Prós – Oisín i dtír na nÓg

Ceachtanna idirghníomhacha agus nótaí do phrós na hArdteiste - 'Oisín i dtír na nÓg'

Prós – Oisín i dtír na nÓg

Fuaim

Éist leis an ngiota fuaime seo mar a bhfuil sliocht ón mír próis á léamh os ard.

Gníomhaíocht 1:

  • Déan leath den scéal béaloidis a léamh don duine in aice leat agus déanfaidh sé/sí an leath eile a léamh.
  • Déan focail nach dtuigeann sibh a chuardach ar www.tearma.ie, www.teanglann.ie, www.focloir.ie
  • Ag obair leis an duine in aice leat déan iarracht scéal/teachtaireacht an ghearrscéil a insint.

Gníomhaíocht 2 – Meaitseáil:

Gníomhaíocht 3 – Líon na Bearnaí:

Gníomhaíocht 4– Ceisteanna Ginearálta

  1. Cá raibh na fir ag tús an scéil agus cad a bhí siad a dhéanamh?
  2. Cad é an cur síos a dhéantar ar Thír na nÓg?
  3. Tabhair cuntas ar dhá ghaisce/dhá eachtra laochais de chuid Oisín?
  4. Tabhair cur síos ar dhá rud áibhéalach/áiféiseach a tharlaíonn sa scéal.
  5. Pléigh an ról atá ag Pádraig sa scéal.

Gníomhaíocht 5 – Léirthuiscint, tuairimíocht agus ceapadóireacht

  1. Samhlaigh go bhfuil guthán póca ag Oisín. Cuireann sé glaoch ar Niamh le hinsint di faoin méid a tharla dó. Scríobh an comhrá sin.
  2. Seolann Pádraig tvuít/giolc amach tar éis dó scéal Oisín a chloisteáil. Scríobh an tvuít sin.
  3. Scríobh deich bpointe faoin méid a bhí ar siúl ag Oisín sna blianta fada a chaith sé i dTír na nÓg?
  4. Céard a tharla i ndiaidh an scéil?

Gníomhaíocht 6 – Plé agus Míniú

Déan an méid thíos a léamh agus a phlé leis an duine in aice leat.

Gníomhaíocht 7 – Súil Siar – Ceisteanna Ilrogha

Fág freagra ar 'Prós – Oisín i dtír na nÓg'