcháin go n-uige seo a chíoradh.

Beidh díospóireacht Prime Time ar siúl ag 9.35pm.

Fág freagra ar 'RÁS AN ÁRAIS: An seans deiridh anocht do na hiarrthóirí… agus an seans deiridh do cheist faoin nGaeilge'

  • Carraig

    Rás. ‘Rás an Árais’, Rás an Aráis, Rás an Athráis, Athrás an Ráis, Rás nach Rás ach Athrás, Rás na Nollag, Rás go Bás.

  • Pól Ó Braoin

    Ceist na Gaeilge… hmmm… now cén cheist go baileach é sin… seans nár chuala ar chor ar bith í fad is a bhí mé taobh thiar den chathaoir mhór as bealach na spallaí uilig… hmmm… ceist na Gaeilge… a dhiabhail álainn d’uain caillte…