Raifteirí, Shakespeare agus chuile dhath faoin spéir i dTeach Laighean

Bhí ár gcomhfhreagraí i dTeach Laighean inné chun blaiseadh a fháil d’atmaisféar agus de dhathanna uile na Dála nua

Hildegarde Naughton
Hildegarde Naughton agus í faoi agallamh ag Róisín O’Hara Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

An difríocht idir glas agus corcra? Sin é a bhí ag déanamh tinnis don Teachta Dála, Stephen Donnelly. “Cén difríocht atá idir glas agus corcra?” a d’fhiafraigh an Teachta Donnelly don Gharda ag doras áiléir an lucht féachana sa Dáil inné.

Chuig an diabhal é, arsa mise liom féin, ach chaithfeadh sé go raibh an dream a thug vóta dó ag súil le ceisteanna níos doimhne ná seo.

D’aithin mé ar an nGarda é féin go raibh scairt gháirí ina phluic aige, ach gur chuir a ‘chulaith oifigiúil’ snaidhm ar a theanga.

Seachain a mbeadh muid ag cur an dubh ar an mbán anois; cárta aitheantais a tharraing an chaint. Thug an cárta glas a bhí crochta timpeall do mhuiníl cead isteach duit go Teach Laighean inné ach theastaigh an cárta corca freisin má bhí tú ag iarraidh a dhul ar an áiléar féachana sa Dáil.

Ní raibh ach an cárta glas ag an stócach óg a raibh an Teachta Dála Stephen Donnelly ag iarraidh bealach a thabhairt isteach dó ar an áiléar.

Níl a fhios agam cén réiteach a bhí ar an nglas agus ar an gcorcra, ach an té a ligeadh isteach ar an áiléar, chonaic sé go raibh chuile dhath polaitíochta faoin spéir tagtha isteach i bParlaimint na tíre. Ceart go leor, bhí an dath gorm cineál tréigthe, sin seachas na cultacha gorma a bhí dá gcaitheamh ag beirt bhan.

Beirt le Fine Gael – cé eile a deir tú? –a bhí i gceist.

Beirt bhean Ghaillimheach, Mary Mitchell-O’Connor, an Teachta Dála ó Bhaile Átha Cliath ar as Baile an Mhuillin i nGaillimh ó dhúchas di, agus Hildegarde Naughton an Teachta Dála nuathofa do Ghaillimh Thiar/Maigh Eo Theas. Tar éis a cuid eachtraí tiomána ar chéimeanna shráid Theach Laighean nuair a tháinig an Dáil le chéile i 2011, bhí an Teachta Mitchell-O’Connor ar a sáimhín só an iarraidh seo – ar na suíocháin tosaigh agus a culaith chomh gorm le spéir an lae inné i mBaile Átha Cliath.

Ar na cúlbhinsí a bhí Hildegarde Naugthon ach ní raibh sí ar gcúl nuair a chruinnigh lucht na gceamaraí uirthi.

Moladh ceathrar do phost an Taoisigh: Enda Kenny (Fine Gael), Micheál Ó Máirtín (Fianna Fáil), Gerry Adams (Sinn Féin) agus Richard Boyd-Barrett (AAA/PBP).

Moladh chuile fhear acu go spéir.

Tharraing an Teachta Thomas Byrne véarsaí Raifteirí anuas agus é ag tacú le hainmniúchán Mhichíl Uí Mháirtín. Chaith ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre Joan Burton ancaire níos faide ó bhaile nuair a chuaigh sí i muinín Shakespeare agus í ag déanamh trua dá páirtí féin agus iad fágtha taobh le mór-sheisear anois. Agus a ndicheall déanta acu ar son na tire, a deir sí.

Tá sé thar am ag ‘na dathanna’ traidisiúnta a theacht le chéile, arsa Éamon Ryan, ceannaire an Chomhaontais Ghlais. Mhínigh sé go raibh a athair mór agus a mháthair mhór féin, a mba as iarthuaisceart Chorcaí iad, go fíochmhar ar thaobhanna difriúla de pholaitíocht an Chogaidh Chathartha ach nár stop sin iad ó leathchéad bliain a chaitheamh sa leaba chéanna in éineacht!

