Raiftearaí, Hercules John Beresford-Knox agus imreoirí Mhaigh Eo

Is fada an lá blas na móiréise agus an ardnóis caite de ag an rugbaí

Raiftearaí, Hercules John Beresford-Knox agus imreoirí Mhaigh Eo

Is dá mbeinnse i mo sheasamh
i gceartlár mo dhaoine
D’imeodh an aois díom
is bheinn arís óg.

Níl baol ar bith ach Antaine Raifteirí a bheith i bPáirc Mhic Éil i gCaisleán an Bharraigh Satharn na seachtaine seo caite nach mbeadh sé ina bhrín óg faoi leath ama.

Ní dóigh ariamh roimhe go raibh oiread de mhuintir Mhaigh Eo bailithe le chéile ag cluiche rugbaí agus a bhí ansiúd nuair a d’imir Connachta agus Cúige Mumhan a chéile.

Is é an t-aon rud faoi go mbeadh an file chomh maol agus chomh cróilí agus atá mé féin faoin am a raibh an imirt déanta – na blianta curtha arís air ag breathnú ar Chonnachta agus iad buailte ar éigean arís eile i gcluiche a d’fhéadfadh a bheith buaite acu.

Agus sin ráite, seans go bhfuil cleachtadh maith ag Raifteirí bocht ar a leithéid ach suim a bheith aige in imeachtaí a chontae sa bPeil Ghaelach!

Cé is moite de thoradh na himeartha ó thaobh Chonnacht de, bhí ócáid an tSathairn chomh maith agus a ceapadh a bheadh – a thrí oiread de shlua i láthair agus a bhí ag aon chluiche eile a d’imir fir an Iarthair ‘ag baile’ ariamh. Bhí timpeallacht na páirce agus go deimhin an bhaile mhóir maisithe le cláracha móra fógraíochta agus le pictiúir de na himreoirí. Bhí gairis a chuireann lasracha san aer timpeall na páirce agus fear an mhicreafóin ag spreagadhis ag cur beochta sa tráthnóna mar a dhéantar ag caitheamh na saighead.

Ar bhus a thaistil mé as baile mór na Gaillimhe. Tá an chathair chéanna sin chomh plódaithe ag muintir Mhaigh Eo go bhfuil faisean ag comrádaí de mo chuid a rá leo gurb ionann acusan é agus mar a bhí ag síol Abraham leis an Tír Tairngire.

Bhí cuid mhaith den bhus fúthu freisin agus ba ghearr a thóg sé orthu a chur ar a súile do ‘Mhaicíní na Gaillimhe’ nárbh é an cluiche chuig a raibh muid ag taisteal an ceangal ba thúisce idir a gcontae agus rugbaí Chonnacht.

Go deimhin is as Caisleán an Bharraigh Jimmy Staunton, Uachtarán Bhrainse Chonnacht den IRFU faoi láthair. As Béal an Átha Willie Ruane, bainisteoir ginearálta na heagraíochta Connacht Rugby agus fear a d’imir don chúige é féin.

As an mbaile céanna an té a raibh geansaí Uimhir 2 Chonnacht air Dé Domhnaigh – Dave Heffernan. Tá beagnach 200 cluiche imeartha aigesean don chúige agus seacht gcinn d’Éirinn. Thart ar an méid céanna imeartha a rinne a chomharsa Gavin Duffy do Chonnachta agus 10 gcinn d’Éirinn. Tá seisean ar fhoireann cóitseála an chúige anois agus rinne sé agallamh ar an taobhlíne sular thosaigh an imirt ar an Satharn.

Ar ndóigh is as Maigh Eo freisin do chaptaen na hÉireann, Caelan Doris.

I saol scaoilte an lae inniu ina bhfuil deireadh cuid mhaith leis an idirdhealú a bhain leis an aicmíocht, is fada an lá blas na móiréise agus an ardnóis caite de ag an rugbaí.

Chomh maith leis siúd d’imir mórán chuile dhuine atá luaite agam go dtí seo na Cluichí Gaelacha ag tráth éicint dá saol – níl sé ach cúpla bliain ó chuaigh Duffy chun páirce do Bhóthar na Trá i gCraobh Shinsearach Peile na Gaillimhe.

