Príomhoide Phobalscoil Ghaoth Dobhair ag éirí as a phost

Tá breis agus dhá scór bliain caite ag Noel Ó Gallchóir i bPobalscoil Ghaoth Dobhair agus rian fágtha aige 'ar mheon is ar intinn, idir leanbh is liath, ina measc, na céadta scoláire a bhí faoi na chúram anuas fríd na blianta'

Noel

Tá sé fógartha ag Bord Bainistíochta Phobalscoil Ghaoth Dobhair go mbeidh Príomhoide na Scoile, Noel Ó Gallchóir, ag éirí as a phost ar an lá deireanach de mhí Lúnasa 2015. Tá 39 bliain caite ag Noel ag teagasc, 38 acu sin sa Phobalscoil, 17 acu mar Phríomhoide, ón mbliain 1998 amach. Beidh 375 scoláire sa scoil i mí Lúnasa seo chugainn agus 35 ball foirne.

Dúirt Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta, Seosamh Ó Duibhir, go raibh éacht déanta ag Noel sa scoil ó 1977 – mar mhúinteoir den scoth (go dtí an lá deireanach) agus mar Phríomhoide a stiúraigh an fhorbairt in achan ghné de shaol na scoile. Thug sé isteach cúrsaí úr na hIdirbhliana (2003), an Ardteist Fheidhmeach (2005), agus Gairmchúrsa na hArdteiste (2000). Bhí torthaí Ardteiste na scoile ar na torthaí is fearr sa tír in 2014. Dúirt sé fosta gur faoina stiúir a tógadh an Halla Spóirt Úr i 2011, na Páirceanna Peile (2002) agus na Seomraí Feistis (2009) agus na seomraí úra uilig a cuireadh leis an scoil. Mhol sé fosta mar a chothaigh sé caidreamh leis an phobal agus mar a bhí áiseanna na scoile ar fáil don phobal i gcónaí. Bhí clú agus cáil ar an Phobalscoil mar cheann de na meánscoltacha lán-Ghaeilge is fearr sa tír le linn do Noel a bheith ann.

Dúirt an tAthair Brian Ó Fearraigh, Séiplíneach na Pobalscoile:

“Tá corradh le dhá scór bliain caite ag Noel i bPobalscoil Ghaoth Dobhair, seacht mbliana déag mar Phríomhoide. Chan amháin go bhfuil lorg a láimhe fágtha aige ar Phobalscoil Ghaoth Dobhair; tá lorg níos doimhne agus níos luachmhara fágtha aige ar mheon is ar intinn, idir leanbh is liath, ina measc, na céadta scoláire a bhí faoi na chúram anuas fríd na blianta.”

Tá aithne mhaith ar Noel le blianta fada mar gheall ar a chuid oibre i gcur chun cinn na Gaeilge agus na drámaíochta. Tá sé ina stiúrthóir ar chomórtas aithriseoireachta ‘An Béal Binn’ óna thús in 1985. Tá sé ina rúnaí ar An Fhéile Scoildrámaíochta Áitiúil agus Féile Uladh ó 1978 agus cuid mhór alt scríofa aige ar an stair áitiúil agus ar an litríocht. Chuir sé saothar a athar, Seán Ó Gallchóir in eagar in 2011 sa leabhar Trasna an Ghaoith. Tugann sé cainteanna do chuid mhór grúpaí a thig go hIar-Thuaisceart Thír Chonaill ar chúrsaí Gaeilge agus bíonn amhránaithe ón Phobalscoil i gcónaí ina chuideachta.

Tá an dráma aonair, Idir Dhá Cheann na hImní, bunaithe ar shaol agus ar shaothar Sheosamh Mhic Grianna (1900-1990), an scríbhneoir Rosannach, léirithe aige in ionaid éagsúla ar fud na tíre le bliain. Beidh an chéad léiriú eile sa Regional Cultural Centre i Leitir Ceanainn ar an Déardaoin, 11 Meitheamh, cuimhneachán 25 bliain bás Sheosaimh. Chaith Seosamh é fhéin a 30 bliain dheireanacha in Ospidéal Naomh Conaill i Leitir Ceanainn.

Dúirt urlabhraí ó Phobalscoil Ghaoth Dobhair:

“An focal deireanach a dúirt Noel le foireann na scoile, ‘Go raibh míle, míle míle maith agaibh uilig’. Go mba hé duit, a Noel. Go raibh míle, míle, míle maith agat féin fosta, as an lorg shuntasach atá fágtha agat ar chúrsaí oideachais inár bpobal, gan trácht ar chúrsaí teanga, liteartha, drámaíochta agus cultúrtha. Ceannródaí agus ceannaire scoile den chéad scoth agus cronófar go mór é. Guíonn muid uilig achan ráth, bláth is beannacht air féin agus a theaghlach. Fad ar do shaol agus laethanta geala agus go mbuanaí Dia thú sna blianta amach romhat agus tú ag leanstan do ‘Bhealach Féin’.”

Fág freagra ar 'Príomhoide Phobalscoil Ghaoth Dobhair ag éirí as a phost'

  • sean o rathaille

    ‘ar an Deardaoin’ a deir na Conallaigh agus cuid dr mhuintir Chonamara agus cuireann se an gomh dearg orm oir is leir na deinid lucht a raite aon mhachnamh ar a mbionn a ra acu.
    An ndearfa ‘ ar an De Ceadaoin’ ……………’ar an De hAoine’ etc???????????
    Ta ‘De’ iontuigthe sa bhfocal ‘De-ardaoin’ cheana fein, rud a chiallaionn gur cheart ‘Deardaoin’ a ra seachas ….ar an D…’ Mar shmapla ; Deardaoin seo chugainn’.
    Sin rud amhain a mhuin Noel O Gallchobhair daoibh ach chuaigh se sa bhfraoch ar chuid mhaith agaibh is leir, no ni raibh sibh ag eisteacht no………………… no is cuma agus is rochuma libh!