Príomh-Eagarthóir nua á lorg do Nuacht RTÉ/TG4 agus tús curtha leis an bpróiseas chun teacht ar chomharba Michael Lally

Tá Michael Lally i gceannas ar Nuacht TG4 ó tháinig ann don stáisiún Gaeilge i 1996

Príomh-Eagarthóir nua á lorg do Nuacht RTÉ/TG4 agus tús curtha leis an bpróiseas chun teacht ar chomharba Michael Lally

Tá tús curtha leis an bpróiseas chun teacht ar chomharba Michael Lally mar Phríomh-Eagarthóir Nuacht RTÉ/TG4.

Tá Michael Lally, arb as an mBóthar Mór i gcathair na Gaillimhe dó, ag éirí as go luath. Tá sé i gceannas ar Nuacht TG4 ó tháinig ann don stáisiún Gaeilge i 1996, nuair a cuireadh meitheal óg nuachta ar bun chun an tseirbhís nua a sholáthar.

Tá go dtí Dé Luain an 23 Aibreáin ag daoine iarratas a dhéanamh ar an bhfolúntas do cheann de na poist is sinsearaí i saol na craoltóireachta Gaeilge agus tá an próiseas teoranta do dhaoine atá fostaithe ag RTÉ cheana.

Tá Príomh-Eagarthóir Nuacht TG4/RTÉ freagrach as an soláthar nuachta agus cúrsaí reatha teilifíse i nGaeilge ar RTÉ agus TG4 agus as an tseirbhís nuachta a chuirtear ar fáil i nGaeilge ar líne. Beidh an té a cheapfar ag tuairisciú do Bhainisteoir Stiúrtha Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ.

Deirtear gur gá “taithí mhór ar chúrsaí eagarthóireachta agus ar an mbainistíocht ar dhaoine agus ar shócmhainní” a bheith ag iarrthóirí ar an bpost “chomh maith leis an gcumas daoine a threorú, a spreagadh agus a mhúscailt”. Is gá, a deirtear freisin, go mbeadh “sárscileana idirchaidrimh agus cumarsáide” ag an té a cheapfar sa phost agus ní foláir “taithí mhór” a bheith aige nó aici ar a bheith i mbun breithiúnas eagarthóireachta a dhéanamh.

Bhí baint ag Michael Lally le roinnt mhaith athruithe ar an tseirbhís nuachta le hos cionn 20 bliain anuas, aistriú feasachán nuachta Gaeilge RTÉ ó Dhomhnach Broc go dtí Baile na hAbhann, mar shampla.

Thug Lally le fios d’fhoireann Nuacht TG4/RTÉ níos túisce i mbliana go mbeadh sé ag éirí as. I dteachtaireacht a sheol sé chuig an bhfoireann ghabh sé buíochas leo as a saothar agus dúirt sé go mbeadh sé ag díriú sa tréimhse atá fágtha aige mar Phríomh-Eagarthór ar an gcaidreamh idir RTÉ agus TG4 a fheabhsú agus a láidriú.

Bhí an caidreamh sin míshocair go maith le tamall agus cainteanna leochaileacha ar bun idir lucht bainistíochta an dá stáisiún faoin gcur chuige a bheadh ag a seirbhísí nuachta Gaeilge amach anseo, ach tá réiteach aimsithe faoi dheireadh ar an easaontas sin faoi chúrsaí nuachta.

Faoin socrú nua rinneadh sna cainteanna a bhí ar bun idir an dá stáisiún le breis is bliain anuas, is é ‘Nuacht RTÉ le TG4’ an branda a bheidh in úsáid feasta ag an bhfeasachán nuachta Gaeilge a bhíonn ar RTÉ One tráthnóna ach beidh na “luachanna” eagarthóireachta céanna is a bhí roimhe seo ag an bhfeasachán a chraolfar ó stiúideo nua TG4 i mBaile na hAbhann.

Dúirt Michael Lally gur phribhléid ab ea é a bheith ag obair le Nuacht TG4 le breis is fiche bliain anuas agus gur údar bróid dó feabhas na hoibre a rinne an fhoireann le linn na tréimhse sin.

Fág freagra ar 'Príomh-Eagarthóir nua á lorg do Nuacht RTÉ/TG4 agus tús curtha leis an bpróiseas chun teacht ar chomharba Michael Lally'