Ramaphosa le toghadh mar Uachtarán ach meath ar thacaíocht an ANC

Léiríonn torthaí luatha olltoghchán na hAfraice Theas go mbeidh an lá le Cyril Ramaphosa agus an ANC, ach d’fhéadfadh go mbeidh an páirtí i dtaobh leis an vóta is ísle a fuair siad riamh

Ramaphosa le toghadh mar Uachtarán ach meath ar thacaíocht an ANC

Cyril Ramaphosa. Pictiúr: Siyabulela Duda

De réir torthaí luatha thoghchán na Afraice Theas, toghfar athuair Cyril Ramaphosa ina uachtarán ach tá an chuma ar an scéal go bhfuil meath tagtha ar vóta an ANC faoina stiúir.

Tá aithne sa tír seo ar Ramaphosa mar dhuine den bheirt fhear ar leagadh de chúram orthu airm an IRA a scrúdú lena dheimhniú go raibh siad curtha ó mhaith.

Toghadh Ramaphosa ina uachtarán ar an Afraic Theas mí Feabhra seo caite i ndiaidh do Jacob Zuma éirí as mar gheall ar chonspóid faoi chaimiléireacht san ANC.

Agus comhaireamh dulta ar thimpeall leath de na vótaí, bhí sciar 56% den vóta ag an ANC agus saineolaithe den tuairim go bhféadfadh go mbeidh faoi bhun 60% ag an bpáirtí den chéad uair ó tháinig siad i gcumhacht i 1994 nuair a tháinig deireadh leis an gcinedheighilt.

62% den vóta a fuair an ANC faoi Jacob Zuma in 2014.

Ní theastaíonn ach móramh ón bpáirtí chun fanacht i gcumhacht agus chun go mbeadh tréimhse cúig bliana eile ag Ramaphosa mar uachtarán.

Bhí an tUachtarán agus a lucht tacaíochta ag súil go mbeadh bua mór sa toghchán acu a thabharfadh mandáid láidir dó dá sheasamh frithchaimiléireachta agus a chuirfeadh stop leis an meath ar an leibhéal tacaíochta atá ag an bpáirtí.

Tá míshásamh go leor san Afraic Theas mar gheall ar an drochbhail atá ar chúrsaí fostaíochta agus seirbhísí poiblí agus mar gheall ar ráta ard coiriúlachta agus fadhb na caimiléireachta.

Le linn tréimhse chinniúnach sa phróiseas síochána in Éirinn rinne Ramaphosa, a bhí ina rúnaí ginearálta ar an ANC, agus iaruachtatán na Fionlainne Martti Ahtisaari iniúchadh ar stórais airm dhíchomisiúnaithe an IRA.

In 2000, d’fhógair an bheirt imscrúdaitheoirí gur chreid siad go raibh iarracht mhacánta á déanamh ag an IRA ar son phróiseas na síochána.

Fág freagra ar 'Ramaphosa le toghadh mar Uachtarán ach meath ar thacaíocht an ANC'