I ndiaidh vóta an lae inné caithfidh dream éigean aghaidh a thabhairt ar an leaba. Ní raibh an dath gorm sách tréan do Enda Kenny agus leagadh Micheál Máirtín freisin. Is gearr anois go gcaithfidh na Neamhspleáigh a ndathanna féin a thaispeáint.

Tá seans go raibh dath dearg ar chluasa go leor sa Dáil inné.

Bhí go leor siosctha ann faoi ghrúpa atá, a deirtear, ag déanamh go leor cainte. Sa ghrúpa sin tá Mattie McGrath, Noel Grealish, an Dr Michael Harty, Denis Naughten agus a thuilleadh nach iad, bhféidir.

Más fíor, is i dtreo Fhianna Fáil a bheidís ag dul. An mbeidh tuilleadh Neamhspleách istigh leo sa deiridh? Is díol spéise é go bhfuil Noel Grealish sa ngrúpa seo; dúirt feidhmeannach sa Dáil liom inné go bhfuil Grealish ar an Teachta Dála is mo a bhfuil cairde aige i measc chuile aicme i dTeach Laighean.

Ach ní dóigh go dtabharfaidh Grealish leis an Neamhspleách eile ina thoghcheantar féin dá fheabhas é a ag dul i gcion ar dhaoine. De réir scéil i dTeach Laighean, tá léargas tugtha ag Catherine Connolly ar a cuid dathanna polaitíochta cheana féin; facthas í ag teacht isteach sa Dáil i gcuideachta Clare Daly, Mick Wallace agus Joan Collins inné. Dúradar siúd atá sciliúil sna cúrsaí seo gur leor nod don eolach.

Ach meastú cén chaoi a vótálfaidh muintir Healy-Rae? “Coinneoidh mise súil orthu,” a deir bean óg a bhí taobh linn ar an áiléar. Bhí muid ruainne beag caidéiseach agus níorbh fhada gur thuig muid go mba í Teresa Healy-Rae a bhí an taobh eile dúinn, iníon le Danny Healy-Rae . Mé féin, fear as Loch Garman fear as Cluain Dolcáin i mBaile Átha Cliath agus fear eile nár thug léargas ar bith ar a chontae ná ar a chuid dathanna a bhí sa gcomhluadar.

Tá Teresa ina hiníon léinn i gColáiste i mBaile Átha Cliath agus fonn uirthi a dhul le múinteoireacht amach anseo. Ar ndóigh, chuaigh ceisteanna ina treo. Cén chaoi a bhfaigheann siad an oiread sin vótaí?

“Bhuel”, arsa Teresa “dá ndéanfadh duine soilíos duit nach n-aisíocfá leis é” agus canúint bhlasta Chiarraí ar a cuid cainte. D’inis sí dúinn faoin Teach Ósta i gCill Gharbháin, faoin gcaoi ar tugadh Healy-Rae ar a dream féin. Bhí go leor Healy’s thart agus ainmníodh iad as gabháltais thalúna a bhí acu in áiteacha éagsúla. Is deacair teach tábhairne i mbaile tuaithe a choinneáil beo, a deir sí, ach is mór a chuidíonn an trácht síos agus aníos as Neidín leo. An mbeadh suim ag Teresa sa bpolaitíocht? “Ar ndóigh, is iomaí anonn agus anall sa saol,” a deir sí.

Agus dá ngabhfadh an bhean óg, deabhéasach agus suáilceach seo leis an bpolaitíocht bhí muid uilig den bharúil go bhféadfadh trí chuóta a bheith ag na Healy’s-Rae i gCiarraí.

Idir an dá linn. lean an 158 polaiteoir ildathach ag cur agus ag cúiteamh nó go dtáinig dath dorcha an chlapsholais thimpeall ar Theach Laighean.

Ina dhiaidh sin uilig, cén uair a bheidh rialtas againn?   Tá sé chomh deacair freagra a thabhairt ar an gceist sin is atá sé freagra a thabhairt ar an gceist a cuireadh ar an ngarda ar áiléar na Dála: “Cén difríocht atá idir glas agus corcra?”

 

Fág freagra ar 'Raifteirí, Shakespeare agus chuile dhath faoin spéir i dTeach Laighean'