Post nua in RTÉ do chainteoir ‘líofa Gaeilge atá cruthaitheach, fuinniúil’

Tá ‘Comhordaitheoir Ábhar Digiteach Gaeilge’ a bheidh freagrach as ábhar Gaeilge a chur ar fáil do RTE.ie á lorg ag an gcraoltóir poiblí

Post nua in RTÉ do chainteoir ‘líofa Gaeilge atá cruthaitheach, fuinniúil’

Tá folúntas fógartha ag RTÉ do phost nua i réimse na Gaeilge agus ‘Comhordaitheoir Ábhar Digiteach Gaeilge’ á lorg acu.

Beidh an té a cheapfar freagrach as ábhar Gaeilge a choimisiúnú agus a chur ar fáil do RTE.ie, do na meáin shóisialta agus d’ardáin dhigiteacha RTÉ.

“Cainteoir líofa Gaeilge atá cruthaitheach, fuinniúil” agus a bhfuil tuiscint aige ar na cineálacha scéalta a thaitneodh le cainteoirí líofa agus cainteoirí ar bheagán Gaeilge araon, atá á lorg ag an stáisiún.

Beidh an té a cheapfar sa phost nua freagrach do Cheannasaí RTÉ.ie agus do Ghrúpcheannasaí Gaeilge RTÉ, Rónán Mac Con Iomaire.

Deir RTÉ gurb í an aidhm atá ag an stáisiún “a chinntiú go mbeidh ábhar Gaeilge fite fuaite i ngach a ndéanann RTÉ ar líne”.

Conradh trí bliana atá á thairiscint ag RTÉ leis an bpost Gaeilge agus idir €44,000 agus €66,000 atá luaite leis.

 

Fág freagra ar 'Post nua in RTÉ do chainteoir ‘líofa Gaeilge atá cruthaitheach, fuinniúil’'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    An dtagann an raidió digiteach faoi scáth ‘ardáin dhigiteacha RTÉ’?

    Cá mhéad stáisiún raidió digiteach atá ag RTÉ anois? – iad uilig ag feidhmiú tré Bhéarla, rté junior radio ina measc (de réir an fhógra a chuirtear amach ar RTÉ raidió a haon).

    Cá huair a fheicfidh muid clár iomlán nuachta tré Ghaeilg ar stáisiún RTÉ1 nó RTÉ2 ar an teilifís? nó an lotto curtha i láthair go hiomlán tré Ghaeilg? nó fógraí Gaeilge? nó clár amháin fhéin go hiomlán tré Ghaeilg – gan aon fotheidil?