Rabhadh eile tugtha ag Rees-Mogg faoi cheannaireacht May agus tús curtha le dúshlán an DUP

Tá ráite ag urlabhraí Breatimeachta an DUP Sammy Wilson dá nglacfaí leis an margadh Breatimeachta atá ar an mbord gurbh é críoch agus deireadh na mbeart go mbainfí Tuaisceart Éireann amach as an Ríocht Aontaithe

Rabhadh eile tugtha ag Rees-Mogg faoi cheannaireacht May agus tús curtha le dúshlán an DUP

Tá iarracht eile déanta ag an bhfeisire parlaiminte agus Breatimeachtóir Jacob Rees-Mogg a chomhghleacaithe a ghríosú chun tabhairt faoi cheannaire na dTóraithe Theresa May a dhíbirt.

Ghéill Rees-Mogg tráthnóna go raibh sé an-deacair teacht ar an 48 feisire parlaiminte a dteastaíonn a dtacaíocht chun vóta mímhuiníne a chur síos i gceannaire na dTóraithe.

Dúirt Rees-Mogg nach mbeadh i ndán do na Tóraithe ach an Príomh-Aire a bheith fós ina ceannaire orthu faoi thoghchán 2020 mura ndéanfaí an deis a thapú anois fáil réidh léi.

Beidh Theresa May sa Bhruiséil amárach chun bualadh le Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin, ar mhaithe le bailchríoch a chur ar an margadh Breatimeachta.

Bíodh is go bhfuil an chuma air go bhfuil an baol do May laistigh dá páirtí féin laghdaithe, tá a dúshlán á thabhairt cheana féin ag an DUP roimh vóta na parlaiminte faoin margadh Breatimeachta.

Vótáil feisirí an DUP, ar a bhfuil Rialtas May ag brath, aréir i gcoinne an Rialtais maidir le cúig vóta in Westminster a bhain le cúrsaí buiséid.

Thug urlabhraí de chuid May le fios inniu nach rabhthas ag súil go gcuirfear clabhsúr ar an margadh Breatimeachta ag cruinniú an lae amárach le Juncker, ach gur chéim eile sa phróiseas idirbheartaíochta a bheadh ann.

Idir an dá linn, dúirt urlabhraí Breatimeachta an DUP Sammy Wilson, dá nglacfaí leis an margadh Breatimeachta atá ar an mbord gurbh é críoch agus deireadh na mbeart ná go mbainfí Tuaisceart Éireann amach as an Ríocht Aontaithe.

Dúirt Pedro Sánchez, Príomh-Aire na Spáinne agus a aire gnóthaí eachtracha Josep Borrell, nach dtacódh an Spáinn leis an margadh Breatimeachta mura mbeadh dearbhú cinnte ann nach ndéanfaí aon socrú trádála faoi Giobráltar gan cead Rialtas na Spáinne.

“Ní cuid den Ríocht Aontaithe é Giobráltar. Mar a sheasann cúrsaí faoi láthair, vótálfaidh Rialtas na Spáinne i gcoinne mhargadh an BHreatimeachta,” arsa Príomh-Aire na Spáinne.

Dúirt aire gnóthaí eachtracha na Spáinne Josep Borrell gur léirigh an Breatimeacht a leochailí is atá an Ríocht Aontaithe agus dúirt sé go bhfeiceann sé féin an lá a mbeidh Albain ina tír neamhspleách agus ina ball den Aontas Eorpach.

Dúirt sé gur thúisce a thitfeadh an Ríocht Aontaithe as a chéile ná an Spáinn.

Dúirt sé nár mhaith leis go mbeadh an dara reifreann faoin mBreatimeacht sa Bhreatain.

“B’amhlaidh a bhí in Éirinn, ar a laghad faoi dhó, agus sa Danmhairg. Ní rud é a bhfuil cuma ródhaonlathach air,” arsa Josep Borrell, aire gnóthaí eachtracha na Spáinne. 

Fág freagra ar 'Rabhadh eile tugtha ag Rees-Mogg faoi cheannaireacht May agus tús curtha le dúshlán an DUP'