‘An tseachtain ba mheasa de mo ré mar Phríomh-Chonstábla an PSNI.’
Sin mar a chuir Simon Byrne síos ar an tseachtain a tháinig chun críche lena leithscéal poiblí as iompar na bpóilíní agus rabharta cáinte ó dhá thaobh na deighilte faoina cheannas féin ar an tseirbhís.
Slat tomhais ar an tsáinn ina raibh Simon Byrne ab ea é gur dhúirt sé go raibh a fhios aige gur mheas daoine áirithe gur cheart dó éirí as oifig. Bhí sé diongbháilte nach n-éireodh sé as an bpost ach ba léir go raibh sé ag siúl ar thanaí.
Chuir Sinn Féin ina leith gur póilíneacht a bhíonn claonta in aghaidh náisiúnaithe atá sa tseirbhís agus mhaígh an DUP agus an TUV gur léirigh freagra an Phríomh-Chonstábla ar an ngearán sin go raibh sé toilteanach ceap milleáin a dhéanamh d’oifigigh óga agus próisis chuí a chaitheamh i dtraipisí chun Sinn Féin a shásamh.
D’eascair an chonspóid as achrann a tharla nuair a bhris póilíní isteach ar theacht le chéile i gcuimhne na marbh cothrom an lae naoi mbliana fichead ó rinne fir ghunna an UDA ionsaí ar shiopa geallghlacadóra Sean Graham ar Bhóthar Ormeau i mBéal Feirste. Maraíodh cúigear agus goineadh seachtar sa sléacht. Gach bliain bailíonn daoine muinteartha ag an láthair le haghaidh searmanas cuimhneacháin.
Bhí an slua beag Dé hAoine seo caite i ngeall ar phaindéim an Covid-19 ach mheas beirt phóilíní a bhí ag dul thar bráid go raibh srianta á sárú (seisear atá ceadaithe ag a leithéid d’ócáid). D’éirigh idir na póilíní agus Mark Sykes, íobartach a scaoileadh seacht n-uaire san ionsaí i 1992. Gabhadh é agus tógadh ar shiúl é. Scaoileadh saor é taobh istigh de dhá uair an chloig ach bhí dochar déanta.
Scaip pictiúir den eachtra ar na meáin shóisialta. Nuair a chonaic poblachtánaithe agus náisiúnaithe íobartach faoi ghlais lámh bhí alltacht orthu. Baineadh croitheadh as a muinín san PSNI.
Bhí an cur isteach tútach ach bhí sé thar a bheith míthráthúil don PSNI. Cúpla lá roimhe sin sheas póilíní ag faire ar thaispeántas nirt ag paraimíleataigh dhílseacha in oirthear Bhéal Feirste gan faic a dhéanamh. Mháirseáil suas le trí scór fear, le púicíní orthu trí chomharsanacht Pitt Park – chun a gceannas a léiriú, deirtear. Tuairiscítear gur iarr daoine tearmann in ionad pobail le faitíos roimh an bhfaicsean den UVF a bhí ‘ar inlíochtaí’.
Dúirt lucht an tsearmanais chuimhneacháin ag siopa an gheallghlacadóra gur chúis mhíshuaimhnis iontu féin an cur isteach ar a bpaidreacha agus gabháil Mark Sykes. I gcomhthéacs na máirseála in oirthear Bhéal Feirste, áfach, ardaíodh ceisteanna faoi éagothroime agus claontacht. Ní raibh an dearcadh sin teoranta do Bhóthar Ormeau Íochtair.
Dúirt Sinn Féin gur chor cinniúnach é don phóilíneacht. Ba léir chomh feargach is a bhí Michelle O’Neill. Bliain ó shin sheas sí go poiblí leis an bPríomh-Chonstábla ag taispeáint a muiníne san PSNI agus ag moladh do náisiúnaithe óga a dhul isteach sa tseirbhís. Mór idir na haimsirí.
Beagán le cois ceithre huaire fichead i ndiaidh an achrainn ghlac an Príomh-Chonstábla céim neamhchoitianta a léirigh cé chomh buartha is a bhí an PSNI faoin dochar a bhí déanta. Ghair sé nuachtócáid chun leithscéal a ghabháil, d’fhógair sé go raibh duine de na hoifigigh curtha ar fionraí agus malairt dualgais leagtha ar an duine eile. Dúirt Simon Byrne go ndearnadh sin bunaithe ar fhianaise ó na ceamaraí a bhí á gcaitheamh ag na hoifigigh.
Rinne an Príomh-Chonstábla sraith agallamh, bhuail sé go fíorúil le Sinn Féin, an DUP agus an SDLP agus bhí comhráite aige le Naomi Long, an tAire Cirt a dúirt go raibh muinín aici as. Dúirt sí áfach go raibh obair mhór le déanamh chun muinín an phobail a chothú. Braitheann cinniúint Simon Byrne ar a chumas an obair tharrthála sin a dhéanamh.
Pléifear an scéal go mion ag cruinniú Bhord na bPóilíní amárach. Tá fearg ar an DUP faoi leithscéal an Phríomh-Chonstábla agus faoi smachtú na n-oifigeach. Rinne sé ceap milleáin den bheirt gan deis a bheith acu iad féin a chosaint – gan próis chuí agus ag teacht roimh fhiosrú Ombudsman na bPóilíní, dar leo. Rinne ceardchumann na bpóilíní an chasaoid chéanna. Tá iompar an PSNI á cheistiú ag aontachtaithe ó sheas siad i leataobh ag sochraid an phoblachtánaigh, Bobby Storey anuraidh, cuid acu ag maíomh gur thaispeáin siad fabhar do Shinn Féin nó faitíos rompu.
Is fíor go bhfuil an phóilíneacht in aimsir Covid-19 deacair agus nach raibh na rialacha soiléir i gcónaí. Bhí ceisteanna faoin gcaoi ar láimhseáil an PSNI sochraidí poblachtánacha agus dílseacha agus an difríocht mhór idir sin agus ruaigeadh teaghlaigh ó thrá sa samhradh nó fíneálacha a ghearradh ar dhaoine a bhí ag léirsiú in aghaidh an chiníochais. Chothaigh an easpa seasmhachta míshuaimhneas.
Is fíor freisin go mbíonn an phóilíneacht íogair i sochaí dheighilte. Sé dúshlán Simon Byrne déileáil lena chúram ar bhonn comhionannais, an cur chuige a leagadh síos don tseirbhís phóilíneachta nuair a bunaíodh í beagnach fiche bliain ó shin. Tá liosta na mbotún ó ceapadh Byrne bliain go leith ó shin rófhada, caolseans go dtabharfadh sé na sála leis ó thuaiplis eile.
Antóin
Nach ait an mac an saol? Poilíní ag cur isteach ar dhaoine ag urnaí i mBéal Feirste agus SF ag gabháil chun feirge, más fíor, agus an rud céanna ag tarlú i mBaile Átha Cliath, i gCo Lú, i gCo an Chabháin, i gCo Mhaigh Eo agus i gCo Phort Láirge agus SF ina mbéal gan smid.