Ní baileach go mb’amhlaidh a bhí cúrsaí nuair a bhí Seán Calleary ina fhear óg – an Seán céanna a bhí ina Theachta Dála do Mhaigh Eo ó 1973 go dtí 1992, mar atá a mhac Dara sa lá atá inniu ann. Eisean go deimhin Aire na Gaeltachta.

I gCill Ala a rugadh Seán Calleary agus bhain sé céim innealtóireachta amach in Ollscoil na Gaillimhe lenar imir sé i gComórtas Mhic Shigiúir i dtús na 1950idí.

Togha imreora rugbaí agus sacair ab ea é freisin. Dar ndóigh bhí siad sin ar chuid de na cluichí a raibh bac ag Cumann Lúthchleas Gael orthu ag an am. Mar a rinne cuid mhaith eile nach é, tharraing Calleary ainm eile air féin ag imirt rugbaí agus ba J.J. Kelly a bhí thíos dó ar liosta na n-imreoirí a bhuaigh Corn Sinsir an Chúige don Ollscoil i 1953.

Ar fhágáil an Choláiste dó lean sé air leis an rugbaí faoina ainm féin agus bhí ar fhoireann Chonnacht a bhuaigh ar Chúige Uladh i mBéal Feirste i 1958. Bhí Calleary é féin ina Uachtarán ar chumann rugbaí an chúige in 2006.

Thabharfadh ainmneacha na bhfear as Maigh Eo ba thúisce a roghnaíodh ar fhoirne rugbaí na hÉireann le fios gur bheag de na Cluichí Gaelacha a chleacht siadsan.

Fós bheadh cead ag an gcéad duine a roghnaíodh imirt i gComórtas Peile na Gaeltachta! Ba i nGob a’ Choire a saolaíodh Sir William Watson Pike a fuair cúig chaipín idir 1879 – 1893. Bhí sé ina mháinlia i gCogadh na mBórach agus sa gCogadh Mór ina dhiaidh sin.

I gCathair na Mart a rugadh Glascott Richard Symes a d’imir in aghaidh Shasana in 1895.

Ainm a chuirfeadh an croí trasna in aon tráchtaire rugbaí a bhí ar an tríú duine. Ar bhruach Loch Conn, i Mainistir Ghort na Ráibe in aice le Crois Mhaoilíona a tháinig Hercules John Beresford-Knox ar an saol. Dochtúir ab ea é siúd freisin a d’imir Hercules d’Éirinn deich n-uaire idir 1904- 1908. Bhí sé ar an bhfoireann a thug aghaidh ar an Nua-Shéalainn ar Pháirc Bhóthair Lansdúin i 1905 ar an gcéad chuairt acusan ariamh ar an tír seo.

Ag filleadh abhaile dúinn as Caisleán an Bharraigh Dé Sathairn thaistil muid le hais Chill Aodáin áit ar rugadh Raifteirí. Chuaigh muid thar Ghaileanga agus timpeall ar Chlár Chlainne Mhuiris, áit a raibh faoi an chéad oíche a chaitheamh.

I mBalla Álainn a bhí sé le tús a chur lena chuid óil. Má bhí tú ann ariamh beidh cuimhne agat ar leithead na sráide. Ba tarraingthe le hais an chosáin ansiúd a chonaic muid foireann na Mumhan ag teacht amach as an mbus a bhí acu féin agus ag dul isteach i mbialann.

Ba ghéarchúiseach iad agus áit a roghnú a bhainfeadh an t-ocras agus an tart díobh.

Na céadta bliain sular tosaíodh ag crochadh comharthaí Michelin agus réaltóga taobh amuigh de bhialanna, bhí moladh dá réir tugtha ag an bhfile don áit a raibh siad le suí chun boird.

Bíonn cruithneacht is coirce,
fás eorna is lín ann,
Seagal i gcraobh ann,
arán plúir agus feoil,
Lucht déanta poitín
gan licence á dhíol ann,
Móruaisle na tíre ann
ag imirt is ag ól.

Fág freagra ar 'Raiftearaí, Hercules John Beresford-Knox agus imreoirí Mhaigh Eo'