Post an Ollaimh le Gaeilge in OÉ Gaillimh le fógairt tar éis fanacht beagnach trí bliana

Beidh agóid á reáchtáil san Ollscoil ag an eagraíocht MISNEACH an tseachtain seo chugainn, mar gheall ar an “gcreimeadh” atá á dhéanamh ar stádas na Gaeilge ar champas na hOllscoile

Post an Ollaimh le Gaeilge in OÉ Gaillimh le fógairt tar éis fanacht beagnach trí bliana

Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil sé i gceist post an Ollaimh le Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, a fhógairt i mí Mhárta na bliana seo, beagnach trí bliana ó d’éirigh an tOllamh Gearóid Denvir as an gcúram sin.

Tuairiscítear go bhfuil tuilleadh brú ar údarás na hOllscoile an folúntas a fhógairt i bhfianaise na conspóide a bhain le cinneadh na bliana seo caite deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge do phost an Uachtaráin sa choláiste.

Idir an dá linn, beidh agóid á reáchtáil ag an eagraíocht MISNEACH in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, an tseachtain seo chugainn, mar gheall ar an “gcreimeadh” atá á dhéanamh ar stádas na Gaeilge ar champas na hOllscoile.

Deir MISNEACH go mbeidh an agóid ar siúl “ar son an dátheangachais” in OÉ, Gaillimh, ollscoil a bhfuil cúram speisialta leagtha uirthi i leith na Gaeilge.

Ghlac an tAire Oideachais Richard Bruton le míniú na hOllscoile ar a gcinneadh deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge agus dúirt go raibh sé “tábhachtach a shonrú” go raibh cead ag an Ollscoil féin deireadh a chur leis an gceangal atá orthu maidir le cumas Gaeilge a bheith ag Uachtarán an choláiste.

Tá sé ina údar imní le tamall de bhlianta anuas i measc lucht na Gaeilge san ollscoil seo i gcathair na Gaillimhe go bhfuil creimeadh á dhéanamh de réir a chéile ar stádas na teanga i ngnóthaí na hollscoile.

Bhíothas buartha go háirithe faoin scéal go bhfuil Roinn na Gaeilge san ollscoil ag feidhmiú gan aon ollamh le Gaeilge le trí bliana acadúla anuas.

Fág freagra ar 'Post an Ollaimh le Gaeilge in OÉ Gaillimh le fógairt tar éis fanacht beagnach trí bliana'

  • Seán Mag Leannáin

    Mar a thuar mé ag an am a rinneadh an cinneadh náireach – go líonfadh siad an post Ollaimh anois mar ghobán do na Gaeilgeoirí.