Gníomhaíocht 1:
- Déan leath den sliocht a léamh don duine in aice leat agus déanfaidh sé/sí an leath eile a léamh.
- Déan focail nach dtuigeann sibh a chuardach ar www.tearma.ie, www.teanglann.ie, www.focloir.ie
- Ag obair leis an duine in aice leat déan iarracht scéal/teachtaireacht an tsleachta a insint.
Gníomhaíocht 2 – Meaitseáil:
Gníomhaíocht 3 – Líon na Bearnaí:
Gníomhaíocht 4– Ceisteanna Ginearálta
- Déan cur síos ar ról an fhir sa scéal.
- Cad faoi atá an t-alt sa nuachtán?
- Cén ról atá ag bean an tsuirbhé?
- Cén fáth a raibh trua ag an mbean do bhean an tsuirbhé?
- Cén socrú a deineadh eatarthu?
Gníomhaíocht 5 – Léirthuiscint, tuairimíocht agus cumadóireacht
- Téann an fear amach i gcomhair deoch lena chara níos déanaí an oíche sin. Scríobh an comhrá a bheadh acu.
- Tagann bean an tsuirbhé chuig an teach arís. Scríobh an comhrá a bheadh aici leis an mbean.
- Céard a bhí ag cur as don bhean, dar leat?
- Céard a bhí an fear a cheapadh ina intinn féin, meas tú?
- Scríobhadh an gearrscéal seo blianta ó shin. Céard atá an gearrscéal ag rá linn faoi rólanna na bhfear agus na mban ag an am sin?
Gníomhaíocht 6 – Plé agus Míniú
Déan an méid thíos a léamh agus a phlé leis an duine in aice leat.
Tréithe an Ghearrscéil
1) Téama: Tá téama láidir anseo agus cloíonn an t-údar leis ó thús go deireadh.
2) Na Príomhcharachtair: Tugtar léiriú cothrom ar na príomhcharachtair. Tugann an t-údar insint oibiachtúil ar an scéal. Cuirtear na carachtair os árgcomhair go lom, macánta. Fágtar faoin léitheoir féin é breith a thabhairt orthu. Tá comhbhá ag an léitheoir leis an mbeirt acu.
3) Seifteanna litríochta: Úsáideann an t-údar línte filíochta ag tús an ghearrscéil le hatmaisféar a chruthú. Tuigimid ón athrú a thagann ar na línte sin ag deireadh an scéil nach bhfuil feabhas ar bith tagtha ar an gcás.
Gníomhaíocht 7 – Súil Siar – Ceisteanna Ilrogha
Frank
Rinne me thar cionn
Sam
Fair play Frank
Gemima
Maith thú frank