Preas-aiteas ón Eoraip – Íocfar deontais le déithe díchoimisiúnaithe!

Tá ár gcolúnaí ag teacht isteach ar bhéarlagair na n-institiúidí Eorpacha

maxresdefault

Tuairiscítear gur ‘sásta’ atá toscairí na hÉireann leis an dul chun cinn a rinneadh le linn an chruinnithe mullaigh lae, ‘I dTreo Teaghlach Déithe Comónta don Eoraip’.

Ag labhairt di sa Bhruiséil, dúirt an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphries, T.D., ‘Bíodh is gur mór againn an éagsúlacht, tá an prólaiféarú seo i measc dhéithe na hEorpa ag teacht salach ar spriocanna straitéiseacha comhthreomhara maidir le cuíchóiriú agus comhchuibhiú san Eoraip.’

Luaigh sí sampla Neiptiún, Tiarna na nAigéan; Poseidon, Rí na nUiscí; agus ár ndia mara féin, Manannán mac Lir. Ní hamháin gur diomailt acmhainní atá ina leithéid d’iomadú, a dúirt sí, ach tá baol ann go mbeadh fonn ar dhéithe réigiúnacha stoirmeacha a ardú chun a gcumhacht a léiriú. ‘B’ionann é sin agus loingeas a chur i gcontúirt,’ a dúirt an tAire, ‘agus toirmeasc ar shaorghluaiseacht laistigh den Aontas Eorpach.’

Tá an iarracht seo chun Paintéón Eorpach a chruthú ar an athstruchtúrú is mó a rinneadh ar dhéithe na hEorpa ón uair a ghlac Impire Constaintín na Róimhe leis an aondiachas.

Cheana féin, tá sé le maíomh ag na toscairí go bhfuil meicníocht aimsithe acu chun próisis chomhchinnteoireachta na n-institiúidí Eorpacha a éascú, i.e. ‘an vótáil bhiabhunaithe’.

Fógraíodh Neiptiún, dia de chuid na Rómhánach, ina Dhia Mara Eorpach ar an ábhar gur spaigití carbonara a roghnaigh formhór na dtoscairí don lón. Shéan an tAire Humphries go mbeadh Éire thíos leis an vótáil bhiabhunaithe. ‘D’éirigh linn gealltanas a fháil,’ ar sise, ‘go ndéanfar gach mias a bhfuil prátaí inti a athshainiú ina mias Éireannach feasta.’

Bíodh is gur éirigh go maith leis an chruinniú mullaigh, tá conspóid ann faoi athchriosú talún ar Shliabh Oilimpeas agus faoi scéim chun déithe díchoimisiúnaithe a athlonnú in ionad oidhreachta saincheaptha in aice le Eurodisney, Páras. Bhí léirsiú ar siúl ag scata déithe taobh amuigh d’oifigí Chomhairle na hEorpa inné. Ina measc bhí an tUasal Thor, atá le haistriú óna theach cónaithe in Asgard. ‘Is trom inniu croí Thor,’ a mhínigh sé do thuairisceoirí, ‘trom mar lámh laoich tar éis ár a imirt. Trom mar lámh bádóra tar éis iomramh éachtach. Scalladh cléibh dom méileach miondaoine a chlos. Ní leor do Thor a bheith ina dhia toirní, a deir siad. Ní mór do Thor tabhairt faoi athoiliúint agus cur lena thacar scileanna. Ní mór do Thor a bheith ina dhia uile-aimsire iltascach. Preit! Cuirfidh mé na spéartha ar crith le buillí mo chasúir. Déanfaidh mé lá den oíche le mo chuid splancacha toirní. Dar an bolcán atá i gcrích Lochlann, is iomaí eitilt a chuirfear ar ceal trí dhíoltas Thor!’

Séanann urlabhraithe Eorpacha go bhfuil ‘slad’ le déanamh ar na déithe. Ina áit sin, íocfar deontais le déithe díchoimisiúnaithe, ar aon dul le híocaíochtaí ‘cur i leataobh’ an Chomhbheartais Talmhaíochta. Is féidir, fiú amháin, go gcruthófar roinnt déithe nua d’fhonn méadú ar líon na mban agus líon na ndaoine aeracha sa Phaintéón (cé go bhfuil Angela Merkel i bhfabhar claonadh gnéis dia nó beirt de chuid na Gréige a nochtadh.) ‘Tá solúbthacht ann maidir le seandéithe a athaicmiú ina bpáirtdéithe,’ a dúirt an t-urlabhraí. ‘D’fhéadfaí ‘Dia Sábháilteacht Uisce’ a dhéanamh de Mhanannán mac Lir, cuir i gcás. Táimid ag lorg Dia Athchúrsála agus Dia Cothromaíocht Oibre is Saoil chomh maith.’

 

Fág freagra ar 'Preas-aiteas ón Eoraip – Íocfar deontais le déithe díchoimisiúnaithe!'